Réamhriachtanais don Phósadh

Réamhrá

Conradh atá ina cheangal dlí atá sa phósadh a dhéanann difear duit féin agus do do pháirtnéir (agus, go pointe áirithe, do leanaí) don chuid eile de bhur saol uile. Tá rialacha agus rialacháin áirithe ann faoi cé ar féidir agus nach féidir leo pósadh, agus faoi cén cúinsí inar féidir sin tarlú.

Mínítear ar an leathanach seo na ceanglais dhlíthiúla chun pósadh in Éirinn. Leagtar amach ann, chomh maith, na baic éagsúla (na bacainní) atá roimh phósadh in Éirinn, ar nós gaol fola a bheith eadraibh nó pósadh ar chúiseanna inimirce.

Cáil chun pósadh

Chun go mbeidh do phósadh bailí ó thaobh an dlí de in Éirinn, caithfidh an bheirt agaibh cáil a bheith agaibh chun a chéile a phósadh. Ciallaíonn seo gur gá duit féin agus do chéile a phósfaidh tú amach anseo na riachtanais uile seo a leanas a shásamh ag an tráth a thiteann an pósadh amach. Caithfidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • A bheith níos sine ná 18 mbliana d’aois. Is ionann an cás fiú má chónaíonn ceachtar duine in Éirinn ach má phóstar thú lasmuigh d’Éirinn. Fiú mura bhfuil gnáthchónaí ort sa Stát, ní mór duit bheith níos sine ná 18 mbliana d’aois le duine a phósadh in Éirinn.
  • Toiliú gan srian a thabhairt don phósadh Ciallaíonn seo nach féidir brú a chur ort duine a phósadh.
  • Cloí leis na gnásanna riachtanacha pósta. Mar shampla, caithfidh go ndearna tú teagmháil leis an tSeirbhís Chlárúcháin Shibhialta agus, murach go bhfuil tú díolmhaithe, caithfidh gur thug tú fógra 3 mhí go mbeartaíonn sibh pósadh don Chláraitheoir Póstaí, agus caithfidh gur eisíodh Foirm Chlárúcháin Pósta daoibh. Má cláraíodh bhur bpáirtnéireacht shibhialta in Éirinn, ní gá duit an fógra 3 mhí a thabhairt.
  • A bheith singil, i do bhaintreach/bhaintreach fir, colscartha, i d’iar-pháirtnéir sibhialta i bpáirtnéireacht shibhialta ar cuireadh deireadh leis de bharr báis nó díscaoilte, nó go ndearnadh neamhniú sibhialta ar phósadh nó páirtnéireacht shibhialta nó go ndearnadh colscaradh nó díscaoileadh bailí eachtrach oraibh. (Má tá do pháirtnéir sibhialta á phósadh agat, ní gá bhur bpáirtnéireacht shibhialta a dhíscaoileadh sula bpósfar sibh. Díscaoilfear é go huathoibríoch nuair a phósfar sibh.)
  • Caithfidh an cumas meabhrach a bheith agaibh chun cineál an phósta a thuiscint.
  • Ní féidir gaol fola ná pósta a bheith eadraibh atá chomh dlúth sin go gcuireann sé cosc oraibh sa dlí ar a chéile a phósadh. Má tá gaol fola nó pósta agat le do chéile a bheartaíonn tú a phósadh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le haturnae lena chinntiú nach dtagann tú faoi chuimsiú na teorann coiscthe gaoil. (Féach ‘Má tá gaol fola nó pósta eadraibh’ thíos.)

Mura sásaíonn tú fiú ceann amháin de na riachtanais thuas, tá aon searmanas pósta a thiteann amach ina dhiaidh seo ar neamhní ó thaobh an dlí de (neamhbhailí).

Má rinneadh sibh a cholscaradh thar lear

Ní aithnítear gach colscaradh iasachta faoi dhlí na hÉireann. Faoin Acht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986, ní aithneofar colscaradh eachtrach ó stát neamh-AE in Éirinn ach amháin má bhí sainchónaí ar chéile amháin, ar a laghad, sa stat a dheonaigh an colscaradh nuair a cuireadh tús leis na himeachtaí. B'fhéidir go mbeidh ort fianaise a chur ar fáil lena chruthú gurb amhlaidh a bhí an cás agus, ar an ábhar sin, go bhfuil an colscaradh bailí faoi dhlí na hÉireann.

Aithnítear colscarthaí a rinneadh i stáit eile an AE faoi Rialachán an AE 2201/2003 (“Rialachán bis na Bruiséile II”). Is é gnáthchónaí an chéile a dheimhníonn an ceart atá ag cúirt colscaradh a dheonú. Sa chás seo, tá gnáthchónaí ort sa tír inar bhunaigh tú do shaol laethúil go dleathach.

Leantar le colscaradh a rinneadh sa RA a aithint in Éirinn faoi Chuid 19 den Acht um Aistarraingt na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2020. Bíonn tástáil ghnáthchónaithe i gceist arís eile maidir le colscaradh a rinneadh an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh.

