Na himpleachtaí dlíthiúla a bhaineann le gealltanais bhriste

Réamhrá

Tá sé de nós ag daoine a bheith geallta sula bpósann siad a chéile. Tráth dá raibh, bhí feidhm dhlíthiúil ag na gealltanais phósta seo agus iad ina gceangail dlí. Má bhristí na gealltanais gan aon bhonn cirt bheith leis, bhíodh an té ba chúis leis faoi dhliteanas agus d'fhéadtaí agra le haghaidh damáistí a dhéanamh ina leith de bharr sárú gealltanais. Chealaigh An tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1981 caingne le haghaidh sárú gealltanais ach ceadófar caingean i gcás a bhfuil aighneas ann idir an lánúin mar gheall ar mhaoin nó airgead nó mar gheall ar thríú páirtí.

Tagraíonn na rialacha seo do lánúineacha geallta, ní hionann an lánúin bheith ina gcónaí le chéile agus iad bheith geallta dá chéile.

Rialacha

Brontannais idir an lánúin féin

I gcás beirt atá geallta agus a thugann brontannais (fáinne gealltanais san áireamh) dá chéile bíonn toimhde ann gur tugadh na brontannais leis an gcoinníoll go dtabharfaí ar ais iad (má iarrtar orthu) má thagann deireadh leis an ngealtannas. Má fhaigheann duine den lánúin bás áfach, glacfar leis gur thug an duine básaithe na brontannais gan aon choinníollacha bheith ag baint leo. Dá bhrí sin, tig leis an duine marthanach den lánúin na brontannais a choinneáil. Is féidir cur in aghaidh ceachtar de na toimhdí seo i gcúirt má tá fianaise á mbréagnú.

Níl na toimhdí seo i bhfeidhm ach maidir le brontannais a tugadh le linn an ghealltanais agus níl maidir le brontannais a tugadh roimhe nó ina dhiaidh.

Brontannais ón tríú páirtí

Má thugann duine brontannas don bheirt atá geallta nó do dhuine acu toimhdítear (mura bhfuil aon fhianaise ina aghaidh), gur tugadh dóibh é mar chomhúinéirí. Toimhdítear freisin go dtabharfar ar ais na brontannais (má iarrtar orthu) má thagann deireadh leis an ngealltanas agus nach dtéann an bhainis ar aghaidh ar aon chúis. Tá sé seo i bhfeidhm freisin i gcás bhás duine den lánúin gheallta.

Tig leis an tríú páirtí dul chun na cúirte nuair a fuair duine den lánúin a bhí geallta buntáiste substaintiúil (ní brontannas bainise) ón tríú páirtí de bharr an ghealltanais. Is féidir le duine gaolmhar mar shampla a d'íoc as aon mhórobair le caoi a chur ar theach clainne na beirte cur isteach ar chúiteamh i gcúirt.

Caiteachas ar ullmhúcháin don phósadh

Nuair a thagann deireadh le gealltanas agus duine den lánúin tar éis cuid mhór airgead a chaitheamh ag ullmhú don bhainis (agus gan aon bhúntaiste a bheith faighte aige/aici as an gcaiteachas), tig leis an duine sin dul chun na cúirte ag lorg cúitimh. (Costais a bhaineann le socruithe bainise, mí na meala, grianghrafadóir srl, mar shampla).

Tig leis an tríú páirtí (duine dá m(h)uintir nó cara, mar shampla) a chaitheann airgead ar son duine den bheirt atá geallta agus gan aon bhuntáiste a bheith faighte acu cur isteach ar chúiteamh.

Maoin na ndaoine atá geallta

De réir Alt 44 An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996 caitear le haighnis mhaoine idir lánúin a bhfuil deireadh tagtha lena ngealltanas ar an mbealach céanna le haighnis idir lánúin phósta atá ag (col)scaradh óna chéile. Tá seo i bhfeidhm maidir le maoin a raibh leas tairbhiúil ag an mbeirt nó ag duine acu inti fad agus a bhí siad geallta dá chéile amháin. Níl seo i bhfeidhm maidir le maoin a fuarthas i ndiaidh deireadh a bheith tagtha leis an ngealltanas.

Chaingean a thabhairt

Caithfear aon chaingean a thabhairt laistigh de thrí bliana i ndiaidh deireadh bheith tagtha leis an ngealltanas. De ghnáth tugtar caingne mar seo chun cúirte sa Chúirt Chuarda ach sa gcás go bhfuil an-luach ag baint leis an maoin atá i gceist tig le duine atá ina p(h)áirtí sna himeachtaí dlíthiúla iarraidh go gcloisfear an cás san Ardchúirt. (Cuirfear seo i bhfeidhm má tá an mhaoin an-luachmhar).

Ag tabhairt caingean dlí

Caithfear aon chaingean a thabhairt laistigh de 3 bliana i ndiaidh deireadh bheith tagtha leis an ngealltanas. De ghnáth tugtar caingne mar seo chun cúirte sa Chúirt Chuarda ach sa gcás go bhfuil an-luach ag baint leis an maoin atá i gceist tig le duine atá ina p(h)áirtí sna himeachtaí dlíthiúla iarraidh go gcloisfear an cás san Ardchúirt. Téigh i dteagmháil le haturnae a chuirfidh comhairle ort. Sonraí teagmhála do chuideachtaí aturnaetha ar fud na hÉireann le fáil ó Dhlí-Chumann na hÉireann.

Eagraíocht dheonach is ea an ISD (Ionaid Saorchúnaimh Dhlí) a fheidhmíonn mar ghréasán náisiúnta le clinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Clinicí iontaofa, saor in aisce do chách is ea iad seo.. Téigh i dteagmháil leis an Ionad Eolais do Shaoránaigh is giorra duit chun eolas a fháil maidir leis na seirbhísí ISD atá le fáil i do cheantar. Ritheann ISD freisin eolas agus ar líne a atreorú le linn uaireanta oifige ar fhaisnéis bhunúsach dlí.

Tá ISD tar éis sraith de bhileoga bunúsach ar réimsí éagsúla den dlí a d'fhéadfadh a bheith úsáideach. Tá siad seo ar fáil ó d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil agus ó ISD nó is féidir iad a íoslódáil ó láithreán gréasáin ISD.

Teagmháil


Chun fáil amach an bhfuil tú i dteideal cúnaimh dhlí, téigh i dteagmháil le:

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire

Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie



Feidhmíonn and tSeirbhís Chúnaimh Dhlithiúil as ionaid dlí a bhfuil atumaetha cáilithe ag obair iontu.

Ionaid Saorchomhairle Dhleathach

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3

Teil:+353 (0)1 874 5690
Lóghlao:1890 350 250
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie








Page edited: 13 January 2015