Comhaontuithe réamhphósta

Réamhrá

Comhaontú é comhaontú réamhphósta (ar a dtugtar comhaontú roimh phósadh freisin) idir beirt daoine a bheartaíonn a chéile a phósadh maidir le réadmhaoin, cothabháil agus socruithe coimeádta i gcás cliseadh pósta.

Stádas dlíthiúil comhaontuithe réamhphósta

Ní bhíonn aon bhunús ag comhaontuithe réamhphósta sa dlí in Éirinn. Mar thoradh air sin, níl siad diancheangailteach. Ciallaíonn seo, má tá comhaontú réamhphósta i bhfeidhm agat agus má bhíonn tú os comhair na gcúirteanna ar chliseadh an phósta, níl an breitheamh faoi cheangal ag téarmaí an chomhaontaithe réamhphósta.

Is é an t-aon fhoráil i ndlí na hÉireann faoi ailt 113 agus 113A den Acht Comharbais, 1965 (arna leasú) inar féidir le céile nó páirtnéir sibhialta an ceart dlíthiúil atá aige/aici a thréigean i gcomhaontú réamhphósta.

In ainneoin an mhéid thuas, ní chuireann rud ar bith i ndlí na hÉireann a chuireann stop le lánúin a bheartaíonn a chéile a phósadh comhaontú réamhphósta a shíniú. Is tábhachtach gur féidir leis na comhaontuithe siúd feidhmiú mar threoracha do na cúirteanna i gcásanna idirscartha bhreithiúnaigh agus colscartha. Má dhéanann comhaontú réamhphósta ‘soláthar ceart’ do gach páirtí, is dóchúla go gcruthóidh sé cás láidir don bhreitheamh. Ar an ábhar sin, i gcásanna inar dóchúil go bhfaighidh páirtí amháin feirm nó gnólacht mór teaghlaigh le hoidhreacht, treoróidh sé an breithiúnach sa cholscaradh nó san idirscaradh breithiúnach maidir leis an méid a bhí i gceist le hintinn na bpáirtithe i dtosach.

Comhaontú réamhphósta a dhréachtú

Ní dóchúil go gcuirfear san áireamh ach comhaontuithe réamhphósta inar iontráladh i ndiaidh go bhfuair an dá pháirtí comhairle dlí neamhspleách. Bheadh ar an gcúirt a bheith sásta gur nochtadh na sócmhainní go léir go hiomlán sular síníodh an comhaontú. Moltar freisin go ndéanfadh an comhaontú soláthar d’athbhreithnithe:

•Go tréimhsiúil (mar shampla, gach cúig bliana)

•Má bheirtear ar leanaí

•Má thagann athrú mór ar chúinsí (mar shampla, má cheannaítear nó ma dhíoltar sócmhainní)

Ba cheart go mbeadh an comhaontú i scríbhinn, ba cheart do gach páirtí é a shíniú agus forálacha ginearálta an dlí conartha a chomhlíonadh.

Todhchaí chomhaontuithe réamhphósta

In Aibreán 2007, d’fhoilsigh an Rialtas Tuarascáil an Ghrúpa Staidéir ar Chomhaontuithe Réamhphósta (pdf). Moladh sa tuarascáil go ndéanfaí comhaontuithe réamhphósta a reachtú trí Alt 16(2)A nua a thabhairt isteach san Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995 agus Alt 20(3)A nua a thabhairt isteach san Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 a cheanglaíonn ar na cúirteanna aird a thabhairt ar chomhaontuithe réamhphósta reatha nuair a dhéantar orduithe um fhaoiseamh coimhdeach in imeachtaí idirscartha bhreithiúnaigh agus colscartha.

Moladh sa tuarascáil freisin gur cheart treoirlínte nós imeachta a bheith sa reachtaíocht. Ní bheadh ar chomhaontú réamhphósta prionsabail ghinearálta chonarthacha a shásamh agus moladh ann nach mór dó na coinníollacha seo a leanas a shásamh chun go mbíonn sé ina chomhaontú in-fheidhmithe:

•Caithfidh sé a bheith i scríbhinn, caithfear é a shíniú agus caithfidh duine bheith mar fhinné air

•Caithfear é a dhéanamh i ndiaidh go bhfuil comhairle dlí ar leith faighte ag gach páirtí

•Caithfidh go ndearnadh é tar éis gur nochtadh an t-eolas airgeadais go hiomlán

•Caithfidh nach ndearnadh é níos lú ná 28 lá roimh an bpósadh

Moladh sa tuarascáil freisin go mbeifear in ann comhaontuithe réamhphósta a athbhreithniú ar bhás. Is amhlaidh atá seo chun gur féidir le cúirt soláthar airgeadais a dhéanamh do chéile airgeadais a mb’fhéidir go ndearna forálacha comhaontaithe réamhphósta ar bhás an chéile eile difear éagórach don chéile marthanach faoi chúinsí áirithe.

Níor cuireadh moltaí na tuarascála i bhfeidhm go fóill.

Comhaontuithe comhchónaithe

Ceadaítear san Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 do chomháitritheoirí comhaontú a iontráil chun soláthar a dhéanamh do cheisteanna airgeadais i rith an chaidrimh nó nuair a chuirtear deireadh leis an gcaidreamh, cibé acu trí bhás nó ar bhealach eile. Tá sé ina choinníoll san Acht, áfach, nach mbeidh an comhaontú bailí ach má fuair na páirtithe comhairle dlí neamhspleách nó má fuair siad comhairle dlí le chéile agus má thug siad suas an ceart atá acu chun comhairle dlí neamhspleách a fháil i scríbhinn. Ina theannta sin, caithfidh an comhaontú a bheith i scríbhinn, caithfidh an dá pháirtí é a shíniú agus caithfidh sé dlí ginearálta an chonartha a shásamh.

Is féidir leis an gCúirt comhaontú den saghas sin a athrú nó a chur ar leataobh dá mbeadh a in-fhorfheidhmitheacht ina chúis le héagóir thromchúiseach.

Chun teacht ar eolas breise faoi chomhchónaí, féach ‘Cearta lánúineacha comhchónaithe’.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Meán Fómhair 2013