Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Lánúineacha pósta > Leasa Shóisialaigh

Print Page Send to a Friend

Leasa Shóisialaigh

Eolas

I gcás an chuid is mó de na héilimh ar leasa sóisialacha in Éirinn (mar shampla, éilimh maidir le cúnamh dífhostaíochta) agus liúntas breise leasa shóisialaigh, caitear mar a chéile le lánúineacha neamhphósta atá in aontíos agus le lánúineacha pósta.

Beidh baint ag an stádas pósta atá agat le do theideal ar Phinsean Baintrí/Baintrí Fir.

Ní féidir Pinsean Baintrí/Baintrí Fir a éileamh ach amháin sa chás go bhfaigheann d’fhear céile/do bhean chéile bás. Ní bheidh tú i dteideal an phinsin sin sa chás go bpósann tú in athuair.

Má tá tú in amhras maidir leis an gcaoi a gcuirfeadh an stádas pósta atá agat isteach ar d’éileamh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig leasa shóisialaigh áitiúil. I gcás liúntas breise leasa shóisialaigh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). go háitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.