Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Breith anabaí agus marbh-bhreith > Marbh-bhreitheanna a Chlárú

Print Page Send to a Friend

Marbh-bhreitheanna a Chlárú

Eolas

Ó 1 Eanáir 1995, tá ar chumas thuismitheoirí le leanbh marbh-bhreithe breith a linbh a chlárú, fiú má rugadh é/í roimh an dáta sin.

Más mian leat an Clár Marbh-bhreitheanna a shíniú, ba chóir duit dul chuig an oifig chláraitheora sa cheantar inar rugadh do leanbh. Ní mór duit fianaise scríofa den mharbh-bhreith a sholáthar ó d'ospidéal nó ón mbean chnáimhsí.

Cuirfidh an cláraitheoir teastas marbh-bhreithe ar fáil do na tuismitheoirí nuair a dhéanfar an síniú. Dá mba mhian leat teastas a fháil ag tráth níos déanaí, ba chóir duit teagmhál a dhéanamh le hOifig an Ard-Chláraitheora.

Rialacha

Ní mór gach marbh-bhreith a tharlaíonn in Éirinn ó 1 Eanáir 1995 i leith a chlárú, má bhíonn ar a laghad 500 gram meáchain sa leanbh nó go mbíonn aois thréimhse iompair de 24 seachtain i gceist.

Is féidir libh an leanbh marbh-bhreithe a chlárú sibh féin, ach mura gcláraíonn sibh an leanbh marbh-bhreithe taobh istigh de 42 lá, ní mór don ospidéal nó don lia-chleachtóir a bhí i láthair don bhreith í a chlárú taobh istigh de 4 mhí ón dáta breithe. Más mian libh leanbh marbh-bhreithe a chlárú sibh féin, ní mór don lia-chleachtóir a bhí i láthair don bhreith nó a scrúdaigh an leanbh teastas leighis sínithe a thabhairt daoibh a thugann meáchan agus aois thréimhse iompair an linbh. Más mian leat leanbh marbh-bhreithe a chlárú i gcás marbh-bhreith a tharla roimh 1 Eanáir 1995, is féidir leat é sin a dhéanamh ag am ar bith. Ní mór duit fianaise shainiúil a bheith agat gur tharla an mharbh-bhreith. D’fhéadfadh sé a bheith ina ráiteas údarásach scríofa ó d’ospidéal, do theach altranais, do lia-chleachtóir nó do chnáimhseach, ach d’fhéadfadh an cláraitheoir glacadh le cineálacha eile fianaise. Arís, ní féidir an mharbh-bhreith a chlárú ach amháin má bhí ar a laghad 500 gram meáchain sa leanbh nó go raibh aois thréimhse iompair de 24 seachtain i gceist.

Rátaí

Tá teastas leighis den mheáchan agus aois thréimhse iompair saor in aisce.

Cosnaíonn teastas marbh-bhreithe 5.08 euro ag am an chlárúcháin agus 6.98 euro ina dhiaidh sin.

Conas iarratas a dhéanamh

Téigh chuig oifig an chláraitheora sa cheantar inar rugadh an leanbh agus sínigh an Clár Marbh-Bhreitheanna. Tabhair fianaise scríofa den mharbh-bhreith leat. Féach sonraí teagmhála de chláraitheoirí áitiúla de bhreith, pósadh agus bás.

Tá liosta de chláraitheoirí áitiúla ar fáil freisin ó Oifig an Ard-Chláraitheora.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta

Oifigí an Rialtais
Bóthar an Chlochair
Ros Comáin
Roscommon
Ireland

Teil:+353 90 663 2900
Lóghlao:1890 25 20 76
Facs:+353 90 663 2999
Láithreán Gréasáin: http://www.groireland.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Breith do Linbh a Chlárú
    Ní mór duit breith do linbh a chlárú laistigh de thrí mhí ón am a rugadh é nó í.
  • Brón Báis agus Breith Linbh
    Féachann an cáipéis seo ar anabaíocht, marbhbhreith, bás neo-naíoch agus Shiondróm Bhás Tobann Naíonán, ó thaobh na seirbhísí atá ar fáil in Éirinn.
  • Cláraitheoirí Breitheanna, Póstaí agus Básanna
    Míníonn an cháipéis seo an riachtanas atá ann chun tarlúintí saoil a chlárú agus tugann sé liosta d'uimhreacha teileafóin na bpríomh-chláraitheoirí breitheanna, póstaí agus básanna ar fud na hÉireann.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.