Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Ag pósadh > Riachtanais fógartha don phósadh

Print Page Send to a Friend

Riachtanais fógartha don phósadh

Eolas

Tar éis theacht i bhfeidhm Chuid 6 den Acht um Chlárú Sibhialta 2004, ní mór d'aon duine atá ag tabhairt fógra do Chláraitheoir tar éis an 5 Samhain 2007 go bhfuil sé i gceist acu pósadh in Éirinn, fógra 3 mhí a thabhairt go pearsanta don Chláraitheoir. Baineann sé seo le gach pósadh, bíodh is go bhfuil sé á shollúnú ag Cláraitheoir nó de réir deasghnátha agus searmanais reiligiúnacha. Ní chaithfidh an Cláraitheoir a bheith ina Chláraitheoir don cheantar ina bhfuil cónaí oraibh ná don cheantar ina bhfuil sé i gceist agaibh pósadh.

Ní mór daoibh coinne a dhéanamh leis an gCláraitheoir chun an fógra a thabhairt. Moltar daoibh an coinne a dhéanamh tamall maith roimh ré chun a bheith cinnte go dtugtar an fógra ar a laghad 3 mhí roimh an dáta a bhfuil sé i gceist agaibh pósadh.

Má tá sé i gceist agaibh pósadh i searmanas sibhialta agus go mbeidh Cláraitheoir éagsúil ag sollúnú an tsearmanais, ní mór daoibh dul i dteagmháil freisin le hOifig an Chláraitheora sa cheantar ina bhfuil sé i gceist agaibh pósadh.

Rialacha

Ón 5 Samhain 2007 i leith, ní mór do bheirt atá ag pósadh fógra a thabhairt go pearsanta do Chláraitheoir ar a laghad 3 mhí roimh an dáta a bhfuil sé i gceist acu pósadh. Is féidir an fógra seo a thabhairt do Chláraitheoir ar bith.

Nuair a dhéanann sibh an coinne leis an gCláraitheoir cuirfear ar an eolas sibh maidir leis an bhfaisnéis agus na cáipéisí is gá daoibh a thabhairt libh. Is iondúil go mbeidh ort féin agus an té atá tú chun pósadh na nithe seo a leanas a thabhairt libh:

  • Pasanna mar chomhartha aitheantais.
  • Teastais breithe
  • Foraithne chríochnaitheach colscartha má tá ceachtar agaibh colscartha. Beidh gá le tuilleadh eolais más colscaradh eachtrannach a bhí ann agus beidh aistriúchán Béarla ceadaithe den fhoraithne colscartha ag teastáil uaibh.
  • Teastas báis chéile atá básaithe agus teastas pósta sibhialta más baintreach ceachtar den bheirt agaibh.
  • Uimhreacha PSP

Caithfidh tú eolas a chur ar fáil faoin bpósadh atá ar intinn agaibh, mar shampla:

  • An seirbhís sibhialta nó reiligiúnach a bheidh i gceist
  • An dáta agus an t-ionad atá ceaptha don phósadh
  • Sonraí an tsollúnóra atá chun sollúnú a dhéanamh ar an bpósadh
  • Ainmneacha agus dátaí breithe an bheirt fhinnéithe atá i gceist

Beidh ort táille fógartha de €150 a íoc freisin.

Nuair a théann sibh chuig an gCláraitheoir beidh oraibh dearbhú a thabhairt nach bhfuil aon bhac ar an bpósadh.

Eiseoidh an Cláraitheoir admháil don bheirt agaibh agus don sollúnóir atá beartaithe don phósadh ag dearbhú an dáta a fuarthas an fógra. Ní thugann sé seo cead daoibh pósadh.

Má tá an t-eolas riachtanach ar fad curtha ar fáil agus nach bhfuil aon bhac ar an bpósadh, eiseoidh an Cláraitheoir Foirm Chláraithe Pósta daoibh.

Fógra sa Phost

Má tá ceachtar agaibh ag maireachtáil thar lear, nó mura bhfuil duine agaibh in ann freastal ar Oifig Chláraithe mar gheall ar dhroch-thinneas, ba chóir daoibh teagmháil a dhéanamh le Cláraitheoir chun cead a fháil an fógra 3 mhí a thabhairt sa phost. Má thugtar cead daoibh, seolfaidh an Cláraitheoir foirm chugaibh nach mór daoibh a chomhlánú agus a sheoladh ar ais.

