Nuair a chliseann páirtnéireacht shibhialta, is féidir leis na páirtnéirí sibhialta scaradh go neamhfhoirmiúil agus maireachtáil scartha óna chéile. Is féidir le cliseadh pháirtnéireacht shibhialta dul i bhfeidhm ar gach réimse de shaol duine agus téann an chuid is mó de dhaoine ar aghaidh chun cúrsaí a rialú eatarthu i gcomhthéacs dlíthiúil. Tá dhá bhealach difriúil ann chun é seo a dhéanamh:
Tagtar ar chomhaontú scartha trí aontú idir na páirtithe agus is féidir comhaontú a bhaint amach ar roinnt bealaí. Ní thugann ach foraithne díscaoileadh amháin díscaoileadh ar an bpáirtnéireacht shibhialta, áfach, agus ceadaíonn sé do gach páirtí pósadh nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nua.
I gcúinsí sonracha, is féidir le cúirt foraithne neamhnithe a bhronnadh. Is é éifeacht an fhoraithne neamhnithe ná go gcinneann an chúirt nach raibh páirtnéireacht shibhialta ann riamh. Tá an dlí i ndáil le neamhniú casta, agus ba cheart duit comhairle dhíthiúil a fháil i gcónaí chun a mheas an bhfuil na cúinsí ann d’iarratas neamhnithe nó nach bhfuil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.