Orduithe agus comhaontuithe cothabhála

Eolas

Tá freagracht dhlíthiúil in Éirinn ar thuismitheoirí, cibé acu pósta nó neamhphósta, chun leanaí cleithiúnacha a chothabháil agus ar chéilí/pháirtnéirí sibhialta chun a chéile a chothabháil i gcomhréir lena n-acmhainní. Is féidir cothabháil a íoc go tréimhsiúil (i.e. go seachtainiúil nó go míosúil) nó i gcnapshuim. Ní bhronntar cearta rochtana nó caomhnóireachta ar thuismitheoir díreach mar gheall go bhfuil cothabháil a híoc acu.

Faoin Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010, d’fhéadfadh comháithritheoir cáilithe atá neamhspleách ó thaobh airgeadais de, bheith in ann iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna ar ordú cothabhála má chuirtear deireadh leis an gcaidreamh. Léigh ár gcáipéis ar an scéim chúitimh do lánúineacha comhchónaitheacha.

Cothabháil dheonach

I gcásanna ina bhfuil tuismitheoirí nó céilí/páirtnéirí sibhialta idirscartha, féadfaidh siad comhaontuithe neamhfhoirmiúla a dhéanamh maidir le cothabháil. D’fhéadfadh go n-éireodh go geal leis seo sa chás go bhfuil an dá pháirtí réasúnta agus cothrom – ach is deacair measúnú neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar cé mhéid cothabhála is ceart a íoc. B’fhéidir go ndéanfá machnamh ar shuí síos agus na costais féin a scríobh amach (sa tseachtain, sa mhí, etc.). Más deacair duit teacht ar chomhaontú a shásaíonn an dá pháirtí, b’fhéidir go dtabharfá faoi deara gur féidir le hidirghabháil cabhrú leat. Mar mhalairt air sin, féadfaidh gach taobh a gcomhairle dlí féin a fhostú a ghníomhóidh mar idirbheartaí ar chomhaontú. Féadfaidh an dá pháirtí an comhaontú seo a shíniú, ar féidir riail chúirte a dhéanamh de níos déanaí. Ciallaíonn riail chúirte go mbeidh an éifeacht chéanna ag na comhaontuithe seo le hordú cothabhála (féach thíos). Ní féidir le haturnae feidhmiú don bheirt tuismitheoirí sa chás sin, mar gheall go bhféadfadh coimhlint leasa a bheith i gceist.

Is féidir le haistriú maoine nó íocaíocht chnapshuime a bheith i gceist in aontuithe neamhfhoirmiúla ar nós seo, ach ní féidir leis fáil réidh leis an bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála trí na cúirteanna amach anseo.

Orduithe cothabhála

Murar féidir leis na páirtithe comhaontú ar chothabháil, is féidir le ceachtar páirtí iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála sa chúirt. Is féidir iarratas i gcomhair cothabhála a dhéanamh sa Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Chuarda.

Is féidir le duine atá ag lorg ordú cothabhála ionadaíocht a dhéanamh dó nó di féin. Ba chóir do dhuine atá ag lorg ordú cothabhála, áfach, seiceáil i gcónaí an bhfuil siad i dteideal cúnamh dlíthiúil a fháil, nó dul i dteagmháil le haturnae príobháideach chun costas an iarratais a mheas. Is féidir costas an iarratais a thabhairt i gcoinne an pháirtí a bhí ag diúltú cothabháil a íoc má cheapann breitheamh go bhfuil seo cuí.

Tá cothabháil a bhronntar ar pháirtnéir sibhialta ar mhaithe leo féin agus tá cothabháil a bhronntar ar thuismitheoir neamhphósta ar mhaithe lena leanbh. Is féidir cothabháil a bhronnadh ar chéile/páirtnéir sibhialta ar mhaithe leo féin agus/nó ar mhaithe leis an leanbh cleithiúnach atá faoi aois 18 mbliana, nó 23 bliain má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha. Má tá an leanbh os cionn 18 mbliana d’aois agus faoi bhun 23 bliain agus mura ligeann na cúinsí airgeadais dó/di freastal ar bhreis oideachais, féadtar cothabháil a chur i bhfeidhm chun breis oideachais a éascú. Má tá an leanbh faoi mhíchumas meabhrach nó fisiciúil atá chomh dona sin nach bhféadfadh an leanbh é/í féin a chothabháil go hiomlán, ní chuirtear aon aoisteorainn ar an aois a lorgaítear cothabháil chun tacú leo.

Ní mór do gach páirtí a gcuid airgeadais a nochtadh don chúirt, agus déanfaidh an breitheamh cúinsí uile an teaghlaigh a chur san áireamh agus ordú cothabhála á dhéanamh aige/aici.

