Nuair nach féidir le lanúin aontú ar théarmaí le cónaí óna chéile is féidir le ceachtar den bheirt iarratas a chur ós comhair na Cúirte Ordú ar Scaradh Dleathúil a fháil. Ní mór don Chúirt a bheith sásta:
Déantar iarratas ar Scaradh Dleathúil chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an ArdChúirt. Bíonn na héisteachtaí ar fad príobháideach agus ní féidir le baill den phobal teacht isteach sa seomra Cúirte, bíonn sé seo amhlaidh i gconaí i gcásanna a bhaineann le dlí an teaghlaigh.
Is féidir iarratas ar Scaradh Dleathúil a bhunú ar aon cheann den sé chúis seo a leanas:
Go hiondúil déantar Scaradh Dleathúil a cheadú ar an gcúis deireanach seo, agus mar sin níl aon lucht dhá chur ar cheachtar den bheirt.
Má theastaíonn dlíodóir príobháideach uait déan teagmháil le Cumann Dlí na hÉireann, a chuirfidh liosta ar fáil duit de dhlíodóirí príobháideacha ar fud na tíre a bhíonn ag plé le dlí an teaghlaigh.
Is féidir fáil amach an bhfuil tú i dteideal Cúnamh Dlí saor in aisce má dhéanann tú teagmháil leis an mBord Cúnamh Dlí a chuirfidh liosta de na hionaid dlí ar fud na tíre chugat agus ansin is féidir teagmháil a dhéanamh leis an ionad i do cheantar.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.