Má tá tú nó má bhí tú pósta, tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar an gcúirt le haghaidh cothabháil ó do chéile chun do chuid costaisí féin a chlúdach. Má tú i ngaol eisphósta, níl aon cheart mar sin agat. Má chliseann ar an ngaol, ní féidir iarratas a dhéanamh ar an gcúirt le haghaidh tú féin.
Má bhí leanbh agat taobh amuigh de phósadh áfach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun ordú a thabhairt don tuismitheoir eile íocaíocht tacú leanbh a dhéanamh. Sa chuid is mó de na cásanna, is í máthair an linbh a dhéanann na hiarrataisí seo i gcoinne an athair.
Má bhreithníonn an chúirt gur chlis ar thuismitheoir linbh chleithiúnaigh cothabháil a chuir ar fáil don leanbh a bheadh "ceart faoi na cúinsí", d'fhéadfadh sé ordú a dhéanamh go ndéanfadh an tuismitheoir íocaíochtaí cothabhála tréimhsiúla chun tacaíocht a thabhairt don leanbh. D'fhéadfadh an chúirt ordú a dhéanamh freisin go n-íocfadh an tuismitheoir cnapshuim.
Is leanbh cleithiúnach é leanbh atá:
Nuair a bhíonn an chúirt ag déanamh cinneadh faoi ordú cothabhála linbh, cuirtear sa áireamh an t-ioncam, cumas saothraithe, maoin agus na hacmhainní airgeadais eile atá ag an mbeirt thuismitheoir. Cuirfear san áireamh chomh maith aon chúramaí airgeadais eile ag ceachtar tuismitheoir cosúil le céile nó leanaí cleithiúnacha eile.
B'fhéidir go mbeadh ar leanaí le tuismitheoirí neamhphósta atharthacht a chrúthú chun go bhfaigheadh siad a dteidlíochtaí cothabhála nó oidhreachta. Níl aon ghá leis seo má admhaíonn an t-athair atharthacht nó má tá sé ainmnithe mar athair an linbh ar an Teastas Breithe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.