Brón Báis agus Breith Linbh

Réamhrá

Is ábhar tubaisteach bróin é bás linbh. Is cuma má fhulaingíonn tú breith anabaí, marbh-bhreith nó bás tobann naíonán, fágtar tú le mothúcháin dhoimhne bróin. Próiseas aonair is ea an bhrón agus d’fhéadfadh go mbeadh brón ort féin agus ar do pháirtí nó ar do theaghlach ar bhealaí éagsúla.

Míníonn an leathanach seo na difríochtaí idir breith anabaí agus marbh-bhreith. Tá faisnéis ann freisin faoi Shiondróm Bhás Tobann Naíonán, agus na seirbhísí atá ar fáil chun tacú leat má chaill tú do leanbh.

Cad is breith anabaí ann?

Má chailleann tú do leanbh roimh 24 seachtaine iompair, nó sula sroicheann do leanbh meáchan 500 gram, tugtar breith anabaí air seo.

Tarlaíonn breith anabaí go minic gan aon rabhadh agus is minic nach féidir aon chúis mhíochaine a fháil faoin gcúis ar tharla sí. Is féidir leis sin a bheith ina chrá agus cé gur féidir leat teacht chugat féin go fisiciúil sách tapa ó bhreith anabaí, tógann sé i bhfad níos faide go mothaíoch.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi comharthaí breith anabaí ar láithreán gréasáin FSS.

Is féidir leat faisnéis a fháil thíos freisin faoi na tacaíochtaí atá ar fáil tar éis leanbh a chailleadh.

Cad is marbh-bhreith ann?

Má rugadh do leanbh tar éis 24 seachtaine iompair (nó má tá meáchan do leanbh níos mó ná 500 gram) agus gan cosúlacht ar bith air go raibh sé beo, tugtar marbh-bhreith air seo.

Nuair nach maireann naíonán ach ar feadh cúpa uair an chloig nó cúpla lá tar éis a bhreithe/breithe, tugtar 'bás nuabheirthe' ar a mbás.

Is féidir le marbh-bhreith tarlú ar chúiseanna éagsúla, ach uaireanta ní fios cén chúis a bhíonn léi. Mar gheall air seo, d'fhéadfaí go n-iarrfaí ort toiliú le scrúdú iarbháis. Is gnách go mbraitheann tú croíbhriste agus trína chéile le linn an ama seo. Léigh tuilleadh faoi mharbh-bhreith ar láithreán gréasáin FSS.

San ospidéal, tabharfaidh foireann an ospidéil cabhair duit le haon mianta a d'fhéadfadh a bheith agat - mar shampla do leanbh a thógáil i do ghabháil, nó grianghraif a ghlacadh. Is féidir le hoibrí sóisialta an ospidéil tú a atreorú chuig comhairleoireacht méala agus tú a nascadh le sainseirbhísí tacaíochta. Is féidir le séiplíneach an ospidéil seirbhís reiligiúnach a phlé leat freisin.

Nuair a thagann tú abhaile, is féidir le do Dhochtúir Teaghlaigh tú a chur ar aghaidh chuig sainchomhairleoireacht má bhíonn deacracht agat déileáil leis an méid a tharla. Is féidir leat bealaí eile a fháil thíos freisin chun tacaíocht a fháil.

Marbh-bhreith do linbh a chlárú

Más mian leat, is féidir leat marbh-bhreith do linbh a chlárú agus iarratas a dhéanamh ar dheimhniú marbh-bhreithe. Tá sé seo roghnach agus níl sé éigeantach.

Léigh tuilleadh faoi conas marbh-bhreith linbh a chlárú.

Saoire mháithreachais agus saoire atharthachta

Tá máithreacha linbh a rugadh marbh i dteideal 26 seachtaine saoire mháithreachais. Tá tú i dteideal Sochar Máithreachais chomh maith má shásaíonn tú na ceanglais árachais shóisialaigh (ÁSPC).

Tá an tuismitheoir eile i dteideal coicís saoire atharthachta a ghlacadh freisin, agus coicís Sochar Atharthachta má tá dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) déanta acu.

Cad é Siondróm Bhás Tobann Naíonán (SIDS)?

