Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Fadhbanna pósta agus caidrimh eile > Athrú Ainm de réir Gníomhais Aonpháirtí.

Print Page Send to a Friend

Athrú Ainm de réir Gníomhais Aonpháirtí.

Eolas

In Éirinn, tugtar 'Gníomhas Aonpháirtí' ar dhearbhú sínithe a dhéanann duine a chuireann oibligeáid áirithe air nó uirthi ó dháta an tsínithe ar aghaidh. I nGníomhas Aonpháirtí le hainm a athrú déantar ráiteas faoi mhionn nó mionnscríbhinn a dhearbhaíonn go bhfuil tú ag éirí as úsáid do sheanainm, go n-úsáidfidh tú d'ainm nua i gcónaí feasta agus go bhfuil tú ag iarraidh ar chuile dhuine d'ainm nua a úsáid.

D'ainm a athrú tar éis pósadh

Níl aon oibligeáid faoin dlí nó ar aon bhealach eile ar éinne in Éirinn ainm a athrú tar éis pósadh. Is fíor go n-athraíonn roinnt daoine a sloinne mar gurb é an nós é. D'fhéadfadh sé, mar shampla, go mbeidís ag cur in iúl go raibh siad tar éis ceangal le teaghlach nua - ach is rogha sóisialta/ cultúrtha é seo gan aon bhunús dlíthiúil.

Tuilleann tú d'ainm trí úsáid agus iomrá. Mar sin má bhíonn duine ag iarraidh go n-aithneofaí é/í ar a s(h)loinne pósta (nó aon ainm eile), úsáideann sé/sí an t-ainm sin agus iarrann sé/sí ar dhaoine eile é a thabhairt air nó uirthi.

Is é Gníomhas Aonpháirtí an t-aon bhealach amháin le hainm a athrú go dlíthiúil.

In Éirinn siad na teidil 'Iníon' nó 'Uas.' nó 'Bn.' a úsáidtear le stádas pósta nó aonta mná a chur in iúl. Níl aon iachall dlíthiúil ort an teideal cuí a úsáid is cuma pósta nó aonta thú. Ós rud é gur trí úsáid agus iomrá a thuilleann daoine a n-ainm, tá cead ag bean pé teideal is mian léi a úsáid lena hainm. Mar sin, tá cead aici an teideal Bn. a úsáid lena sloinne aonta más shin é a roghnaíonn sí.

Sloinne páiste a athrú

Féadfar sloinne an linbh a athrú ar Chlár na mBreitheanna ach ní dhéantar é sin ach in imthosca speisialta. Mar sin féin, féadfar sloinne an linbh a athrú trí ghníomhas aonpháirtí nó trí úsáid choiteann. Féadfaidh leanaí atá idir 14 agus 17 mbliana d’aois Gníomhas Aonpháirtí a fhorghníomhú iad féin, ach bíonn toiliú ón mbeirt thuismitheoirí ag teastáil. Nuair a bhíonn leanbh faoi bhun 14 bliana d’aois, caithfidh tuismitheoir amháin an Gníomhas Aonpháirtí a fhorghníomhú le toiliú an tuismitheora eile.

Gníomhas aonpháirtí a chlárú

Is fiú d'ainm a athrú le Gníomhas Aonpháirtí mar ansin beidh taifead oifigiúil ann le thú a aithint faoi d'ainm nua feasta. Is féidir é a cheangal le do dheimhniú breithe, is féidir é a úsáid i gcúrsaí riaracháin, agus réitíonn sé go héasca agus gan chostas an chuid is mó de na deacrachtaí a d'fhéadfadh tarlú de bharr d'ainm a athrú.

Féadfaidh tú dhul ag aturnae le Gníomhas Aonpháirtí a réiteach duit nó is féidir leat féin é a dhéanamh.

Má athraíonn tú d'ainm go hoifigiúil in Éirinn le Gníomhas Aonpháirtí liostálfar nó clárófar an t-athrú san Ardchúirt.

Rialacha

IMá bhíonn tú ag brath an Gníomhas Aonpháirtí a dhéanamh tú féin, caithfidh tú féin dul chuig Rannóg na nGníomhas Aonpháirtí, An Phríomhoifig, Na Ceithre Cúirteanna. Ní féidir an t-idirlíon a úsáid leis an tseirbhís seo a fháil. Ós rud é nach mar a chéile aon dá iarratas ar athrú oifigiúil ainm, cuireann foireann an Rannóg Gníomhas Aonpháirtí comhairle agus eolas ar fáil do chuile iarratasóir ar leith.