Má thagann colscaradh faoi chuimsiú rialacháin an AE, is leor a dheimhniú gur cuireadh an bheirt pháirtithe leis an gcolscaradh ar an eolas faoi na himeachtaí agus go raibh deis acu chun fianaise a thabhairt don chúirt a dheonaigh an colscaradh.

Sa chás nach mbaineann rialacháin an AE, ní mór duit faisnéis áirithe a thabhairt (cosúil le háit bhreithe, tíortha cónaithe agus fíricí ábhartha eile) ar cheistneoir a chuireann an Cláraitheoir ar fáil. Cuirtear an fhaisnéis ar aghaidh ansin chuig Oifig an Ard-Chláraitheora, ar gá a thoiliú a fháil sular féidir le searmanas an phósta leanúint ar aghaidh.

Má cheapann an tArd-Chláraitheoir go bhfuil an colscaradh eachtrach bailí, féadfaidh an pósadh nua leanúint ar aghaidh. Murab amhlaidh tuairim an Ard-Chláraitheora, féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a thabhairt chun bailíocht a chruthú nó féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar éisteacht os comhair na Cúirte Cuarda. Cinneadh atá ina cheangal ar pháirtithe atá i gcinneadh na Cúirte maidir le bailíocht cholscartha eachtrach i ndlí na hÉireann murach go ndéantar é a chealú ar achomharc. Má dhéanann an Chúirt an cinneadh nach bhfuil do cholscaradh eachtrach ina cheangal, is é an t-aon rogha atá agat, más mian leat pósadh arís in Éirinn, colscaradh a fháil faoi dhlí na hÉireann.

Má rinneadh do pháirtnéireacht shibhialta a scaoileadh thar lear

Má rinneadh do pháirtnéireacht shibhialta nó a chomhionann de chaidreamh dlíthiúil a deonaíodh lasmuigh d’Éirinn a scaoileadh go dlíthiúil, aithneofar é faoi dhlí na hÉireann má rinne an tAire Dlí agus Cirt ordú a aithníonn an caidreamh dlíthiúil comhionann sa tír inar ceadaíodh an díscaoileadh.

Má tá gaol fola nó póstaeadraibh

Leagtar cosc ar phósadh idir daoine áirithe a bhfuil gaol fola nó pósta eatarthu. Ní féidir le lánúin a thagann faoi chuimsiú ‘na dteorainneacha coiscthe gaoil’ pósadh. Tá na toirmisc seo bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • Gaol fola – leathghaol fola ina measc (ciallaíonn ‘leathghaol fola’ go mbíonn tuismitheoir amháin i gcoitinne ann, mar shampla, leathdheartháir)
  • Gaol cleamhnais – gaol trí phósadh

Baineann na teorainneacha coiscthe le réimse fairsing de ghaolta teaghlaigh, sliocht pósta agus neamhphósta araon.

Féadfaidh tú deirfiúr nó deartháir do chéile éagtha a phósadh. Is amhlaidh a bhíonn i gceist, chomh maith, má chuireann colscaradh, seachas bás, deireadh le do phósadh.

Níl aon chosc dlíthiúil ann ar phósadh col ceathracha.

Pósadh ar mhaithe le cuspóiríinimirce

Má tá lánúin á pósadh díreach ar mhaithe le buntáiste inimirce a bhaint, tugtar ‘pósadh áisiúlachta’ air seo. Pósadh é pósadh áisiúlachta:

  • ina náisiúnach coigríche ar a laghad duine amháin díobh ag an tráth a iontráiltear isteach sa phósadh, agus
  • ina n-iontrálann ar a laghad duine amháin díobh an pósadh díreach ar mhaithe le buntáiste inimirce a bhaint do dhuine amháin nó an dá pháirtí leis an bpósadh.

Tá an ceart ag Cláraitheoir Póstaí imscrúdú agus cinneadh a dhéanamh faoi cibé acu an pósadh áisiúlachta ar chuspóirí inimirce a bheadh sa phósadh a bheartaítear nó a mhalairt. Má dhéanann an Príomhchláraitheoir an cinneadh, tar éis imscrúdú a dhéanamh, gurbh ionann pósadh beartaithe agus pósadh áisiúlachta, ní eiseofar Foirm Chlárúcháin Pósta, atá riachtanach le pósadh. Ciallaíonn seo nach féidir leis an bpósadh leanúint ar aghaidh. Is féidir an cinneadh a achomharc leis an gCúirt Chuarda.

Má shásaíonn tú na riachtanais a dtugtar cuntas orthu thuas, ba cheart duit breithniú a dhéanamh ansin ar conas is mian libh pósadh. Tá saghsanna éagsúla de shearmanais phósta ann atá ina gceangal dlí in Éirinn, searmanais reiligiúnacha, shaolta agus searmanais phósta shibhialta ina measc. Má phósfar sibh trí shearmanas reiligiúnach nó saolta, ba cheart duit plé a dhéanamh ar a riachtanais le ceiliúraí bhur bpósta.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Feabhra 2022