Tá stadas cosanta láithreach ag máithreacha, pósta nó neamhphósta, dá bpáistí, muna dtugann siad suas a bpáistí len' uchtú. Tá cearta cosanta láithreach ag athair freisin atá pósta le máthair a pháiste, don pháiste sin. Is é an scéal céanna é, fiú más taréis breith an linbh a phós siad. Tugann cearta cosanta cead do thuismitheoir socraithe tábhachtacha a dhéanamh maidir le tógáil an pháiste, mar shampla, socrú ar reiligiún an pháiste, oideachas, cóir leighis agus a áit/háit cónaithe.
Mar sin féin, níl cearta cosanta láithreach ag athair nach bhfuil pósta le máthair a pháiste, don pháiste sin. B'fhéidir go mbeadh an mháthair sásta é a bheith mar chosantóir go dleathach nó go dtabharfadh an chúirt stadas cosanta dó. Mar sin féin, d'fhéadfaí an cheart chosanta sin a thógáil uaidh ag dáta níos deireanaí ach i gcás an athar atá pósta le máthai an pháiste bíonn seisean ina chosantóir i gcónaí , de ghnáth.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.