Ordú cothabhála a fhorfheidhmiú

I gcásanna ina dteipeann ar thuismitheoir/chéile/pháirtnéir sibhialta ordú cúirte a chomhlíonadh agus nach n-íocann sé/sí an méid a dámhadh, féadtar ordú astú tuillimh a lorg ón gcúirt, má tá an duine fostaithe nó má tá pinsean príobháideach á fháil aige/aici. Is éard a eascraíonn as an ordú seo ná go n-asbhaineann fostóir an tuismitheora/an chéile/an pháirtnéara shibhialta suim na cothabhála ag an bhfoinse. Má tá tuismitheoir/céile/páirtnéir sibhialta féinfhostaithe, féadtar iarratas a dhéanamh ar toghairm forfheidhmithe.

Leasaigh an tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 an reachtaíocht chun an chumhacht a thabhairt don Chúirt Dúiche maidir le teip ar thuismitheoir/chéile/pháirtnéir sibhialta chun ordú cúirte a chomhlíonadh mar dhíspeagadh cúirte agus chun déileáil leis dá réir, lena n-áirítear trí phríosúnacht.

Is féidir leis an gCúirt Dúiche, agus ordú cothabhála a dhéanamh, a threorú go ndéanfaí an íocaíocht faoin ordú le Cléireach na Cúirte Dúiche má cheapann an chúirt go mbeadh sé cuí sin a dhéanamh. Is féidir leis an gCúirt Chuarda, mar chuid dá hordú, a threorú go mbeidh ordú cothabhála iníoctha tríd an gCúirt Dúiche. Tá córas íocaíochtaí ag an gCúirt Dúiche atá go hiomlán ríomhairithe chun íocaíochtaí a fhaightear a fháil agus a tharchur.

Cothabháil tar éis idirscartha, colscartha agus díscaoilte

Faoi dhlí na hÉireann, níl aon bhriseadh glan ann ón dualgas atá ar dhuine chun tacú lena chéile/pháirtnéir sibhialta agus lena leanaí. Ní féidir clásal i gcomhaontú idirscartha a luann nach ndéanfaidh céile/páirtí sibhialta cothabháil a lorg amach anseo nó méadú ar chothabháil a lorg a chur i bhfeidhm. Féadfaidh an céile/páirtnéir sibhialta iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála agus déanfaidh cúirt breithniú ar an iarratas seo, go háirithe má tháinig athrú ar chúinsí na bpáirtithe nó mura raibh an chomhairle dlí ag an tráth sin ag an gcéile/bpáirtnéir sibhialta a d’fhorghníomhaigh an comhaontú.

Féadfaidh céile colscartha, ina theannta sin, iarratas a dhéanamh ar chúirt ar ordú cothabhála nó ar leagan d’ordú cothabhála i ndiaidh gur deonaíodh an fhoraithne cholscartha. Ar an gcuma chéanna, féadfaidh iar-pháirtnéir sibhialta iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar ordú cothabhála nó ar leagan d’ordú cothabhála i ndiaidh gur deonaíodh an fhoraithne dhíscaoilte. Is é an t-aon urchosc atá ar iarratas ná athphósadh an chéile/an pháirtnéara shibhialta atá ag lorg an ordaithe nó má iontrálann sé/sí i bpáirtnéireacht shibhialta nua.

Cothabháil ó thar lear

Tá Éire ina páirtí le coinbhinsiúin éagsúla idirnáisiúnta agus tá Rialacháin AE ann chomh maith a éascaíonn cothabháil a aisghabháil ó áiteanna thar lear. Léigh ár gcáipéis ar an An AE agus an dlí teaghlaigh.

Más mian leat cothabháil a fháil ó dhuine a chónaíonn thar lear, déan teagmháil leis an Údarás Lárnach um Aisghabháil Cothabhála sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais – féach ‘Teagmhálaithe’ thíos. Ní mór go bhfuil seoladh agat don pháirtí eile.

Rialacha

Más mian leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh na cúirte faoi ordú cothabhála, féadfaidh tú amhlaidh a dhéanamh laistigh de 14 lá nó iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar shíneadh ama chun achomharc a dhéanamh. Ba cheart duit comhairle dlí a lorg maidir le d’achomharc.

Rataí

Má chomhaontaíonn an dá pháirtí, is féidir an méid cothabhála atá le híoc a chomhaontú idir na páirtithe. Murar féidir leis na páirtithe comhaontú ar an méid cothabhála atá le híoc, beidh gá le hiarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche nó ar an gCúirt Chuarda, ag brath ar an méid cothabhála atá á lorg.

