Is cinneadh tábhachtach é nuair a shocraíonn duine go bpósfaidh sé/sí agus is é ceann de na heachtraí is tábhachtaí é i saol duine. Chomh maith leis an scleondar a bhaineann le pleanáil do lae mhóir, tá rialacha agus nósanna imeachta a chaithfidh tú a leanúint chun go mbeidh tú in ann pósadh in Éirinn. Baineann rialacha agus nósanna imeachta leis chomh maith má roghnaíonn tú pósadh thar lear. Anseo, tósaímid ag an tús agus tugaimid treoir duit trí na nithe éagsúla a chaithfidh tú a bheith ar an eolas futhu.
Beidh tionchar láithreach ar go leor réimsí de do shaol, taobh amuigh de na rialacha a bhaineann le cén uair agus cén áit is féidir leat pósadh. B’fhéidir nach bhfeasach duit é, ach ar chuid de na nithe a athróidh tá do stádas dlíthiúil, do chearta oidhreachta agus pinsin. Athróidh réimsí eile de do shaol chomh maith, agus déanaimid scrúdú orthu siúd agus ar cheisteanna eile sa doiciméad seo.
ICaithfidh tú a bheith ar a laghad 18 bliain d’aois sula bpósann tú más saoránach Éireannach thú a bhíonn gnáthchónaí ort in Éirinn. Tá roinnt eisceachtaí i gceist, mar sin léigh faoiriachtanais aoise chun pósadh anseo. Go bunúsach, is ionann an riail aoise is cuma má tá sé i gceist agat pósadh le searmanas reiligúnda nó le searmanas sibhialta. Chomh maith leis sin caithfidh sé go bhfuil sé ar do chumas pósadh. Is é sin caithfidh tú aontú gan bac leis an bpósadh agus caithfidh sé a bheith ar do chumas a thuiscint céard a chiallaíonn pósadh. Léigh tuilleadh faoi riachtanais dlíthiúla pósta anseo.
Ón 5 Samhain 2007, caithfidh duine ar bith atá ag pósadh in Éirinn (is cuma an saoránach Éireannach nó náisiúnach coigríche iad) fógra trí mhí a thabhairt sula bpósann siad. Caithfidh tú an fógra seo a thabhairt go pearsanta do Chláraitheoir ar bith. Faigh amach anseo cén chaoi a dtugann tú fógra don Chláraitheoir go mbeidh tú ag pósadh in Éirinn.
Tá bealaí éagsúla dlíthiúla chun pósadh in Éirinn; d’fhéadfá searmanas reiligiúnda nó searmanas sibhialta a roghnú. Tugaimid treoir do na bealaí dlíthiúla chun pósadh in Éirinn amháin. Faigh amach faoi searmanais phósta shibhialta in Éirinn anseo. Léigh eolas ginearálta faoi searmanais reiligiúnda phósta in Éirinn anseo. D’fhéadfadh riachtanais difriúla a bheith ag creidimh dhifriúla, mar sin seiceáil roimh ré le ball cuí den chléir chun tuilleadh eolais a fháil.
Ón 5 Samhain 2007, is cuma cén bealach a phósann tú (i., trí shearmanas sibhialta nó reiligiúnach), tá an próiseas cláraithe mar an gcéanna. (Tá socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm dóibh siúd a thug fógra don Chláraitheoir roimh an 5 Samhain 2007.) Tar éis duit fógra a thabhairt, déanann an Cláraitheoir Foirm Chláraithe Pósta (FCP) a eisiúint, a thugann údarú duit le pósadh. Tugann tú í seo chuig cibé duine a bheidh ag sollúnú an phósta agat. Tar éis an tsearmanais phósta, ba chóir an FCP comhlánaithe a thabhairt chuig an gCláraitheoir laistigh d'aon mhí amháin, chun go gclárófar an pósadh.
Má tá sé i gceist agat pósadh thar lear, ba cheart duit a thuiscint go mbraitheann bailíocht dlithiúil do phósta, i bpáirt, ar dhlíthe na tíre ina bpósann tú. Sna chuid is mó de chásanna, fiú muna mbaineann sé le chuile chás, bíonn na nósanna dlíthiúla an-éagsúil ó na cinn in Éirinn. Tá eolas ar fáil anseo do shaoránaigh Éireannacha atá ag pleanáil pósta thar lear.
YB’fhéidir nárbh fheasach duit, ach bíonn tionchar ag pósadh ar go leor réimsí de do shaol. Cuimsíonn siad árachas saoil agus pinsin, oidhreacht, ceapadh maidir le hatharthacht, agus fiú cáin. Faigh amach cén tionchar atá ag pósadh ar do stádas dlíthiúil anseo.
Is gealltanas tromchúiseach é pósadh. Má tá tú feasach ar na nósanna imeachta éagsúla roimh ré ba cheart go gcabhróidh sé sin leat do phósadh a phleanáil agus a eagrú. Chomh maith leis sin, má tá tú feasach ar na bealaí ina mbeidh tionchar ag pósadh ar do stádas dlíthiúil, cabhróidh sé sin leat na bealaí ina mbeidh tionchar ag an bpósadh ar do chearta agus do theidlíochtaí i rith do shaoil, a thuiscint.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.