Teach an teaghlaigh agus tithe comhroinnte

Eolas

Déanann an dlí in Éirinn idirdhealú idir teach an teaghlaigh agus teach comhroinnte.

Áit chónaithe an teaghlaigh (lánúineacha pósta)

Ciallaíonn áit chónaithe an teaghlaigh go príomha áit chónaithe ina ngnáthchónaíonn lánúin phósta. Coimeádtar roinnt áiteanna cónaithe teaghlaigh in ainm aonair céile amháin. Ach coimeádtar go leor tithe teaghlaigh in ainmneacha na beirte céilí, áfach, mar chomhthionóntachtmar gheall gur minic gur coinníoll é seo den mhorgáiste a úsáidtear leis an teach a cheannach.

Áit chónaithe chomhroinnte (páirtnéirí sibhialta)

De réir an Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010, is áit chónaithe é áras comhroinnte nó áit chónaithe chomhroinnte ina ngnáthchónaíonn páirtnéirí sibhialta.

Do chearta réadmhaoine má bhíonn tú ag comhchónaí

Má tá sibh  ag comhchónaí (ag cónaí le chéile ach níl sibh pósta) agus má chliseann ar bhur gcaidreamh, is ag an duine a bhfuil an ceart dlíthiúil i leith na háite cónaithe acu a bheidh an úinéireacht ar an réadmhaoin. D’fhéadfadh duine amháin díobh, nó an bheirt agaibh a bheith i gceist leis seo. D’fhéadfadh ceart a bheith ag an duine eile, áfach, sásamh a fháil trí an gcúirt. Chun teacht ar eolas breise, léigh ár leathanach, Cearta réadmhaoine agus cliseadh ar chaidreamh.

Áit chónaithe an teaghlaigh nó áitchónaithe chomhroinnte a chosaint

Tá dlíthe ann le cosc a chur ar chéile nó páirtnéir sibhialta ó áit chónaithe an teaghlaigh nó áit chónaithe chomhroinnte a dhíol, a aistriú nó morgáiste a fháil dó mura n-aontaíonn an céile nó an páirtnéir sibhialta eile leis. Baineann tábhacht ar leith leis seo nuair a choimeádtar an áit chónaithe in ainm céile nó páirtnéara shibhialta amháin.

Is féidir leis an gcúirt an gá a bhaint atá le haontú an duine eile má cheapann siad go bhfuil siarchoinneáil an toilithe míréasúnta. Is féidir leat iarratas a dhéanamh leis na cúirteanna freisin ar ordú chun an céile nó an páirtnéir sibhialta a shrianadh ó aon rud a dhéanamh a d’fhéadfadh do leas nó a leas san áit chónaithe chomhroinnte a laghdú, nó é a dhéanamh mí-oiriúnach le cónaí ann.

Is féidir leat a chur in iúl don Údarás Clárúcháin Maoine gur céile nó páirtnéir sibhialta tú féin le húinéir réadmhaoine. Clárófar fógra chuige sin ansin. Ní ghearrtar aon táille ar an gclárú sin. Ní gá seo a dhéanamh agus mura ndéanann tú é, ní dhéanann sé difear do do chearta mar chéile nó páirtnéir sibhialta.

Ní ghearrtar aon dleacht stampála ná táillí clárlainne chun áit chónaithe teaghlaigh nó áit chónaithe chomhroinnte a aistriú ó ainm duine amháin i bpósadh nó páirtnéireacht shibhialta chuig comhthionóntacht.

Ordú coigeartaithe réadmhaoine

Ceann de na fadhbanna is mó a bhíonn ar lánúineacha/páirtnéirí a bhíonn ag scaradh óna chéile ná céard atá le tarlú do theach a dteaghlaigh/dá dteach comhroinnte. Murar féidir comhaontú a bhaint amach maidir le cé a chónóidh i dteach an teaghlaigh/sa teach comhroinnte agus cé leis iad, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh ina thaobh.

Is gnách go ndéantar iarratas ar ordú i dtaca le teach an teaghlaigh/teach comhroinnte nuair a dhéantar iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh, cholscartha nó dhíscaoilte agus tugtar ordú coigeartaithe réadmhaoine air.

Agus ordú coigeartaithe réadmhaoine á dhéanamh, déanfaidh cúirt breithniú ar gach ceann de chúinsí an teaghlaigh agus cuirfidh siad i gcuntas leas cleithiúnaí céile/páirtnéara shibhialta agus aon leanbh cleithiúnach. Luafaidh an t-ordú cúirte an méid a leanas:

  • Cé aige/aici a bhfuil an ceart chun cónaí i dteach an teaghlaigh/sa teach comhroinnte agus cé chomh fada is féidir leo amhlaidh a dhéanamh
  • Cé aige/aici a bhfuil na cearta úinéireachta i dteach an teaghlaigh/sa teach comhroinnte agus cén sciar ar leis gach céile/páirtnéir sibhialta

Cé aige/aici atá an ceart chun cónaí sa teach agus cé chomh fada is féidir leo cónaí ann?

