De réir Daonáireamh 2006 bhí 162,551 bean agus 26,689 fear ina dtuismitheoirí aonair in Éirinn. Bionn tuismitheoirí ina n-aonar ar chúiseanna éagsúla.. D’fhéadfadh sé tarlú tar éis bás céile nó páirtí, tréigean nó príosúnacht . Féadfaidh teaghlach aontuismitheora a bheith ann de thoradh idirscartha, colscartha nó neamhniú pósta chomh maith. D’fhéadfadh tuismitheoireacht aonair tarlú de thoradh toircheas nach raibh duine ag súil leis. Cibé cúis atá leis, d’fhéadfá a bheith i dteideal réimse sochar agus teidlíochtaí. I dteannta leis, ba chóir duit eolas a bheith agat faoi shainceisteanna dlíthiúla tábhachtacha a bhfuil tionchar acu ar thuismitheoirí aonair.
Má tá tú i do thuismitheoir aonair d’fhéadfá a bheith i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar leith má tá cónaí ort in Éireann. Déantar Sochar Linbh a íoc do gach aon leanbh faoi 16 bliana d’aois, nó faoi 18 bliana d’aois má tá an leanbh ag fáil oideachas lánaimseartha nó má tá sé/sí faoi mhíchumas. Íocaíocht de réir tástála acmhainne is ea an Íocaíocht do Theaghlaigh Aontuismitheora d’fhir agus do mhná in Éireann atá ag tógáil linbh gan tacaíocht ó pháirtí. Íoctar é le duine nach bhfuil pósta, baintreach/baintreach fir, céile príosúnaigh, duine atá colscartha nó idirscartha nó le duine a rinneadh neamhniú pósta orthu. Fuair 78,000 bean agus os cionn 1,800 fear an Íocaíocht do Theaghlaigh Aontuismitheora i 2004.
D’fhéadfá a bheith i dteideal Pinsean Ranníocach Baintrí/Baintrí Fir má bhíonn dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat féin nó ag do chéile éagtha. Faoi Scéim na Sochair Gortuithe Ceirde, is féidir Pinsean Baintrí/Baintrí Fir a íoc má tharla an bás de bharr gortú ceirde nó galar nó timpiste agus an duine sin ag taisteal díreach chuig nó ón obair.
Tá sé d’fhreagracht dhlíthiúil in Éirinn ar an mbeirt céile a chéile agus aon leanbh leo a chothabháil de réir a gcuid acmhainní. Tá tuismitheoirí colscartha nó idirscartha freagrach as cothabháil a gcuid leanaí agus d’fhéadfadh freagrachtaí cothabhála a bheith acu i leith a chéile, ag braith ar théarmaí an colscartha nó an t-idirscartha. Níl aon fhreagracht airgeadais dá chéile ar thuismitheoirí nach bhfuil pósta ach tá freagracht ar an dá thuismitheoir as cothabháil a gcuid leanaí. Faigh amach faoi chothabháil anseo .
Tá rialacha sonracha ann faoi chánachas sa bhliain ina bhfaigheann duine bás.. Mar shampla, d’fhéadfadh aisíoc cánach a bheith dlite. Tá creidmheasanna sa bhreis ar fáil do thusimitheoirí ar baintreacha /baintreacha fir iad sna blianta tar éis bás céile. Léigh anseo chun tuilleadh eolas a fháil ar cháin i mbliain an bháis agus sna blianta tar éis báis. Tá eolas ag na Coimisinéirí Ioncaim anseo ar an mbealach ina ndéileálfar ó thaobh cánach le daoine ar baintreacha/baintreacha fir iad. Tá eolas ar fáil anseo maidir le creidmheasanna agus faoisimh cháin ioncaim atá ar fáil do thuismitheoirí aonair.
Tá tuismitheoir linbh de réir cearta caomhnóireachta i dteideal cinntí tábhachtacha a dhéanamh maidir le tógáil an linbh, mar shampla, cinntí i dtaobh reiligiúin, oideachais, cóireáil leighis an linbh agus cá mbeidh cónaí ar an leanbh. Tá stádas caomhnóireachta uathoibríoch ag gach máthair in Éireann, is cuma iad a bheith pósta nó gan a bheith, ach amháin má thugann siad an leanbh uathu ionas go ndéanfar é/í a uchtáil. I dteannta leis, tá cearta caomhnóireachta uathoibríocha ag aithreacha atá pósta le máthair a linbh. Níl cearta caomhnóireachta uathoibríocha i leith an linbh ag athair nach bhfuil pósta le máthair a linbh, áfach,. Faigh tuilleadh eolas ar chaomhnóireacht anseo. Ba cheart do mháithreacha arb iad an t-aon caomhnóir amháin uacht a dhéanamh amach ag ceapadh caomhnóirí dá leanaí i gcás a mbás féin.
Is ceart chun cúram fisiciúil a thabhairt agus rialú an linbh é caomhnadh. Is ceart é ceart rochtana chun am a chaitheamh leis an leanbh. Nuair a idirscarann tuismitheoirí linbh in Éirinn agus nuair nach féidir leo aontú ar cé aige a bheidh caomhnadh an linbh , déanann an chúirt an chinneadh. Is í an mháthair nach bhfuil pósta an t-aon caomhnóir atá ag páiste a rugadh taobh amuigh den phósadh. Mura n-aontaíonn an mháthair dearbhú reachtúil a shíneadh, caithfidh athair nach bhfuil pósta iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ionas go mbeidh sé ina chaomhnóir dlíthiúil ag a leanbh. Nuair atá sé ina chaomhnóir dlíthiúil féadfaidh sé cur isteach ar chaomhnadh nó rochtain.
64 Sráid an Dáma
Dublin 2
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 670 8363
Facs:+353 1 670 8365
Láithreán Gréasáin: http://www.aimfamilyservices.ie/
R-phost: aimfamilyservices@eircom.net
Teach Chúil Raithin
Sráid Chúil Raithin
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 1 872 8814
Láithreán Gréasáin: http://www.nawi.ie
R-phost: info@nawi.ie
Teach Cherish
2 Sráid Pheambróg Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6629212
Lóghlao:1890 662212
Facs:+353 (0)1 6629096
Láithreán Gréasáin: http://www.onefamily.ie
R-phost: info@onefamily.ie
7 Lána na Bó Deirge
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 814 8860
Facs:+353 (0)1 814 8890
Láithreán Gréasáin: http://www.oneparent.ie
R-phost: enquiries@oneparent.ie
14 Teach Gandon
Sráid an Mhéara Íochtarach,
IFSC
Dublin 1
Ireland
Teil:+353 (0)1 6700120
Lóghlao:1890 252084
Facs:+353 (0)1 6700199
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
R-phost: info@treoir.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.