Conas a mheasúnaítear pinsin le linn idirscartha/colscartha/scaoilte

Réamhrá

Nuair a chuireann tú deireadh le do phósadh (nó páirtnéireacht shibhialta nó comhchónaí) trí idirscaradh breithiúnach, colscaradh nó scaoileadh, is féidir leis an gcúirt cinneadh a dhéanamh do shócmhainní a roinnt le d’iarpháirtnéir nó le haon leanaí cleithiúnacha. Déantar é seo lena chinntiú go ndéantar soláthar do gach duine.

Cé gur gnách gurb é teach an teaghlaighan tsócmhainn is luachmhaire, is féidir a mheas freisin gur sócmhainn é do phinsean. Ciallaíonn seo gur féidir leis an gcúirt a ordú go ndéantar do phinsean a roinnt isteach i pé scaireanna a mheasann sé is cuí. Tugtar ordú coigeartaithe pinsin air seo.

Ordú coigeartaithe pinsin

Is éard is ordú coigeartaithe pinsin nuair a ordaíonn an chúirt do phinsean a roinnt le d’iarchéile nó iarpháirtnéir sibhialta, agus (nó) aon chleithiúnaithe, cosúil le leanaí faoi 18 mbliana d’aois.

Mar shampla, má tá pinsean substainteach ag duine amháin, agus mura raibh aon phinsean ag an duine eile a d’oibrigh sa bhaile is féidir leis an gcúirt a ordú go n-íoctar cuid den phinsean leis an duine eile (nó le leanbh cleithiúnach).

Is féidir leis an gcúirt a ordú go ndéantar cuid den chiste pinsin a roinnt agus a chur i gciste pinsin eile in ainm an chéile nó an pháirtnéara shibhialta eile.

Má bhíonn roinnt mhaith socruithe pinsin phríobháidigh ann, déanfaidh an chúirt orduithe coigeartaithe pinsin ar leith, faoi mar a theastaíonn.

Is féidir le horduithe coigeartaithe pinsin baint le comháitritheoirí freisin, ach bíonn na rialacha beagán éagsúil – féach ‘Má chónaigh sibh le chéile ach ní raibh sibh pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta’ thíos.

Leagtar amach an dlí maidir le horduithe coigeartaithe pinsin sna hAchtanna seo a leanas:

  • An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995
  • An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996
  • An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010

Má chónaigh sibh le chéile ach ní raibh sibh pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta

Is féidir le cúirt ordú coigeartaithe pinsin a dhéanamh má thagann deireadh le comhchónaí (ciallaíonn seo nach bhfuil lánúin chomhchónaithe i gcaidreamh a thuilleadh). Murab ionann agus i gcás idirscartha, colscartha nó scaoilte, áfach, ní féidir an t-ordú coigeartaithe pinsin a dhéanamh ach maidir leis an gcomháitritheoir, seachas aon leanaí cleithiúnacha.

Lánúin é lánúin chomhchónaithe a chónaíonn le chéile i gcaidreamh tiomanta agus collaí, nach bhfuil pósta lena chéile agus nach bhfuil i bpáirtnéireacht shibhialta. Bíonn cearta áirithe ag lánúineacha comhchónaithe maidir le réadmhaoin, coimeád leanaí, cothabháil agus oidhreacht. Chun cáiliú do na cearta seo, caithfidh go raibh sibh ag comhchónaí ar feadh ar a laghad 5 bliana (nó 2 bhliainmá tá leanaí cleithiúnacha agaibh le chéile).

Is féidir le lánúineacha nach den ghnéas céanna nó den ghnéas céanna iad a bheith i gceist le lánúineacha comhchónaithe. Is féidir le caidreamh comhchónaithe leanúint de bheith ina chaidreamh ‘collaí’ fiú mura caidreamh gnéasach é.

Tosca a chuirfidh an chúirt san áireamh

Sula ndeonóidh cúirt idirscaradh breithiúnach, colscaradh nó scaoileadh, ba cheart go ndearna gach céile (nó páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir) na hacmhainní airgeadais go léir a nochtadh go hiomlán don duine eile. Áirítear leis seo sonraí iomlána faoi aon phinsean.

Déanfaidh an chúirt breithniú ar na hacmhainní airgeadais go léir atá ar fáil do gach duine sula ndéanfaidh sé ordú coigeartaithe pinsin.

Fiú mura ndéanann an chúirt ordú coigeartaithe pinsin, is féidir leis luach an phinsin a chur san áireamh nuair a bhíonn orduithe airgeadais eile á ndéanamh aici.

Má dhiúltaíonn duine amháin sonraí a bpinsin a nochtadh, is féidir leis an duine eile an t-eolas seo a fháil go díreach ó iontaobhaithe na scéime pinsin. Leagtar seo amach san Acht Pinsean, 1990.

Tar éis go ndeonaítear an t-ordú

Nuair a dheonaíonn cúirt ordú coigeartaithe pinsin, bronntar ar iontaobhaithe scéim pinsin an chéile é. Déanfaidh na hiontaobhaithe na coigeartuithe riachtanacha ansin ar fhorálacha na scéime.

Riarann iontaobhaithe na scéimeanna pinsin nach mór dóibh cloí leis na téarmaí a leagtar amach sa ghníomhas iontaobhais agus sna rialacha. Ní féidir leis na hiontaobhaithe téarmaí an iontaobhais a athrú agus déanann siad soláthar do dhuine atá lasmuigh de scóip na scéime, fiú má iarrann an ball orthu amhlaidh a dhéanamh.

Mar shampla, d’fhéadfaí soláthar a dhéanamh i dtéarmaí iontaobhais do chéile baill (cosúil le pinsean marthanóra), agus beidh seo le híoc le céile dleathach an bhaill, fiú cé go bhféadfadh an ball a bheith scartha ar feadh go leor blianta agus go bhféadfadh páirtnéir nua a bheith acu.

B’fhéidir nach féidir na téarmaí i gcomhaontú idirscartha maidir le pinsin a chur i bhfeidhm in aghaidh na n-iontaobhaithe nó b’fhéidir nach mbeidh siad ina gceangal dlí.

Bíonn pinsin thar a bheith casta, mar sin, ba cheart duit sainchomhairle a lorg maidir le luach pinsin. Is féidir eolas breise a aimsiú ar phinsin anseo.

Conas iarratas a dhéanamh ar ordú coigeartaithe pinsin

Is féidir leis an gcúirt ordú coigeartaithe pinsin a dhéanamh nuair a bhíonn foraithne idirscartha bhreithiúnaigh, cholscartha nó scaoilte á bronnadh aici.

De rogha air sin, is féidir le ceachtar céile iarratas a dhéanamh leis an gcúirt ar ordú coigeartaithe pinsin tar éis gur deonaíodh an fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh, cholscartha nó scaoilte.

Eolas breise

Tá tÚdarás Pinsean freagrach as scéimeanna pinsin a rialáil. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar a láithreán gréasáin chun teacht ar eolas ar conas a d’fhéadfadh idirscaradh nó colscaradh difear a dhéanamh do phinsin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Is é an tÚdarás Pinsean an comhlacht reachtúil atá freagrach as scéimeanna pinsin a rialáil in Éirinn. soláthraíonn sé eolas ar scaradh, colscaradh agus pinsin ar a shuíomh gréasáin. Má bhíonn aon fhiosrúcháin agat maidir le pinsean, déan teagmháil le hAonad Faisnéise an Bhoird;

An tÚdarás Pinsean

Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 613 1900
Lóghlao: 1890 656 565
Facs: +353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: https://www.pensionsauthority.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Eanáir 2022