B'fhéidir go gcuirfeadh an riail faoi Cheapadh Atharthachta as do pháiste nuair a bheidh sé/sí ag éileamh oidhreachta Oidhreacht nó Cothabháil liúntas cothaithe.
Ceaptar sa dlí, na páistí le tuismitheoirí atá pósta lena chéile gur páiste le fear céile na máthar iad. Mar sin féin, beidh ar pháistí nach bhfuil a dtuismitheoirí pósta lena chéile atharthacht a chruthú ionas go bhfaighfidh siad a gcearta cothaithe nó oidhreachta. Níl aon ghá leis seo má adhmhaíonn an t'athair gur eisean an t'athair nó go bhfuil sé ainmnithe mar athair an pháiste ar an Teastas Breithe. Má adhmhaíonn sé atharthacht, is féidir leis a ainm a chur ar an Teastas Breithe ag dáta níos deireanaí.
Má bhíonn an tathair ainmnithe saráitheach faoin atharthacht, bfhéidir go mbeadh sé sásta scrúdú leighis atharthachta a dhéanamh. Muna mbíonn sé sásta, tá sé suas don Chúirt Dhúiche socrú ar atharthacht. Is féidir leis an gcúirt teacht ar a dtuairimí féin mar gheall ar dhiúltú an athar ainmnithe scrúdú fola a dhéanamh. Éistear athchomharcaí in easaontais atharthachta sa gCúirt Chuarda.
Cosnóidh scrúdú fola don mháthair, athair agus páiste timpeall 762 euro, agus cosnóidh scrúdú DNA timpeall 1,143 euro.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.