Faoi láthair, is féidir leis an gCúirt Dúiche aon tsuim a mhéid le €500 sa tseachtain a bhronnadh ar chéile/pháirtnéir sibhialta, agus €150 sa tseachtain i gcomhair gach linbh. Má bhíonn suimeanna níos mó ná seo á lorg, beidh ort iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Chuarda.

Méid na cothabhála a athrú

Moltar íocaíochtaí cothabhála seachtainiúla a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Sa chás go ndearnadh orduithe cothabhála trí na cúirteanna, féadfaidh ceachtar páirtí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ag dáta níos déanaí go n-athrófar an méid. (Ciallaíonn athrú go ndéanfaí an méid a mhéadú nó a laghdú). Chun é seo a dhéanamh, teastóidh ordú athraithe uait.

Riaráistí cothabhála

Mura n-íocann tuismitheoir/céile/páirtnéir sibhialta as gach íocaíocht go tráthúil sa chás go bhfuil ordú cothabhála i bhfeidhm, is féidir iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar thoghairm astú tuillimh. Is féidir an t-astú seo a fháil ag an tráth a dhéanann tú an t-iarratas ar an ordú cothabhála má bhíonn imní ort go bhféadfadh go mbeadh mainneachtain ann. (I bhfriotal eile, má bhíonn imní ort go dteipfidh ar an tuismitheoir/céile/páirtnéir sibhialta eile cloí leis an ordú cothabhála). Má tá an tuismitheoir/céile/páirtnéir sibhialta eile féinfhostaithe, féadtar iarratas a dhéanamh ar toghairm forfheidhmithe.

Má chónaíonn an tuismitheoir/céile/páirtnéir sibhialta eile thar lear, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Lárnach um Aisghabháil Cothabhála (féach ‘Teagmhálaithe’ thíos). Ní mór go bhfuil seoladh agat don pháirtí eile. D’fhéadfadh an próiseas seo a bheith fadálach ach is gnách nach mbíonn aon chostais dlí i gceist leis.

Conas Iarratas a dhéanamh

Is féidir le duine atá ag lorg ordú cothabhála dul chuig a gCúirt Dúiche áitiúil agus iarraidh ar Chléireach na Cúirte toghairm chothabhála a eisiúint i leith an chéile eile. Tá fáil ar fhaisnéis ar iarratas a dhéanamh ar chothabháil agus na foirmeacha a úsáidtear ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Moltar i gcónaí comhairle dlí agus ionadaíocht a fháil. Chun fiosrúchán a dhéanamh faoi cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú incháilithe do Chúnamh Dlí, déan teagmháil leis an ionad dlí is gaire duit. Níl cúnamh dlí saor in aisce agus tá ar gach duine ranníocaíocht a íoc i dtreo na gcostas.

Is eagraíocht neamhspleách, dheonach é ICDS (Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce) a oibríonn líonra de chlinicí um chomhairle dhlíthiúil ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún agus saor in aisce do chách. Déan teagmháil leis an Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh is gaire duit chun teacht ar fhaisnéis ar sheirbhísí ICDS i do cheantar. Ina theannta sin, tá líne faisnéise agus atreoraithe á reáchtáil ag an ICDS le linn uaireanta oifige le haghaidh faisnéis bhunúsach dhlíthiúil.

Ma roghnaíonn tú chun aturnae príobháideach a fháil, ba cheart duit a bheith feasach nach ann d’aon ráta seasta muirear le haghaidh táillí dlí. Moltar duit roinnt meastacháin luacha a fháil sula ndéanann tú cinneadh ar ghnóthas dlíthiúil. Tá fáil ar fhaisnéis teagmhála do ghnóthais aturnaetha ar fud na hÉireann ar láithreán gréasáin Dhlí-Chumann na hÉireann.

Teagmháil

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire

Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie

Ionaid Saorchomhairle Dhleathach

13 Sráid Dorset Íochtarach
Dublin 1
D01 Y893
Ireland

Teil:+353 (0)1 874 5690
Lóghlao:1890 350 250
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie

Lárúdarás um Aisghabháil Cothabhála

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Cearnóg an Easpaig
Cnoc Réamainn
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 (0)1 479 0200
Lóghlao:1890 555 509
Facs:+353 (0)1 479 0201
R-phost: mainrecov@justice.ie

Ionaid Saorchomhairle Dhleathach

13 Sráid Dorset Íochtarach
Dublin 1
D01 Y893
Ireland

Teil:+353 (0)1 874 5690
Lóghlao:1890 350 250
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

14 Teach Gandon
Sráid an Mhéara Íochtarach,
IFSC
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 (0)1 670 0120
Lóghlao:1890 252 084
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Contact Form: http://www.treoir.ie/contact-contact.php
R-phost: info@treoir.ie

Page edited: 9 February 2016