Seirbhís í idirghabháil a chuirtear ar fáil le cúnamh a thabhairt do lánúin a bhfuil cinneadh tógtha acu scaradh nó colscaradh nó atá scartha cheana teacht ar a dtéarmaí réitigh féin agus ag an am céanna riachtanais agus leas na ndaoine ar fad atá i gceist a shásamh. Tugann an idirghabháil deis do dhaoine a gcinnithe féin a dhéanamh.
Spreagann an tSeirbhís Idirghabhála don Teaghlach lánúin atá ag scaradh le comhoibriú lena chéile le teacht ar shocruithe a bhfuileadar beirt sásta leo maidir leis na nithe seo a leanas ar fad nó cuid acu:
Cuireann an tSeirbhís Idirghabhála don Teaghlach síos ar ról an idirghabhálaí mar seo a leanas:
Tugann idirghabhálaí oilte proifisiúnta cúnamh don lánúin teacht ar a réiteach féin.
Más mian le lánúin coinne a dhéanamh leis an tSeirbhís Idirghabhála don Teaghlach ní mór don bheirt acu dul i dteagmháil leis an tseirbhís agus cinntiú go bhfuileadar sásta a bheith i láthair.
Bíonn idir dhá agus sé sheisiún i gceist. Maireann gach seisiún uair an chloig nó mar sin.
Go hiondúil bíonn cáipéis scríofa a leagann síos sonraí an réitigh atá déanta ag an lánúin mar thoradh ar an idirghabháil. Is féidir an cháipéis seo a thabhairt chuig na dlíodóirí le Gníomhas Dlíthiúil Scartha agus/nó Ordú Colscartha a chur le chéile.
Nuair atá an lánúin tagtha ar réiteach, ofráiltear seisiún do na tuismitheoirí in éineacht lena bpáistí leis na socruithe nua teaghlaigh a phlé leo.
Ina measc:
Is féidir le lánúin phósta agus neamh-phósta freastal ar an tseirbhís seo.
Níl aon táille le n-íoc ar an tSeirbhís Idirghabhála don Teaghlach.
Más mian le lánúin coinne a dhéanamh ní mór don bheirt acu dul i dteagmháil leis an tseirbhís agus cinntiú go bhfuileadar sásta a bheith i láthair.
I mí na Samhna 2011, aistríodh an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Is féidir leat teacht ar liosta de lánaimseartha agus páirtaimseartha oifigí Seirbhís Eadrána Teaghlaigh, chomh maith le heolas ar an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlach ar ar láithreán gréasáin an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Tá siad freisin bileog ar an tseirbhís.
Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire
Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.