'Séard atá i gcosaint ná freagracht dleathach na dtuismitheoirí socraithe a dhéanamh agus dualgaisí a chomhlíonadh maidir le tógáil a bpáistí. Tá lánúin phósta láithreach mar chosantóirí comhfhreagracha dá bpáistí. Ní athraíonn scaradh nó idirscaradh é seo.
'Séard atá i gcumhdach ná an cúram laethúil, cónaí agus tógáil na bpáistí atá ag brath ort. Is páistí faoi aois a hocht déag iad na páistí spleách i gcásanna cumhdaigh. I gcásanna scaradh pósta ó dhlí nó idirscaradh, tugtar cumhdach do thuismitheoir amháin de ghnáth. Cónaíonn na páistí go buan leis an tuismitheoir go bhfuil cumhdach aige/aici agus tugtar cead insroichteachta don tuismitheoir eile ag amanna socraithe nó na páistí fanacht leis/léi thar oíche. Is féidir le tuismitheoirí leanacht ar aghaidh agus comhchumhdach a bpáistí a bheith acu i ndiaidh scaradh/idirscaradh agus na páistí an méid céanna ama a chaitheamh le gach tuismitheoir má aontaíonn agus má shocraíonn na tuismitheoirí air seo.
'Séard atá in insroichteacht ná ceart an tuismitheora nach gcónaíonn an páiste leis/léi am a chaitheamh leis an bpáiste sin. Tógann sé seo san áireamh an ceart gur féidir leis an bpáiste fanacht thar oíche anois is arís nó gach ré deireadh seachtaine, nó i rith saoire scoile agus an ceart gur féidir leis an tuismitheoir agus an páiste dul ar laethanta saoire le chéile.
Is féidir leis na tuismitheoirí aontú go neamhfhoirmiúil eatarthu féin ar shocraithe an chumhdaithe agus insroichteacht don pháiste.
Muna dtagann siad ar shocrú, is féidir le aon duine de na tuismitheoirí iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt le teacht ar réiteach faoí cé acu tuismitheoir a bhéas an páiste aige/aici agus cén ceart insroichteachta a bhéas ag an tuismitheoir eile. Is féidir an t-iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dhúiche nó is féidir iarratas do Scaradh Dleathach nó Idirscaradh a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda.
In aon iarratas do chumhdach nó insroichteacht, is é leas an pháiste an factóir is mó a thógfaidh an chúirt san áireamh. Is é cearta an pháiste an bheirt tuismitheoirí a fheiceáil, agus ní stopfar cearta an tuismitheora nach gcónaíonn an páiste leis/léi muna gcreideann an chúirt nach é an rud is fearr don pháiste é. Is féidir leis an gcúirt an t-am, áit agus fad na gcuairteanna insroichteachta a shocrú agus ordú insroichteacht faoi fheitheoireacht a bheith ann má bhíonn duine fásta eile i láthair i rith cuairteanna, má's é seo atá feiliúnach.
Is féidir le duine atá ag iarraidh ordú insroichteachta dul chuig an gcúirt dhúiche áitiúil agus iarraidh ar an gcléireach cúirte iarratas insroichteachta a thabhairt dó/di, le tabhairt don chéile. Tá treoir agus ionadaíocht dleathach molta i gcónaí.
I gcás dlíodóra phríobháideach, déan teagmháil le Cumann Dlí na hÉireann a chuirfidh liosta chugat de na dlíodóirí príobháideacha ar fud na tíre a bhíonn ag deileáil le dlí teaghlaigh.
Le fáil amach an bhfuil tú i dteideal Cabhair Dleathach déan teagmháil leis an mBord Cabhrach Dleathach a chuirfidh liosta chugat de na hionaid dleathacha ar fud na tíre agus ansin téigh chun cainte leis an ionad áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.