Ceadúnas um athrú ainm

Faoi réir Ailt 8 agus 9 d’Acht na nEachtrannach 1935, ní mór d’eachtranach atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn ceadúnas um athrú ainm a fháil ó Sheirbhís Eadóirsithe agus Inimirce na hÉireann (INIS) sula ndéanfaidh sé/sí gníomhas aonpháirtí. Féadfaidh tú foirm iarratais um athrú ainm a fháil ach scríobh chuig Rannán Athrú Ainm na Seirbhíse.
Ní gá go mbeadh a leithéid de cheadúnas ag Saoránach de chuid na Breataine ach tá gach seans ann go mbeidh litir ón tSeirbhís á rá sin riachtanach. Uaireanta bíonn a leithéid de litir riachtanach do shaoránach de chuid na hÉireann. Chun a leithéid de litir a fháil ní mór iad seo a leanas a bheith agat:

  • Do theastas breithe (an leagan fada)
  • Do phas
  • Aon cháipéis eile a bhaineann le hathrú eile ar d’ainm, teastas pósta, mar shampla

Tá breis eolais le fáil ar an leathanach nuair is gá ceadúnas um athrú ainm a fháil ar láithreán gréasáin Seirbhíse Eadóirsithe agus Inimirce na hÉireann http://www.inis.gov.ie/.

Rataí

Más tú féin leat féin a dhéanann an Gníomhas Aonpháirtí, beidh ort Stampdhleacht €32 a íoc. D'fhéadfadh sé go ngearrfaí táille bheag ort leis an ráiteas (mionnscríbhinn) a dhéanamh faoi mhionn i láthair Choimisinéir Mionnaí nó aturnae aitheanta. (Ba chóir eolas a iarraidh roimh ré faoin táille seo).

Conas iarratas a dhéanamh

Níl aon fhoirm réamhchlóite ann le hiarratas a dhéanamh ar Ghníomhas Aonpháirtí le hainm a athrú. Ach inseofar duit sa Rannóg Gníomhas Aonpháirtí faoi na focail chuí is gnách a úsáid sa nGníomhas Aonpháirtí Ba chóir na focail seo a úsáid i d' iarratas leis an eolas cuí fút féin a léiriú ar pháipéar gníomhais (atá le fáil i siopaí páipéarachais nó ó d'aturnae).

Nuair a bheidh d'iarratas scríofa síneoidh tú é faoi mhionn i láthair Choimisinéir Mionnaí nó aturnae aitheanta. Ansin beidh ort an t-iarratas agus leagan fada de do theastas breithe a thaisceadh sa Rannóg Gníomhas Aonpháirtí. Ansin caithfidh tú féin go pearsanta na doiciméid sin a thabhairt ar ais ag na Ceithre Chúirteanna (níl sé ceadaithe iad a chur sa phost) agus an Stampdhleacht a íoc.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí fhéachaint ar leabhrán na nIonad Saorchúnamh Dlí Athrú Ainm de réir Gníomhais Aonpháirtí (pdf) agus i mbileog faisnéise na Seirbhíse Cúirteanna Bileog faisnéise: Athrú ainm trí ghníomhas aonpháirtí (pdf).

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Rannóg Gníomhas Aonpháirtí

Príomh-Oifig na hArd-Chúirte
Na Ceithre Chúirteanna
Cé na nÓstaí
Inns Quay
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:(01) 888 6000
Facs:(01) 888 6125
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie/offices.nsf/0/B43B2E45023B633B802573D10045B030?OpenDocument
R-phost: DeedPollQuery@courts.ie

Má tá ceadúnas uait chun d’ainm a athrú cuir iarratas isteach chuig an Rannóg um Athrú Ainm den

Rannán Inimirce

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:Líne chabrach: Déardaoin 10.00rn-12.30ir
Teil:+353 1 616 7700
Lóghlao:1890 551 500
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
R-phost: Immigration_Mail@Justice.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 April 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Breith do Linbh a Chlárú
    Ní mór duit breith do linbh a chlárú laistigh de thrí mhí ón am a rugadh é nó í.
  • Coimisinéirí Mionn
    Cur síos ar na feidhmheanna agus dualgais atá ar Choimisinéirí Mionn
  • Leanaí agus cearta in Éirinn
    Tugann an doiciméad seo eolas ar chearta an linbh i réimsí éagsúla lena n-áirítear oideachas, fostaíocht, taisteal, áineas, sláinte agus caidrimh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.