Más féidir le lánúin pósta in Éirinn aontú ar na téarmaí ar a mairfidh siad uathu féin, is féidir leo glacadh le Comhaontú Idirscartha. Is é an rud bunúsach a bhaineann le Comhaontú Idirscartha ná gur comhaontú atá ann. Ní mór don bheirt pháirtithe toiliú le téarmaí an chomhaontaithe. Seo mar a leanas na príomh-shaincheisteanna a láimhseáiltear i gComhaontú Idirscartha:
Is conradh ag a bhfuil ceangal dlí atá sa chomhaontú, a leagann síos cearta agus oibleagáidí gach páirtí dá chéile. Is iondúil go dtagtar ar théarmaí an chomhaontaithe trí idirghabháil nó idirbheartaíocht idir aturnaetha.
I gcás idirghabhála, níl ach idirghabhálaí amháin ann a fheiceann an lánúin in éindí. Is é an cuspóir atá le hidirghabháil ná cabhrú le lánúin a rinne cinneadh scaradh aon díospóidí atá eatarthu maidir leis na saincheisteanna lárnacha de chaomhnóireacht agus rochtain ar leanaí, cothabháil agus cearta maoine a réiteach. Má thagtar ar chomhaontú, dréachtóidh an t-idirghabhálaí téarmaí an chomhaontaithe.
Sa chás go ndéantar idirbheartaíocht don chomhaontú idir aturnaetha, ní mór do gach páirtí a n-aturnae féin a bheith acu lena chinntiú go bhfaighidh siad comhairle dlí neamhspleách.
Is éard is cleachtas chomhoibritheach ann ná bealach chun theacht ar réiteach ina n-oibríonn tú féin agus do chéile le dlíodóirí comhoibritheacha. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi chleachtas comhoibritheach sa chuid Tuilleadh faoin ábhar seo den doiciméad seo.
Is minic go dtugtar “Gníomhas Idirscartha” ar an doiciméad arna tharraingt suas agus arna shíniú ag an mbeirt pháirtithe. Nuair a shínítear an comhaontú, is féidir riail chúirte a dhéanamh de trí iarratas a sheoladh chuig an gcúirt. Cinntíonn sé seo gur féidir na téarmaí go léir a aontaítear maidir leis na leanaí a chur i bhfeidhm go dlíthiúil sa chás go bhfuil siad clúdaithe ag reachtaíocht chuí.
Más féidir teacht ar chomhaontú réasúnta tapa idir na páirtithe agus Comhaontú Idirscartha a dhéanamh amach, bíonn sé níos saoire agus ní bhíonn sé chomh strusmhar le cás cúirte a ghlacadh. Cuireann go leor lánúin a n-idirscaradh ar bhonn foirmiúil ar an mbealach seo.
Le fáil amach cibé an bhfuil tú i dteideal Cúnaimh Dhlí, téigh i dteagmháil leis an ionad dlí is gaire duit. Déanfaidh foireann an ionaid dlí measúnú ar do mhaoin agus cuirfidh siad comhairle ort maidir le hincháilitheacht airgeadais. Níl Cúnamh Dlí saor in aisce agus ní mór do gach duine ranníocaíocht a dhéanamh i leith na gcostas. Seo a leanas an íos-ranníocaíocht:
Íoslódáil foirm iarratais le haghaidh Seirbhísí Dlí (pdf) agus tabhair leat í chuig an ionad dlí is gaire duit.
Más mian leat aturnae a cheapadh go príobháideach, coinníonn Dlí-Chumann na hÉireann liosta d’aturnaetha cláraithe ar fud na tíre. Cuardaigh eolaire na ngnólachtaí aturnae ar fud na hÉireann anseo.
Is eagraíocht neamhspleách, deonach atá in FLAC (Ionaid um Chomhairle Dlí Shaor) a fheidhmíonn líonra de chlinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí rúnda, saor in aisce agus oscailte do chách. Téigh i dteagmháil leis an Ionad Faisnéise do Shaoránaigh chun faisnéis a fháil maidir le seirbhísí FLAC i do cheantar. Ritheann FLAC líne faisnéise agus atreoraithe freisin i rith uaireanta oifige i gcomhair faisnéise dlíthiúla bunúsaí.
Tá sraith bileoga bunúsacha curtha ar fáil ag FLAC ar réimsí dlí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith úsáideach. Tá siad seo ar fáil ó d’Ionad Faisnéise do Shaoránaigh agus ó FLAC nó is féidir iad a íoslódáil ó láithreán gréasáin FLAC.
Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire
Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie
13 Sráid Dorset Íochtarach
Dublin 1
Ireland
Teil:+353 (0)1 8745690
Facs:+353 (0)1 8745320
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.