Níl na cearta ná na hoibleagáidí dlíthiúla céanna ar lánúineacha comhchónaithe agus atá ar lánúineacha pósta nó páirtnéireachtaí sibhialta i ndlí na hÉireann. Tá impeachtaí tábhachtacha aige seo do roinnt réimsí i do shaol – ina n-áirítear cearta oidhreachtúla, úinéireacht réadmhaoine, cúram agus caomhnóireacht leanaí, uchtú agus altramú. Tá scéim chúitimh do lánúineacha comhchónaithe a bhí i gcaidreamh comhchónaithe fadtéarmach.
Soláthraíonn eolasdoshaoranaigh.ie eolas a theastaíonn uait má tá tú ag pósadh in Éirinn agus thar lear, ina áirítear eolas ar bealaí difriúla dlíthiúla le pósadh, an chaoi a n-athróidh pósadh go stádas dlíthiúil, réamhriachtanais dhlíthiúla do phósadh, ceanglais fhógra, clárú pósta agus pósadh thar lear.
Níl páirtnéireachtaí comhghnéis san áireamh ar shainmhíniú ‘pósadh’ in Éirinn, mar sin ní féidir le lánúineacha comhghnéis pósadh anseo. Tá, mar sin féin, soláthar in Éirinn do chlárú dlíthiúil ar pháirtnéireachtaí comhghnéis mar páirtnéireachtaí sibhialta. Tugann eolasdoshaoranaigh.ie eolas ar an gcaoi a athróidh páirtnéireacht shibhialta do stádas dlíthiúil, réamhriachtanais dhlíthiúla do pháirtnéireachtaí sibhialta, ceanglais fhógra agus clárú pháirtnéireacht shibhialta.
Tá cearta lánúineacha comhghnéis comhchónaitheacha cosúil le cearta lánúineacha ar ghnéis dhifriúla comhchónaitheacha. Féachann ár roinn ar lánúineacha comhchónaitheacha ar ghnéithe ar leith de do shaol le do pháirtnéir. Scrúdaímid freisin saincheist máithreachas ionaid.
Is próiseas deacair agus trámach atá i gcríoch phósadh nó pháirtnéireacht shibhialta. Cabhróigh an t-eolas atá soláthartha ar shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh déileáil le gnéithe praiticiúla difriúla de chliseadh pósadh nó páirtnéireacht shibhialta.
Tá eolas ar fáil ar roghanna dlíthiúla tar éis cliseadh pósadh agus na roghanna dlíthiúla tar éis cliseadh pháirtnéireacht shibhialta, ar nós colscaradh, scaradh breithiúnach, comhaontaithe scartha agus díscaoileadh. Tá eolas freisin ar a tharlaíonn leis an teach teaghlaigh nó an comhtheach agus comhaontaithe cothabhála.
Tá cearta ar leith ag seantuismitheoirí i leith a ngarlinbh chomh maith. Áit a bhfuil deacrachtaí ag seantuismitheoirí teagmháil a choinneáil lena ngarleanbh, faoin Acht Leanaí 1997, is féidir leo cur isteach ar rochtain ar an leanbh tríd an gCúirt Dúiche. Más iad na seantuismitheoirí phríomhchúramóirí an linbh agus níl ceachtar ná an dá thuismitheoir ag coinneáil an linbh go hairgeadúil ar bhealach ceart, is féidir leis na seantuismitheoirí cur isteach chuig an gCúirt Dúiche ar ordú cothabhála. D’fhéadfaí go mbeadh seantuismitheoirí in ann garleanbh a uchtú no a altramú. Áit a mbásann tuismitheoirí gan uacht a dhéanamh ag ceapadh duine chun feidhmiú mar chaomhnóir, is féidir leis na seantuismitheoirí cur isteach ar an gCúirt Dúiche le bheith ina gcaomhnóirí ceaptha. Tá leabhrán foilsithe ag Treoir ar teideal a bheith ann lena n-aghaidh (pdf) do sheantuismitheoirí leanaí nach bhfuil a dtuismitheoirí pósta lena chéile.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.