Braitheann do chearta oidhreachta ó do chéile/phairtí ar do stádas pósta.
Muna bhfuil tú pósta, ní féidir leat oidhreacht a fháil ó do pháirtí muna bhfágann sé/sí tiomnacht agat in uacht bhailí. Ach, tá céile i dteideal oidhreachta ar a dtugtar "sciar dleathúil" d'eastát a c(h)éile básaithe fiú:
D'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar indíreach ag stádas pósta an duine básaithe ar chearta oidhreacha a c(h)uid páistí.
Cearta Oidhreacha an Chéile
Braitheann sciar dleathúil an chéile bheo ar dhá rud:
Tá tú i dteideal an eastáit ar fad:
Tá tú i dteideal dhá thrian den eastát:
Tá tú i dteideal leath an eastáit:
Tá tú i dteideal trian den eastát:
Más tú an céile atá beo ba cheart an ceart seo a chur in iúl duit agus ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an bpointe ar do sciar dleathúil. D'fhéadfadh sé go ndéanfadh tú éileamh ar theach an teaghlaigh a fháil mar do sciar dleathúil, fiú má fágadh an teach chuig duine eile san uacht. Más fiú níos mó ná do sciar dleathúil é teach an teaghlaigh go hiondúil beidh ort an fuílleach a íoc le heastát an té atá básaithe. Ach, i gcásanna crua is féidir iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt go dtabharfaí an teach cónaithe duit tríd an bhfuílleach a íoc nó suim eile a cheapann an Chúirt a bheith réasunta.
Tá na cearta oidhreachta céanna óna thuismitheoirí ag páistí a rugadh taobh istigh agus taobh amuigh den phósadh. Ach, d'fhéadfadh sé go mbeadh an fhadhb bhreise ag páistí a rugadh taobh amuigh de phósadh atharthacht a chruthú má tá easaontas ann. D'fhéadfadh stádas pósta a dtuismitheora tionchar a bheith aige ar chearta oidhreacha páistí.
Tá páistí (faoi aois nó fásta) i dteideal eastát iomlán a dtuismitheora roinnte go cothrom eatarthu:
Níl na páistí i dteideal ach aon trian den eastát roinnte go cothrom eatarthu:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.