Faoin Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Cearta agus Oibleagáidí ar Leith do Chomhchónaitheoirí 2010 tá scéim chúitimh bunaithe do lanúineacha ar ghnéis dhifriúla iad atá ag comhchónaí agus nach bhfuil pósta agus nach bhfuil cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta. Soláthraíonn an scéim chúitimh do réimse orduithe cosúil go leathan mar atá ar fáil do lanúineacha pósta nuair a scarann nó a cholscarann siad.
Is í an aidhm ná cosaint a sholáthar do bhall cleithiúnach ó thaobh airgeadais de den lánúin má chuirtear críoch le caidreamh fadtéarmach comhchónaitheach trí bhás nó trí scaradh. Tháinig an tAcht, a thug isteach clárú pháirtnéireacht shibhialta do lanúineacha comhghnéis chomh maith, in éifeacht ar 1 Eanair 201.
Sainmhínítear comhchónaitheoirí san Acht mar dhá aosach ar chomhghnéis nó ar ghnéis dhifriúla iad:
D’fhéadfaí go mbeadh comhchónaitheoir cleithiúnach ó thaobh airgeadais de in ann cur isteach chuig na cúirteanna ar chúiteamh má chuirtear críoch leis an gcaidreamh trí bhás nó eile. Chun cur isteach ar chúiteamh, caithfidh tú a bheith i do chomhchónaitheoir cáilithe, is é sin, caithfidh go raibh tú:
Má tá duine agaibh pósta fós, áfach, d’fhéadfaí nach bhfuil ceachtar agaibh in bhur gcomhchónaitheoirí cáilithe go dtí go bhfuil an duine pósta ina chónaí óna chéile óna c(h)éile do ar a laghad 4 bliana de na 5 bliana roimhe sin – in éifeacht, go dtí go bhfuil sé nó sí i dteideal colscaradh a lorg.
Baineann na socruithe cúitimh leis na comhchónaitheoirí cáilithe sin a gcríochnaíonn a gcaidreamh tar éis thús an Achta ar 1 Eanair 2011, ach d’fhéadfaí go gcuirfí an t-am caite ag comhchónaí lena chéile san áireamh.
Más comhchónaitheoir cáilithe tú, féadfaidh tú cur isteach ar orduithe ar nós orduithe cothabhála, orduithe coigeartaithe réadmhaoine agus orduithe coigeartaithe pinsin agus orduithe gaolmhara ar nós orduithe um astú tuillimh. Féadfaidh tú cur isteach chomh maith go ndéanfaí soláthar ó eastát chomhchónaitheoir básaithe. Níl aon cheart as féin agat na horduithe sin a fháil. Féadfaidh an chúirt a leithéid d’orduithe a dhéanamh má tá sí sásta go raibh tú cleithiúnach ó thaobh airgeadais de ar do pháirtnéir comhchónaithe.
I gcinneadh a dhéananmh, caithfidh na cúirteanna roinnt fachtóirí a chur san áireamh, ina n-áirítear
D’fhéadfaí nach gcuirfeadh a leithéid d’orduithe isteach ar chearta céilí ná iarchéilí. D’fhéadfaí go gcuirfidís isteach ar chearta pháirtnéirí sibhialta nó iar-pháirtnéirí sibhialta.
Go ginearálta, caithfidh tú cur isteach ar a leithéid d’orduithe laistigh de 2 bhliain ó chríoch an chaidrimh ach caithfear iarratas ar sholáthar ó eastát ó pháirtnéir básaithe a bheith déanta laistigh de 6 mhí d’iarratas ar dheonú promháide. Go ginearálta, rachaidh a leithéid d’orduithe i léig agus ní bheidh siad ar fáil a thuilleadh má phósann tú nó má théann tú isteach i bpáirtnéireacht shibhialta.
Féachfar ar chomhaontaithe ar chúrsaí airgeadais idir pháirtnéirí comhchónaithe a bheith bailí má:
D’fhéadfaí go bhfuil foráil nach mbaineann an scéim chúitimh leo san áireamh sa chomhaontú. Tá sé seo difriúil ó chomhaontaithe cosúla ag lánúineacha pósta. Ní féidir le comhaontaithe idir lánúineacha pósta ceart ceachtar páirtí a eisiamh chun cur isteach chuig na cúirteanna d’orduithe ar leith (mar shampla, ordú cothabhála). D’fhéadfaí go gcuirfeadh cúirt comhaontú comhchónaitheora ar leataobh nó é a éagsúlú in gcúinsí eisceachtúla dá dtarraingeodh a fhorfheidhmithe troméagóir. Tá comhaontaithe a ndeachaigh na comhchónaitheoirí isteach iontu roimh thús an Achta forfheidhmithe.
Má tá tú i gcás ina bhfuil imní ort faoi do chearta tar éis cliseadh do chaidreamh comhchónaithe, ba cheart duit comhairle dlí a lorg. Níl táillí abhcóide seasta in Éirinn agus is féidir leo a bheith an-éagsúl. Déan géarsiopadóireacht agus faigh roinnt praghasanna sula ndéanfaidh tú cinneadh ar ghnóthlacht dlíthiúil áirithe. Tá eolas teagmhála d’abhcóidí ar fud na hÉireann ar fáil ar shuíomh gréasáin Dlí-Chumann na hÉireann.
Má tá tú incháilithe do chúnamh agus do chomhairle dlí ón mBord um Chúnamh Dlí caithfidh tú ranníocaíocht a dhéanamh ar chostais. Téigh i dteagmháil leis an ionad dlí is gaire duit d’eolas ar Chúnamh Dlí.
Is eagraíocht neamhspleách, dheonach í ISD (Ionaid Saorchomhairle Dlí) a oibríonn líonra clinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus oscailte do chách. Téigh i dteagmháil leis an Ionad Eolais do Shaoránaigh is gaire duit d’eolas ar sheirbhísí ISD i do cheantar. Ritheann ISD líne eolais agus atreoraithe i rith uaireanta oifige d’eolas dlí bunúsach.
Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire
Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie
13 Sráid Dorset Íochtarach
Dublin 1
Ireland
Teil:+353 (0)1 8745690
Facs:+353 (0)1 8745320
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.