Tar éis theacht i bhfeidhm Chuid 6 den Acht um Chlárú Sibhialta 2007 ar an 5 Samhain 2007, chun pósadh go dleathach, tá sé de dhíth ort Foirm Chláraithe Pósta (FCP) a fháil ón gCláraitheoir, agus caithfidh cibé duine atá ag sollúnú do phósadh a bheith ar Chlár na Sollúnóirí. Eisíonn an Cláraitheoir an FCP nuair a thugann tú fógra 3 mhí don Chláraitheoir.
Má tá tú ag pósadh trí shearmanas reiligiúnach nó eaglaise, ba chóir
duit teagmháil a dhéanamh le húdaráis an tsainchreidimh lena mbaineann,
chun comhairle a fháil maidir leis an gceist a bhogadh ar aghaidh. Inseofar
duit céard iad na riachtanais atá ag an bhforas reiligiúnach ionas gur
féidir leat pósadh faoina gcuid deasghnátha.
Cé gur féidir searmanas pósta reiligiúnach a chur ar bun de réir nósanna
agus deasghnátha an fhorais reiligiúnaigh, tá riachtanais áirithe ann nach
mór a chomhlíonadh ionas go mbeidh an pósadh dlíthiúil.
Ní mór don té atá ag sollúnú an phósta a bheith ar Chlár
na Sollúnóirí, atá á choinneáil ag an bPríomh-Chláraitheoir. Tá
liosta ann de na cláraitheoirí sibhialta agus na baill de na forais
reiligiúnacha éagsúla atá ainmnithe ag na forais mar shollúnóirí. Is
féidir é a scrúdú ag d'oifig
clárúcháin áitiúil.
Caithfidh an searmanas tarlú i láthair beirt fhinnéithe atá 18 bliana
d'aois nó os a chionn.
Má dhéanann tú na riachtanais fógartha 3
mhí a chomhlíonadh agus nach bhfuil aon bhac pósta i gceist, eiseoidh an
Cláraitheoir Foirm Chláraithe Pósta (FCP) a thabharfaidh cead pósta duit.
Ba chóir duit an FCP a thabhairt don té a bheidh ag sollúnú an phósta
roimh an tsearmanais phósta.
Díreach tar éis an tsearmanais phósta, caithfidh FCP a beith sínithe agat
féin, ag do chéile, ag an mbeirt fhinnéithe agus ag an té a rinne sollúnú
ar an bpósadh. Ba chóir an FCP a sheoladh ar ais chuig Cláraitheoir taobh
istigh d'aon mhí amháin, chun go gclárófar an pósadh. Ní gá é
a sheoladh ar ais chuig an gCláraitheoir a d'eisigh é.
Cé gur féidir searmanas an phósta a cheiliúradh de réir chustaim agus deasghnátha an fhorais reiligiúnaigh, ní mór duit féin agus don té atá tú ag pósadh dhá dhearbhú a dhéanamh le linn an tsearmanais:
Is faoin bhforas reiligiúnach atá an cinneadh maidir leis an ionad don
tsearmanas. De réir na reachtaíochta, ní mór don áit a bhfuil an sollúnú
ar bun a bheith oscailte don phobal. Ciallaíonn sé seo nach mór don rochtain
ar an ionad don phobal go ginearálta a bheith neamhtheoranta.
Mura bhfuil dóthain tuisceana agat féin, ag an gcéile beartaithe, nó ag
ceachtar den bheirt fhinnéithe nó ag an sollúnóir ar an teanga ina bhfuil
an searmanas á thionól ionas gur féidir leo an searmanas a thuiscint,
caithfear seirbhísí ateangaire a sholáthar. Is tusa atá freagrach as na
seirbhísí a sholáthar.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.