Faoi An tAcht um Fhoréigean Baile, 1996, tá cumas ag na Gardaí (fórsa póilíneachta na hÉireann) ball foréigneach teaghlaigh a ghabháil. Dé réir an dlí tá dhá príomhchineál cosanta le fáil, ordú sábháilteachta agus ordú urchoisc.
Is ordú cúirte ordú sábháilteachta a chuireann cosc ar dhuine foréigneach ar fhoréigean breise nó ar bhagairt foréigin. Ní bhíonn iallach ar an duine áras an teaghlaigh a fhágáil. Má chónaíonn sibh óna chéile tá cosc orthu ar fhaire a dhéanamh ar d’áras nó bheith cóngarach do d’áras.
Is ordú urchoisc ordú a éilíonn ar an duine foréigneach áras an teaghlaigh a fhágáil. Cuireann sé cosc ar an duine ar fhoréigean breise nó ar bhagairt foréigin, agus ar fhaire a dhéanamh ar d’áras nó bheith cóngarach do d’áras.
Chun ordú urchoisc nó ordú sábháilteachta a fháil ní mór duit freastal ar éisteacht chúirte. Agus tú ag fanacht ar an chúirt le héisteacht le d’iarratas, is féidir leis an chúirt ordú láithreach a thabhairt duit ar a dtugtar ordú cosanta. Is ionann an t-éifeacht leis an ordú cosanta agus ordú sábháilteachta. I gcúinsí eisceachtúil is féidir leis an chúirt ordú urchoisc eatramhach a bhronnadh. Is ordú láithreach é seo, a éilíonn ar an duine foréigneach áras an teaghlaigh a fhágáil.
Is féidir le hordú sábháilte a mhair suas go 5 bliana agus ordú urchoisc suas go 3 bliana. Féadfaidh na horduithe seo a athbhreithniú.
Tá eolas ar líon orduithe a bronnadh ar fáil i Tuarascáil Bhliantúil na Seirbhíse Cúirteanna.
Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, agus más féidir leat léiriú don chúirte go bhfuil do chéile foréigneach i ndóigh ar bith duit nó do na leanaí, is féidir leat ordú a fháil ina aghaidh/haghaidh is cuma cá fhad a raibh sibh in bhur gcónaí le chéile agus fiú más leis/léi iomlán nó cuid den áras.
Ó Lúnasa 2011, mura bhfuil tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, is féidir ordú sábháilteachta a fháil in aghaidh páirtnéir atá foréigneach má tá tú i do chónaí le chéile i caidreamh pearsanta agus tiomanta. Is féidir leat freisin ordú sábháilteachta a fháil in aghaidh duine a bhuil leanbh agat leis/leí, fiú mura bhfuil tú i do chónaí leis an duine nó riamh.
Mura bhfuil tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, is féidir ordú urchoisc a fháil in aghaidh páirtnéir atá foréigneach:
Leagann Alt 6 d’Acht um Fhoréigean Baile 1996 amach gur féidir le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS) ordú urchoisc a iarraidh in aghaidh duine fásta atá foréigneach ar son linbh, má tá nó mura bhfuil an duine sin pósta le tuismitheoir an linbh. Bronnadh 4 ordú urchoisc do FSS in aghaidh daoine foréigneach sa bhliain 2005. Níor bronnadh ordú ar bith do FSS sa bhliain 2006.
Is féidir le tuismitheoir cur isteach ar chosaint in aghaidh foréigean baile a linbh féin má tá an leanbh sin níos mó ná 18. Is amhlaidh a bhronnadh 200 ordú urchoisc agus 86 ordú urchoisc eatramhach do thuismitheoirí in aghaidh leanaí sa bhliain 2006.
Is féidir le daoine eile chur isteach ar ordú, mar shampla, is féidir le beirt ghaol atá ina gcónaí le chéile bheith clúdaithe.
Dianfhorálann dlí na hÉireann go bhfuil duine ar bith a sháraíonn ordú sábháilteachta, urchoisc (nó urchoisc eatramhach) nó cosanta ciontach i gcion. Ina theannta sin, má chuireann duine cosc ort nó ar do chleithiúnaithe ar dhul isteach nó ar chead fhanacht in áit lena mbaineann an t-ordú (agus an t-ordú urchoisc nó urchoisc eatramhach ina éifeacht), tá siadsan ciontach i gcion chomh maith.
Is inphionósaithe faoi fhíneáil €1,904.61 nó faoi théarma príosúin de 12 mhí nó an bheirt acu araon na cionta thuas luaite faoin Acht um Fhoréigean Bhaile 1996. Tá na pionóis seo leagtha síos in Alt 17 den Acht um Fhoréigean Bhaile, 1996. Léiríonn staitisticí ó An Garda Síochána go raibh 1,188 sárú orduithe taifeadta sa bhliain 2005.
Má bhíonn imní ort faoi fhoréigean sa bhaile, ní mór duit dul i dteagmháil le do Stáisiúin na nGardaí Áitiúil. Tá oiliúint ar leith ag baill na nGardaí le plé leis na cásanna seo agus thig leo comhairle, eolas agus cúnamh a thabhairt.
