Cearta maoine agus cliseadh ar chaidreamh

Réamhrá

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
V23 RD36
Éire

Teil: 066 947 1000
Lóghlao: 0818 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie

Do chearta réadmhaoine má tá tú pósta

Má ceannaíodh an teach agus má tá d’ainm agus ainm do chéile luaite ar na gníomhais teidil, is comhúinéirí sibh. Tugtar comhthionóntacht air seo freisin. Sa chás seo, is féidir leat féin agus do pháirtnéir aontú leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

•An réadmhaoin a dhíol agus na fáltais (an t-airgead) a roinnt eadraibh i ndiaidh gur íocadh aon chuid den mhorgáiste atá le híoc go fóill

•Sciar do pháirtnéara den réadmhaoin ‘a cheannach amach’ chun go ndéanfar an t-úinéir aonair díot. Má tá morgáiste á íoc ar an áit chónaithe, beidh ar an mbanc aontú leis.

Is tábhachtach a chuimhneamh, má ghlac tú morgáiste le do chéile nó páirtnéir, go mbíonn an bheirt agaibh faoi chomhdhliteanas na híocaíochtaí morgáiste a íoc. Fiú má chuireann do chéile stop le hiad a íoc, tá tú freagrach go fóill as an tsuim iomlán.

Is féidir le hidirghabháil teaghlaighcabhrú leat aontú a dhéanamh le conas a bhainistíonn tú do ghnóthaí nuair a chliseann bhur bpósadh, roinnt bhur sócmhainní san áireamh.

Ní gá gurb úinéir dlíthiúil (tá d’ainm ar na gníomhais teidil) an teaghlaigh tú féin chun go mbíonn ceart dlíthiúil agat i leith na réadmhaoine i ndiaidh go gcliseann ar phósadh. Braitheann gach rud ar na fíricí a bhaineann leis an gcás. Beidh ceisteanna cosúil le ranníocaíocht gach duine (ranníocaíocht airgeadais agus ranníocaíochtaí eile) le teach an teaghlaigh an-tábhachtach.

Ní féidir leat teach an teaghlaigh a dhíol, morgáiste a fháil dó, é a ligean ar léas nó é a aistriú gan toiliú (cead) a fháil ó do chéile. Leagtar seo amach san Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976, arna leasú ag an Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995. Cuirtear a mhacasamhail de chosaint ar fáil d’áit chónaithe chomhroinnte páirtnéirí sibhialta sa reachtaíocht um páirtnéireacht shibhialta. Ní bhaineann na forálacha seo le lánúineacha comhchónaithe.

Ordú coigeartaithe réadmhaoine

Má tá tú pósta agus má tá iarratas á dhéanamh agat ar idirscaradh breithiúnach nó ar cholscaradh, agus mura féidir leat comhaontú leis an méid a dhéanfar leis an teach, déanfaidh an chúirt ordú coigeartaithe réadmhaoine. Tarlaíonn seo nuair a dhéanann an chúirt cinneadh faoin méid a dhéanfar leis an réadmhaoin.

Déanfaidh an chúirt breithniú ar réimse tosca sula ndéanfar ordú coigeartaithe réadmhaoine, ina gcuimseofar do riachtanais airgeadais agus chóiríochta. Ag brath ar na tosca seo, déanfaidh an chúirt cinneadh faoi cén sócmhainní (nó céatadán de na sócmhainní) ar cheart duit féin agus do chéile a fháil.

Comhaontuithe réamhphósta

Comhaontú é comhaontú réamhphósta (ar a dtugtar comhaontú roimh phósadh freisin) idir beirt daoine a bheartaíonn a chéile a phósadh. Baineann sé le réadmhaoin, cothabháil agus socruithe coimeádta i gcás cliseadh pósta.

Caithfidh cúirt a chinntiú go dtugtar an aire cheart do chéilí agus do leanaí nuair a chliseann ar phósadh. Níl comhaontú réamhphósta ina cheangal dlí, ach is féidir leis feidhmiú mar threoir do na cúirteanna maidir leis an méid a bhí ar intinn ag na páirtithe ag tosach an phósta i gcásanna idirscartha bhreithiúnaigh agus colscartha.

Do chearta réadmhaoine mura bhfuil tú pósta

Má tá sibh ag comhchónaí (ag cónaí le chéile ach níl sibh pósta) agus má chliseann ar bhur gcaidreamh, is ag an duine a bhfuil an ceart dlíthiúil i leith na háite cónaithe acu a bheidh an úinéireacht ar theach an teaghlaigh. D’fhéadfadh duine amháin díobh, nó an bheirt agaibh a bheith i gceist leis seo.

Níl tú pósta ach tá d’ainm ar na gníomhais teidil

Má tá bhur n-ainmneacha ar na gníomhais teidil, úinéirí dlíthiúla na réadmhaoine atá ionaibh beirt. Tá oraibh cinntí a dhéanamh le chéile maidir leis an méid a dhéanfar leis an réadmhaoin.