I gcás lánúin phósta ag a bhfuil clann, is gnách go dtabharfar an ceart don chéile lena gcónaíonn na leanaí chun cónaí i dteach an teaghlaigh go dtí go mbaineann an leanbh is óige 18 nó 23 bliain amach. Féadfaidh seo braistint leanúnachais a chur ar fáil do leanaí atá thíos le scaradh a dtuismitheoirí. Leasaigh Acht na Leanaí agus Teaghlaigh Caidrimh 2015 an reachtaíocht páirtnéireachta sibhialta chun cosaint den chineál céanna do leanaí cleithiúnacha páirtnéirí sibhialta a chur ar fáil.

Féadfaidh an chúirt ordú eisiaimh a dhéanamh maidir leis an gcéile/bpáirtnéir sibhialta atá ag fágáil theach an teaghlaigh/an tí chomhroinnte. Léiríonn ordú eisiaimh go n-aithníonn na cúirteanna nach indeánta do lánúineacha/pháirtnéirí idirscartha cónaí sa teach céanna nó do chéilí/pháirtnéirí sibhialta a fhágann chun eochair a choimeád agus rochtain gan chosc a bheith acu ar an teach. Ní chiallaíonn sé go bhfuil aon iompar neamh-inghlactha ar bun ag na céilí/páirtnéirí sibhialta atá eisiata ón teach.

Cé aige/aici a bhfuil na cearta úinéireachta sa teach agus cén sciar ar leis gach céile/páirtnéir sibhialta?

Is féidir leis an gcúirt a ordú go ndíolfar an teach agus go roinnfear an fáltas go cothrom eatarthu nó go dtugtar an sciar dóibh a mheastar is cóir. Féadfaidh siad a ordú go gcuirtear an díol ar athló ar feadh tréimhse shonrach ama. Féadfaidh siad a ordú go n-aistreofar an teach i gcomhainmneacha nó in ainm duine amháin de na céilí/páirtnéirí sibhialta. Má tá seilbh ar an teach faoi thionóntacht ó údarás áitiúil, féadfaidh siad aistriú na tionóntachta a ordú.

Conas iarratas a dhéanamh

Cibé acu má tá tú ag smaoineamh faoi idirscaradh a fháil nó iarratas a dhéanamh ar fhoraithne cholscartha/dhíscaoilte, moltar duit comhairle dlí a fháil.

Ma roghnaíonn tú chun aturnae príobháideach a fháil, ba cheart duit a bheith feasach nach ann d’aon ráta seasta muirear le haghaidh táillí dlí in Éirinn. Moltar duit roinnt meastacháin luacha a fháil sula ndéanann tú cinneadh ar ghnóthas dlíthiúil. Tá fáil ar fháisnéis teagmhála ar ghnóthais aturnaetha ar fud na hÉireann ar láithreán gréasáin Dhlí-Chumann na hÉireann.

Chun fiosrúchán a dhéanamh faoi cibé acu an bhfuil tú i dteideal cúnamh nó comhairle dlí a fháil ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil, déan teagmháil le d’ionad dlí áitiúil. Déanfaidh foireann an ionaid dlí measúnú ar do mhaoin agus comhairle a chur ort faoi theidlíocht airgeadais. Níl cúnamh dlíthiúil saor in aisce agus tá ar gach duine ranníocaíocht a íoc i dtreo na gcostas.

Is eagraíocht neamhspleách, dheonach FLAC (Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce) a oibríonn líonra de chlinicí um chomhairle dhlíthiúil ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún agus saor in aisce do chách. Déan teagmháil le d’Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil chun teacht ar fhaisnéis ar sheirbhísí FLAC i do cheantar. Ina theannta sin, tá líne faisnéise agus atreoraithe á reáchtáil ag an FLAC le linn uaireanta oifige le haghaidh faisnéis bhunúsach dhlíthiúil.

Teagmháil

Cumann Dlí na hÉireann

Plás Blackhall
Dublin
Ireland

Teil: +353 (0)1 6724800
Facs: +353 (0)1 6724801
Láithreán Gréasáin: http://www.lawsociety.ie

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
V23 RD36
Éire

Teil: 066 947 1000
Lóghlao: 0818 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Feabhra 2023