Beidh oraibh fós socruithe a dhéanamh chun bualadh leis an gCláraitheoir ar a laghad 5 lá roimh an bpósadh chun an dearbhú a thabhairt. Teastaíonn sé seo sular féidir Foirm Chláraithe Pósta a eisiúint.

Ordú Díolúine Cúirte

I gcúinsí speisialta ar leith, mar shampla, i gcás tinneas an-tromchúiseach, b'fhéidir go mbeadh ar bhur gcumas Ordú Díolúine Cúirte a fháil a thugann cead don phósadh dul chun cinn gan an fógra trí mhí. Ba chóir daoibh dul i dteagmháil leis an Cúirt Chuarda Teaghlaigh nó leis an Ard-Chúirt sa cheantar ina bhfuil cónaí ar dhuine agaibh chun sonraí a fháil maidir le conas dul ar aghaidh leis seo.

Is nós imeachta neamhfhoirmiúil é seo. Is féidir libh iarratas a sheoladh isteach (gan aturnae a fháil). Níl aon táille cúirte i gceist ar iarratas ar Ordú Díolúine Cúirte. Má fhaigheann tú aturnae chun ionadaíocht a dhéanamh ort, beidh ort é/í a íoc. Ní mór duit na nithe seo a leanas a léiriú don chúirt:

  • go bhfuil cúiseanna maithe le d'iarratas
  • go bhfuil deonú Ordú Díolúine den sórt seo ar son dea-leasa na bpáirtithe sa phósadh atá beartaithe.

Má thugtar Ordú Díolúine Cúirte duit, beidh oraibh fós socruithe a dhéanamh chun bualadh leis an gCláraitheoir ar a laghad 5 lá sula bpósann sibh chun an dearbhú a dhéanamh. Teastaíonn sé seo sular féidir Foirm Chláraithe Pósta a eisiúint.

Dearbhú nach bhfuil aon bhac i gceist

Nuair a bhuaileann sibh leis an gCláraitheoir beidh oraibh dearbhú a shíniú, os comhair an Chláraitheora, nach fios daoibh aon bhac dlíthiúil a bheith ar an bpósadh atá beartaithe agaibh.


Foirm Chláraithe Pósta

Tá Foirm Chláraithe Pósta (FCP) cosúil le teastas pósta. Tugann sé údarú do bheirt pósadh agus teastaíonn ceann acu uaibh chun pósadh in Éirinn. Chomh fada is nach bhfuil aon bhac ar an bpósadh, eiseoidh an Cláraitheoir FCP daoibh. Má thugann sibh an cháipéisíocht agus an t-eolas riachtanach ar fad libh chuig an gcruinniú leis an gCláraitheoir, b'fhéidir go mbeadh an Cláraitheoir ábalta an FCP a eisiúint láithreach.

Mura dtarlaíonn an pósadh taobh istigh de 6 mhí ón dáta atá ar an FCP, beidh gá le FCP nua má tá sé fós i gceist agaibh pósadh. Beidh oraibh dul tríd an bpróiseas fógartha arís.

Socruithe idirthréimhseacha

Má thug sibh bhur bhfógra 3 mhí roimh an 5 Samhain 2007, ní bheadh Foirm Chláraithe Pósta faighte agaibh. Tá socruithe idirthréimhseacha éagsúla ann ag brath ar an gcineál searmanas pósta a bheidh agaibh. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi na socruithe seo inár ndoiciméid ar searmanais phósta sibhialta agus searmanais phósta reiligiúnacha.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá fáil ar liosta Cláraitheoirí ar láithreán gréasáin Oifig an Ard-Chláraitheora agus tá fáil ar shonraí teagmhála i gcomhair do Chláraitheoir áitiúil ó d'Oifig Sláinte Áitiúil i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 March 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Searmanais an phósta reiligiúnacha
    Nós imeachta chun pósadh faoi dheasghnátha agus searmanais roinnt reiligiún éagsúil in Éirinn. (Eolas ar phósadh le ceadúnas, tar éis na bannaí nó le Teastas an Chláraitheora i gceist ann freisin).
  • Searmanais an phósta sibhialta
    Ag pósadh trí Shearmanas Sibhialta (in Oifig Chláraithe) in Éirinn, ina áirítear fógra a thabhairt don Chláraitheoir.
  • Ceanglais fhógra do pháirtnéireacht shibhialta
    Imlíníonn sé an nós imeachta fógra trí mhí a chaithfidh beirt pháirtí ar pháirtnéireacht shibhialta a chomhlíonadh chun do mbeidís i dteideal go dlíthiúil dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.