Tar éis thosach Choda 6
den Acht um Chlárú Sibhialta 2007 ar an 5 Samhain 2007, chun pósadh go
dleathach, tá sé de dhíth ort Foirm Chláraithe Pósta (FCP) a fháil ón
gCláraitheoir, agus caithfidh duine ar bith atá ag sollúnú do phósadh a
bheith ar Chlár
na Sollúnóirí. Eisíonn an Cláraitheoir an FCP nuair a thugann tú fógra 3 mhí
don Chláraitheoir.
Tá sé indéanta anois pósadh trí shearmanas sibhialta in Oifig
Chláraitheoir na bPóstaí Sibhialta nó in ionad eile atá ceadaithe ag an
gCláraitheoir.
Má tá tú ag pósadh trí shearmanas sibhialta in Oifig Chláraithe nó
áit cheadaithe eile, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Cláraitheoir na
bPóstaí Sibhialta don dúiche ina bhfuil sé beartaithe agat pósadh, chun
faisnéis a fháil maidir leis an gceist a bhogadh ar aghaidh. Níl chaithfidh
tú bheith i do chónaí sa dúiche ina bhfuil tú ag iarraidh pósadh.
Chomh maith le searmanas an phósta sibhialta agat a eagrú, caithfidh tú
fógra 3 mhí a thabhairt do Chláraitheoir. Ní gá go mbeadh an Cláraitheoir
céanna i gceist.
Is féidir searmanas sibhialta a thionól san Oifig Chláraithe nó in ionad
eile atá ceadaithe ag an gCláraitheoir. Ní foláir nó go mbeidh
Cláraitheoir ar fáil chun an pósadh a shollúnú.
Más mian leat a bheith pósta in ionad lasmuigh den Oifig Chláraithe, ba
chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Chláraithe don dúiche ina
bhfuil an t-ionad lonnaithe, ionas gur féidir socruithe a dhéanamh chun an
t-ionad a cheadú. D'fhéadfadh an Cláraitheoir an t-ionad a scrúdú sa chás
seo.
Níl ionaid cosúil le hollphubaill, teaghaisí príobháideacha, nó amuigh
faoin aer inghlactha. Tá Treoirlínte na
n-Ionad Pósta ar fáil ó láithreán gréasáin an
Phríomh-Chláraitheora. Chun cinntiú go bhfuil an t-ionad ceadaithe in am don
phósadh, ba chóir duit an cead a eagrú tamall maith sula dtugann tú fógra
don Chláraitheoir.
Gearrtar táille bhreise do shearmanas sibhialta a thionóltar in ionad
lasmuigh den Oifig Chláraithe.
Ma dhéanann tú na riachtanais fógartha 3 mhí a chomhlíonadh agus nach
bhfuil aon bhac pósta i gceist, eiseoidh an Cláraitheoir Foirm Chláraithe
Pósta (FCP) a thabharfaidh cead pósta duit. Ba chóir duit FCP a thabhairt
don Chláraitheoir a dhéanfaidh an pósadh a shollúnú roimh an tsearmanais
phósta.
Díreach tar éis an tsearmanais phósta, caithfidh FCP a beith sínithe agat
féin, ag do chéile, ag an mbeirt fhinné agus ag an gCláraitheoir.
Déanfaidh an Cláraitheoir an pósadh a chlárú chomh luath agus
is féidir tar éis an phósta.
Is é an Cláraitheoir, atá ar Chlár na Sollúnóirí, a dhéanann searmanas an phósta a shollúnú. Caithfidh an searmanas tarlú i láthair beirt fhinné atá 18 bliana d'aois nó os a chionn. Le linn an tsearmanais, caithfidh tú féin agus do chéile bheartaithe dhá dhearbhú a thabhairt:
Mura bhfuil dóthain tuisceana agat féin, ag an gcéile beartaithe, nó ag ceachtar den dá fhinné ar an teanga in bhfuil an searmanas á thionól, caithfear seirbhísí ateangaire a sholáthar. Is tusa atá freagrach as na seirbhísí a sholáthar.
Níl ghearrtar aon táillí breise i leith searmanais shibialta a thionóltar in ionaid lasmuigh d'Oifigí Cláraithe.
Tá fáil ar liosta Cláraitheoirí anseo agus tá fáil ar shonraí teagmhála i gcomhair do Chláraitheoir áitiúil ó d'Oifig Sláinte Áitiúil i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.