Mura féidir libh comhaontú a dhéanamh, is féidir libh iarratas a dhéanamh ar an gcúirt go ndíolfar an réadmhaoin agus go ndéanfar na fáltais a roinnt, nó beifear in ann ordú a lorg a dhéanann an réadmhaoin a bhriseadh suas. Cheadódh seo do gach páirtí cinneadh a dhéanamh faoin méid a dhéanfar lena sciar. D’fhéadfaí seo a dhéanamh nuair a bhíonn go leor talún bainteach le teach an teaghlaigh, nó má tá breis agus áit chónaithe amháin ann.

Níl d’ainm ar na gníomhais teidil ach rinne tú ranníocaíochtaí leis an teach a cheannach

Cibé acu má tá nó mura bhfuil tú pósta, mura bhfuil d’ainm ar ghníomhais teidil an tí, b’fhéidir go mbeidh tú in ann a thaispeáint go fóill go bhfuil roinnt cearta úinéireachta agat maidir leis an teach.

Bunaítear na cearta seo ar an gcaoi go mb’fhéidir go ndearna tú ranníocaíocht (cibé acu go díreach nó go hindíreach) le praghas ceannaigh an tí agus é ar intinn agat sciar a fháil d’úinéireacht an tí. De ghnáth, más féidir leat a thaispeáint go ndearna tú ranníocaíocht le praghas ceannaigh an tí, beidh tú i dteideal sciar a fháil den teach atá comhionann le méid do ranníocaíochta.

Mar shampla, má d’íoc tú leath an mhorgáiste (agus más ionann an morgáiste agus 90% den phraghas ceannaigh), b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal thart ar 45% d’úinéireacht na réadmhaoine a fháil.

An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010

Leagtar amach san Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 cearta agus cosaintí dlíthiúla áirithe a bhíonn ag lánúineacha comhchónaithe, a d’fhéadfadh ceadú duit sásamh a lorg sna cúirteanna. Chun cáiliú d’orduithe sásaimh, cosúil le hordú coigeartaithe réadmhaoine, caithfidh gur chónaigh lánúineacha comhchónaithe gan leanaí le chéile i gcaidreamh tiomanta agus collaí ar feadh 5 bliana. Má tá leanaí agaibh, is í an tréimhse seo 2 bhliain.

Ní dhéanfaidh cúirt an t-ordú sin ach má bíonn sé sásta go raibh páirtnéir amháin ag brath ar an bpáirtnéir comháitrithe eile ó thaobh cúrsaí airgeadais de.

Comhaontuithe comhchónaithe

Foráiltear san Acht freisin gur féidir le lánúineacha “comhaontú comhchónaithe" a iontráil chun bhur leasanna airgeadais a leagan amach agus chun cinneadh a dhéanamh faoin méid a dhéanfar le sócmhainní áirithe, cosúil le réadmhaoin, dá dtiocfadh deireadh le bhur gcaidreamh.

Is féidir le comhaontú comháitritheora rudaí a dhéanamh níos neamhchasta i gcás cliste. Is féidir le cúirt comhaontú comháitritheora a athrú (gnéithe de a athrú) nó a chur i leataobh faoi chúinsí eisceachtúla ina ndéanfaí éagóir thromchúiseach dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Cad a tharlóidh má bhíonn leanaí bainteach?

Má bhíonn leanaí bainteach, is féidir le cliseadh ar chaidreamh saol duine a athrú. Caithfear é a láimhseáil go híogair lena chinntiú go dtugtar tús áite do shárleasanna na leanaí.

Má bhíonn lánúin phósta le leanaí ag scaradh óna chéile, is minic go mbeidh cead ag an duine a thugann aire do na leanaí an chuid is mó den am fanacht i dteach an teaghlaigh go dtí go mbaineann an leanbh is óige 18 mbliana d’aois amach (nó 23 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha).

Tugtar cosaint do leanaí cleithiúnacha páirtnéirí sibhialta ar an gcaoi chéanna faoin Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015.

Mura féidir leis na tuismitheoirí comhaontú faoi cé leis a gcónóidh an leanbh, is féidir leis an gcúirt orduithe a dhéanamh maidir le coimeád agus rochtain.

Comhairle dlí a fháil

Is tábhachtach comhairle ghairmiúil dlí a fháil sula ndéanann tú aon chinntí maidir le réadmhaoin agus sócmhainní eile.

Is féidir le táillí aturnaetha a bheith an-éagsúil, mar sin, moltar duit an margadh is fearr a chuardach agus roinnt luachana a fháil sula ndéanann tú cinneadh faoi cén t-aturnae ba mhaith leat a úsáid. Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála d’aturnaetha a fháil ar láithreán gréasáin an Dlí-Chumainn.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ionad dlí is gaire duit chun teacht ar eolas ar Chúnamh Dlí. Má tá tú incháilithe do chúnamh agus comhairle dlí a fháil ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil, beidh ort ranníocaíocht a íoc i dtreo na gcostas.

Eagraíocht neamhspleách dheonach iad Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (ICDSAanna) a oibríonn líonra de chlinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus ar oscailt do chách. Déan teagmháil leis an Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh is gaire duit chun teacht ar fhaisnéis ar sheirbhísí ICDSA i do cheantar. Cuireann ICDS líne eolais agus atreoraithe ar fáil freisin i rith uaireanta oifige chun teacht ar eolas bunúsach faoin dlí.

SharedAddress for Legal Aid Board : ID a434c22a731

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Deireadh Fómhair 2021