Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Sochair agus teidlíochtaí teaghlaigh

Print Page Send to a Friend

Sochair agus teidlíochtaí teaghlaigh

Eolas

Ag brath ar stádas teaghlaigh, féadfaidh daoine atá ina gcónaí in Éirinn leas a bhaint as raon de shochair agus de theidlíochtaí leasa shóisialaigh de réir cánach agus fostaíochta.

Tacaí Leasa Shóisialaigh

Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí leasa shóisialaigh chun tacú le teaghlaigh ina n-áirítear lánúineacha comhchónaitheacha agus páirtnéireachtaí sibhialta, go háirithe iad siúd le leanaí. Tá na híocaíochtaí seo tástáilte ó thaobh acmhainne agus bunaithe ar ranníocaíochtaí árachas sóisialta. Tá tacaíochtaí ar fáil chomh maith dóibh siúd i bhfostaíocht ar phá íseal agus do thuismitheoirí atá ag tógáil leanaí gan tacaíocht ó pháirtí. Tá íocaíochtaí ann chomh maith do dhíleachtaí. Léigh faoi na híocaíochtaí leasa shóisialaigh éagsúla atá ar fáil anseo.

Faoi rialacháin AE, ní chaithfidh saoránaigh AE/LEE agus náisiúnaithe Eilbhéiseacha atá fostaithe nó féin-fhostaithe in Éirinn agus atá faoi réir chóras árachas sóisialta na hÉireann an coinníoll gnáthchónaithe a shásamh chun cáiliú do Shochair Teaghlaigh.

Cánacha

I mbliain phósta no cláraithe na páirtnéireachtaí sibhialta, caitear leat ar nós duine singil do chúiseanna cánachais. Dá n-íocfá níos lú cáin dá gcaithfí leat mar dhuine pósta no páirtnéir sibhialta, áfach, is féidir leat cur isteach ar aisíocaíocht. Do bhlianta iarshnígh, is féidir le daoine pósta nó páirtnéirí sibhialta rogha a dhéanamh idir trí rogha.

Níl aon fhaoisimh chánacha sonraithe do leanaí. Tá Creidmheas Cánach do Leanbh Éagmusach má tá éagmus buan ar do leanbh, áfach, agus Creidmheas Cánach do Chúramóir Teaghlaigh, áit a bhfuil céile amháin ag cúram do chleithiúnach ar nós linbh. Tá bileog ar Chreidmheas Cánach do Chúramóir Teaghlaigh ar fáil anseo(pdf) na gCoimisinéirí Ioncam, agus tá eolas ar fhaoisimh chánacha do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil anseo.

faoisimh chánacha do theaghlaigh aonteaghlaigh ann. Tá creidmheasanna cánacha agus liúntais ar féidir le teaghlaigh a fháil chomh maith.

Breith

D’fhéadfadh go mbeifeá ábalta leas a bhaint as teidlíochtaí de réir fostaíochta agus as íocaíochtaí leasa shóisialaigh a bhainfeadh le breith do linbh. Má tá tú i dteideal saoire thuismitheoirí, féadfaidh tú saoire gan íocaíocht a ghlacadh le haire a thabhairt do leanaí, agus sin a dhéanamh gan éifeacht a bheith aige ar mhórchuid de do chearta fostaíochta.

Bás

Cuireann an córas leasa shóisialaigh agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte íocaíochtaí aon uaire áirithe ar fáil mar chúnamh i gcás báis sa teaghlach. Cuirtear deontais ar fáil, mar shampla, le cúnamh a thabhairt le costais sochraide. Tá rialacha faoi leith ann freisin i dtaobh cánachais sa bhliain inar bhásaigh duine agus i dtaobh creidmheasanna cánach le haghaidh baintreach. Nuair a ritear an reachtaíocht, caithfear le páirtnéirí sibhialta mharthanaigh ar an gcaoi chéanna le baintreacha ar chúiseanna cánacha.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 June 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.