Is Eagraíocht reachtúil í An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh a bhunaigh An Roinn Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh i mBealtaine 2003 faoin Acht fán nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh, 2001 Thug sé seo le chéile na cláir agus na seirbhísí ar mhaithe leis an teaghlach ar thionscain an Rialtas le blianta beaga anuas iad agus arbh aidhm dóibh:
I mí an Mheithimh 2011, ghlac an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige an fhreagracht as an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh. I mí na Samhna 2011, d'aistrigh an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh, a bhí mar chuid na Gníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh, leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.
Tá na cláir agus na seirbhísí as a bhfuil an ghníomhaireacht freagrach leagtha amach sa doiciméad seo.
Tugann An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh taca do bhreis agus 70 Ionad Acmhainní Teaghlaigh ar fud na tíre.
Soláthraíonn na hionaid seo réimse mhór tacaíochta do dhaoine éagsúla i measc an phobail trí bhíthin ghníomhaíochtaí mar:
Chun leas a bhaint as clár nó as seirbhís atá arna chur ar fáil ag ceann de na hionaid seo, ba cheart dul i dteagmháil go díreach leis an ionad féin.
Oibríonn An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh scéim deontas d’eagraíochtaí deonacha a chuireann na seirbhísí seo a leanas ar fáil:
Fógraítear an scéim deontais deireadh Mí Eanáir gach aon bhliain, agus is é deireadh Mí Feabhra an spriocdháta do na hiarratas.
Is féidir leat eolas a fháil maidir le seirbhísí comhairleoireachta i do cheantar ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh.
Déanann an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh taighde ar réimsí
staidéir a bhaineann leis na feidhmeannais a bhfuil cuntas orthu roimhe seo.
Soláthraíonn sí faisnéis ar chúrsaí pósta agus comhchaidrimh, ar
dhualgais na tuismitheoireachta agus an teaghlaigh, ar idirghabháil teaghlaigh
agus ar ábhair eile a bhaineann leo seo.
Tá liosta fhoilseachán
na gníomhaireachta le fáil anseo.
St. Stephen's Green House
Earlsfort Terrace
Dublin 2
Teil:+353 1 611 4100
Facs:+353 1 676 0824
Láithreán Gréasáin: http://www.fsa.ie
R-phost: info@fsa.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.