Is féidir le do Lárionad Eolais do Shaoránaigh áitiúil eolas a thabhairt duit ar eagraíochtaí a sholáthróidh tacaíocht duit. Mar shampla, is iad Women’s Aid agus Amen Support Services a leithid d’eagraíochtaí seo.
Is eagraíocht deonach é Woman’s Aid a thugann tacaíocht agus eolas do mhná agus dona leanaí a n-imrítear drochíde fhisiceach, mhothúchánach agus ghnéasach orthu ina sa bhaile. Más bean thú atá i do chónaí i gcás foréigneach, ní mór duit dul i dteagmháil le Líne Chabhrach Women’s Aid ar 1800 341900.
Is eagraíocht deonach é Amen Support Services a thugann líne chabhrach atá faoi rún, seirbhís tacaíochta agus eolas d'íospartaigh fhireannach fhoréigean bhaile. Thig leat dul i dteagmháil le Amen Support Services trí ghlaoch a chur ar (046) 902 3718.
Chun chur isteach ar ordú urchoisc nó ar ordú sábháilteachta ní mór duit dul chuig do Oifig Chúirt Dúiche áitiúil. Má tá tú i do chónaí i gCathair Bhaile Átha Cliath ní mór duit dul chuig Oifig um Dlí Teaghlaigh Chathair Bhaile Átha Cliath (Féach ‘Áit chun chur isteach’ thíos). Thig leat dul chuig Oifigí Cúirte Dúiche Chathair Bhaile Átha Cliath i Sord nó i nDún Laoghaire má tá siad níos cóngaraí duit.
Agus Oifig na Cúirte Dúiche bainte amach agat, cuideoidh Cléireach na Cúirte Dúiche leat leis an fhoirm cheart a líonadh.
Má tá tú ag cur isteach ar ordú urchoisc nó ordú sábháilteachta socróidh cléireach na cúirte dáta cúirte le haghaidh chúirt éisteachta. Tógfar do thoghairm don éisteacht cúirte duit ag am d'iarratais. Seolfar toghairm chuig an fhreagróir trí ghnáthphost. Is é an freagróir an duine óna bhfuil cosaint de dhíth ort nó ar mian leat urchoisc a chur ó d’áras.
Agus tú ag fanacht ar dhul os comhair na cúirte chun ordú urchoisc nó ordú sábháilteachta a fháil, thig leat ordú cosanta nó ordú urchoisc eatramhach a fháil láithreach. Má maith leat ordú cosanta nó ordú urchoisc eatramhach éistfidh Breitheamh na Cúirte Dúiche do chás ar an lá a chuireann tú d’iarratas isteach ar ordú urchoisc nó ordú sábháilteachta.
Mura maith leat ordú cosanta nó ordú urchoisc eatramhach láithreach is féidir leat ceann acu a iarraidh ag am ar bith roimh éisteacht do cháis le haghaidh ordú urchoisc nó ordú sábháilteachta.
Nuair a fhaigheann tú d’ordú urchoisc, ordú sábháilteachta, ordú cosanta nó ordú urchoisc eatramhach taispeánann tú do na Gardaí é i do Stáisiún na nGardaí áitiúil. Ná tabhair dóibh d’ordú (thig leat cead a thabhairt dóibh fótachóip a dhéanamh de) Seolfar cóip do d’ordú chuig Cheannfort do Stáisiún na nGardaí áitiúil trí phost cláraithe an lá dar gceann.
Cuirtear ordú sábháilteachta, ordú urchoisc, ordú urchoisc eatramhach nó ordú cosanta i gcrith ón am a gcuirtear an t-ordú in iúl don fhreagróir Thig leis seo bheith déanta de bhriathar, in éineacht le cóip an ordaithe a thabhairt. Má bhíonn an freagróir sa chúirt ag am a ndéantar an t-ordú glactar leis go bhfuil sé curtha in iúl don fhreagróir. Seolfar cóip den ordú chuig an fhreagróir trí ghnáthphost. I gcásanna áirithe, is féidir leis an Breitheamh na Gardaí a threorú leis an ordú ‘a seirbheáil’ ar an fhreagróir. Ciallaíonn sé seo go dtabharfaidh na Gardaí an t-ordú go díreach i lámh an fhreagróra.
15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie
Teach Everton
47, Seanbhóthar na Cabraí
Dublin
Ireland
Teil:+353 (0)1 8684721
Facs:+353 (0)1 8684722
Láithreán Gréasáin: http://www.womensaid.ie
R-phost: info@womensaid.ie
Ionad Acmhainní Naomh Áine
Sráid an Iarnróid
An Uaimh
An Mhí
Éire
Teil:+353 (0)46 9023718
Facs:+353 (0)46 9076864
Láithreán Gréasáin: http://www.amen.ie
R-phost: info@amen.ie
Urlár na Talún Teach Dolphin
Sráid Essex Thoir
Dublin 2
Ireland
Teil:+353 (0)1 8886348
Facs:+353 (0)1 6717903
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie/offices.nsf/6501643ba9c14a9680256e43003d68a4/03ba94ff0ad804d680256e45005861bd?OpenDocument
R-phost: districtfamilylaw@courts.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.