Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Scaradh, colscaradh agus díscaoileadh > Gnéithe a thugann an cúirt san áireamh i gcásanna scaradh/ colscaradh.

Print Page Send to a Friend

Gnéithe a thugann an cúirt san áireamh i gcásanna scaradh/ colscaradh.

Eolas

Le Foraithne Scartha Dhlíthúil nó Colscartha a cheadú, tá cumhacht ag an gcúirt réimse leathan ordaithe cúntacha a dhéanamh. Is dóibh seo a leanas a bhaineann na gnáth ordaithe cúirte:

  • Cúram agus teacht ar na bpáistí
  • Íocaíochtaí cothaithe agus cnapshuimeanna
  • Úinéireacht ar theach an teaghlaigh
  • Cónaí i dteach an teaghlaigh
  • Úinéireacht ar mhaoin agus ar shócmhainní ar nós scaireanna
  • Cearta pinsin
  • Cearta oidreachta.

Níl aon chaighdeán nó gnáth mhéid d'íocaíochtaí cothaithe socraithe agus faoi mar nach bhfuil aon rud leagtha síos ó thaobh cásanna a dhéanfadh an chúirt ordú ar leith i dtaobh teach an teaghlaigh. Nuair a thugtar san áireamh cad iad na horduithe a dhéanfar i ngach uile cás ar leith, scrúdóidh an chúirt cúrsaí iomlán an teaghlaigh agus díreofar isteach go háirithe orthu seo a leanas:

  • Ioncam, cumas saothrú agus sócmhainní an am i láthair agus faoi mar a bheidh amach anseo ag gach páirtí.
  • Riachtanaisí agus dualgaisí airgeadais an am i láthair agus faoi mar a bheidh amach anseo atá ag gach páirtí.
  • Caighdeán maireachtála an teaghlaigh roimh chliseadh an phósta- tabhairfeadh an chúirt é seo san áireamh, ach go fírinneach glacfar leis gurb amhlaigh a thiteann caighdeán maireachtála na páirtithe i bhformhór na cásanna de bharr iad scaradh óna chéile.
  • Aois na bpáirtithe, an fhad a bhíodar pósta agus an fhad a mhair siad le chéile.
  • Riachtanaisí cóiríochta na páirtithe.
  • An t-ionchur a bhí, agus a d'fhéadhfadh a bheith,ag an mbeirt lánúin ar leas an teaghlaigh - san áireamh tá aon chabhair a tugadh a mhéadaigh ioncam agus achmhainní airgeadais an pháirtí eile.
  • An méid tionchar a bhí ag an bpósadh ar chumas saothrú na bpáirtithe.
  • Iompar na bpáirtithe.
  • Éifeacht aon bhuntáiste a chaill ceachtar páirtí de bharr Scaradh Dhleathúil nó Colscaradh.
  • Cearta aon duine eile a bhí tionchar ag an gcolscaradh air/uirthi.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Pinsin
    Cur síos ar phinsin mar mhaoin agus orduithe ceartú pinsin.
  • Colscaradh
    Cur síos ar foraithne colscaradh agus eile .
  • Foraitheanta díscaoileadh
    Tugann foraithne díscaoileadh cead don dá pháirtí i bpáirtnéireacht shibhialta pósadh nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nua. Caithfear conníollacha speisialta a chomhlíonadh, áfach, sular féidir le cúirt díscaoileadh a bhronnadh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.