Tagraíonn Siondróm Bás Tobann Naíonán (nó ‘SIDS’) do bhás tobann linbh a bhí i mbarr a shláinte/sláinte roimhe sin. Thugtaí 'bás cliabháin' ar SIDS roimhe seo.

Léiríonn taighde nach fios cad is cúis le SIDS. Ciallaíonn sé seo go mbreathnaíonn leanaí sláintiúil roimh a mbás, agus ní féidir SIDS a chosc. Is féidir leat teacht ar níos mó faisnéis faoi SIDS ar láithreán gréasáin FSS.

Tacaíocht a fháil tar éis bás linbh

I gcás breith anabaí nó marbh-bhreithe, féadfaidh tú tacaíocht a fháil ón bhfoireann san ospidéal máithreachais. Is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh le haghaidh tacaíochta.

B’fhéidir gur mhaith leat dul i dteagmháil le roinnt de na heagraíochtaí deonacha seo a leanas freisin:

Pregnancy and Infant Loss Ireland

Téigh chuig láithreán gréasáin Pregnancy and Infant Loss Ireland le haghaidh:

  • Sonraí teagmhála le haghaidh seirbhísí tacaíochta méala i do cheantar áitiúil
  • Bileoga eolais faoi chailleadh toirchis agus marbh-bhreith

Cumann Breitheanna Anabaí na hÉireann

Is eagraíocht dheonach í Cumann Breitheanna Anabaí na hÉireann a chuireann eolas agus tacaíocht ar fáil do mhná (agus dá bpáirtithe) a d’fhulaing breith anabaí.

Soláthraíonn siad tacaíocht teileafóin, faisnéis faoi sheirbhísí cuimhneacháin, agus bileoga eolais ar cheisteanna a bhaineann le breith anabaí. Bíonn cruinnithe tacaíochta ar líne rialta acu freisin do thuismitheoirí atá ag déanamh bróin trí Zoom.

A Little Lifetime Foundation

Is eagraíocht dheonach í A Little Lifetime Foundation (ar a dtugtaí Irish Stillbirth and Neonatal Death Society roimhe seo) a sholáthraíonn:

  • Faisnéis agus tacaíocht do thuismitheoirí agus do theaghlaigh a bhfuil a leanbh básaithe, nó a ndearnadh diagnóis de 'mhínormáltacht mharfach féatais' orthu le linn toirchis
  • Grúpaí tacaíochta faoi stiúir tuismitheoirí
  • Teiripe ghairmiúil méala
  • Eolas faoi sheirbhísí cuimhneacháin

FirstLight

Soláthraíonn FirstLight (ar a dtugtaí Cumann na hÉireann maidir le Bás Tobann Naíonán, nó ISIDA roimhe seo) tacaíocht agus faisnéis saor in aisce do theaghlaigh in Éirinn a bhfuair a leanbh bás tobann gan choinne (ó 0 go 18 mbliana d’aois). Soláthraíonn sé:

  • Líne chabhrach tacaíochta náisiúnta 24 uair an chloig ar 1800 391 391
  • Seirbhís cuairte baile le síceiteiripeoir
  • Teiripe méala do dhaoine aonair, lánúineacha agus leanaí

A Little Lifetime Foundation

18 Orion Campas Gnó,
Páirc Ghnó Chnocán na Rós,
Baile Cúlann,
Baile Bhlainséir,
Baile Átha Cliath 15
Éire

Teil: +353 (0)1 882 9030
Láithreán Gréasáin: http://www.alittlelifetime.ie/

An Chéad Solas

Teach Carmichael
Sráid Brunswick Thuaidh
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 873 2711
Lóghlao: 1800 391 391
Facs: +353 (0)1 872 6056
Láithreán Gréasáin: http://firstlight.ie/

Cumann Anabíochta na hÉireann

Teach Carmichael
Sráid Brunswick Thuaidh
Dublin 7
Ireland

Teil: +353 (0)1 8735702
Láithreán Gréasáin: http://www.miscarriage.ie/

Rannóg an tSochair Mháithreachais

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
F93 CH79

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Feabhra 2022