Eolas
Nuair atá tú cinnte go bhfuil
cumas pósta agat, is féidir
leat cinneadh a dhéanamh cén chaoi ar mhaith leat pósadh in Éirinn.
D'fhéadfá pósadh tuata in Oifig Chláraithe a roghnú nó pósadh trí
shearmanas reiligiúnach. Tá póstaí a tharlaíonn in Éirinn trí
shearmanais reiligiúnacha sonraithe nó trí shearmanas sibhialta (is é sin,
in Oifig Chláraithe nó áit cheadaithe eile) chomh bailí céanna agus
ceangailteach de réir dlí na hÉireann.
Má chinneann tú searmanas reiligiúnach nó sibhialta a bheith agat, beidh
Foirm Chláraithe Pósta de dhíth ort, a aimseoidh tú trí na
riachtanais fógartha a
chomhlíonadh.
Sonraigh le do thoil go ndéileálann an rannóg seo le
riachtanais
dhlíthiúla amháin maidir le pósadh atá bailí de réir dlí. Má tá
tú ag pósadh trí shearmanas
reiligiúnach, ba chóir duit na
riachtanais reiligiúnacha a phlé le ceiliúraí an phósta agat.
Baineann na nósanna imeachta a leanas le duine ar bith atá ag pósadh in
Éirinn, cibé an saoránach na hÉireann nó náisiúnach coigríche atá i
gceist.
Rialacha
Má tá tú ag pósadh in Éirinn trí shearmanas sibhialta in Oifig
Chláraithe nó áit cheadaithe eile, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le
Cláraitheoir
na bPóstaí Sibhialta don dúiche ina bhfuil sí beartaithe agat pósadh,
chun faisnéis a fháil maidir leis an gceist a bhogadh ar aghaidh. Má tá tú
ag pósadh trí shearmanas reiligiúnach, ba
chóir duit teagmháil a dhéanamh le húdaráis an tsainchreidimh lena
mbaineann, chun comhairle a fháil maidir leis an gceist a bhogadh ar aghaidh.
Ón 5 Samhain 2007, déanann An
tSeirbhís um Chlárú Sibhialta Clár
Sollúnóirí an Phósta a choinneáil, agus caithfidh duine ar bith atá
ina shollúnaí de phósadh sibhialta nó reiligiúnach a bheith ar an gClár.
Is féidir an Clár a scrúdú in Oifig Chláraithe ar bith.
Is féidir pósadh atá ceangailteach de réir dlí a cheiliúradh in Éirinn,
i searmanas sibhialta nó reiligiúnach, atá aitheanta de réir an dlí
sibhialta chomh maith mar chonradh sibhialta.
Tá an foras reiligiúnach a bhfuil an pósadh faoina gcoimirce freagrach as
feiliúnacht an ionaid a roghnaíonn tú do shearmanas reiligiúnach an
phósta. Déantar searmanais an phósta sibhialta a thionól in Oifig
Chláraithe nó, ón 5 Samhain 2007, in ionad ar bith, chomh fada agus a bhfuil
an t-ionad ceadaithe ag an gCláraitheoir. Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh
leis an gCláraitheoir ionas gur féidir an t-ionad a scrúdú.
Do mhóideanna pósta a athnuachan
De réir dlí in Éirinn, ní féidir le duine pósadh in athuair má tá siad
cheana féin pósta (fiú amháin más don duine céanna é). Ciallaíonn sé
seo nach féidir leat i bhfírinne, do mhóideanna pósta a athnuachan i
searmanas sibhialta in Éirinn.
Cibé ar bith, tá traidisiún fada de "bheannachtaí Eaglaise" in Éirinn.
Tarlaíonn sé seo nuair a bhíonn daoine Éireannacha pósta i searmanais
shibhialta thar lear, agus bíonn siad pósta i searmanas reiligiúnach an
chéad uair eile a fhilleann siad ar an mbaile. Uaireanta, faigheann daoine
atá cónaí in Éirinn an pósadh beannaithe i searmanas reiligiúnach, mar
chomóradh ar cheiliúradh nó imeacht speisialta.
Déan teagmháil le duine oiriúnach áitiúil den chléir, agus ba chóir go
mbeidís ábalta tú a chur i dteagmháil le comhghleacaí in Éirinn. Má
chónaíonn tú in Éirinn agus más maith leat do phósadh a bheith
beannaithe, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le duine den chléir
áitiúil.