Tá ról teoranta ag an AE i gcúrsaí dlí teaghlaigh. Tá a chuid rialacha féin ag gach ballstát aonair maidir le scaradh, colscaradh, cothabháil céilí agus leanaí, caomhnóireacht agus cúrsaí dlí teaghlaigh eile. Is é ról an AE go príomha ná a chinntiú gur féidir cinntí a dhéantar i dtír amháin a chur i bhfeidhm i dtír eile. Tá ról freisin ag an AE ó thaobh cinneadh a dhéanamh cén tír ag a bhfuil dlínse chun éisteacht le cás ar leith. Go fíreannach, níl rialacha ag an AE a rialaíonn, mar shampla, cé atá i dteideal caomhnóireachta nó rochtana ach tá rialacha aige a dhéanann iarracht a chinntiú gur féidir orduithe caomhnóireachta agus rochtana a dhéantar i dtír amháin a chur i bhfeidhm i dtír eile.
Tháinig rialacha an AE maidir le horduithe pósta (colscaradh, scaradh, neamhniú) agus roinnt orduithe um fhreagracht tuismitheoirí (caomhnóireacht agus rochtain den chuid is mó) i bhfeidhm i Márta 2001. Tháinig rialachán nua maidir le cúrsaí pósta agus freagracht tuismitheoirí i bhfeidhm i Márta 2005. Ní raibh aon athrú suntasach sna rialacha ar chúrsaí pósta i gceist leis seo ach bhí athruithe sna rialacha a rialaíonn freagracht tuismitheoirí. Tháinig rialacha an AE maidir le forfheidhmiú na n-orduithe cothabhála i bhfeidhm i Márta 2002.
Má thagann na páirtithe uile i ndíospóid dlí teaghlaigh ó thír amháin agus má tá siad ina gcónaí sa tír sin éisteann cúirteanna na tíre sin leis an díospóid de ghnáth agus déantar cinneadh agus cuirtear i bhfeidhm é de réir dlíthe na tíre sin. Tagann fadhbanna chun cinn mura bhfuil na páirtithe go léir ina gcónaí sa tír chéanna nó mura bhfuil siad go léir ina náisiúnaigh den tír chéanna. Seans nach mbeadh sé soiléir cén tír gur chóir dá cúirteanna na cinntí a dhéanamh, cén tír gur chóir dá dlíthe a bheith curtha i bhfeidhm agus cén chaoi ar féidir leis na cinntí a dhéantar i dtír amháin a bheith curtha i bhfeidhm i dtír eile.
Tá a rialacha féin ag gach tír faoin gcaoi ar chóir plé leis an easaontacht dlíthe seo. Tá seans ann go mbeadh dlínse ag roinnt tíortha éisteacht leis an díospóid agus go gcuirfeadh siad uile dlíthe éagsúla i bhfeidhm. D’fhéadfadh na nósanna imeachta chun breithiúnais a aithint agus a chur i bhfeidhm i dtír eile a bheith deacair agus neamhfhéideartha uaireanta. De ghnáth, má tá breithiúnas agat ó chúirt i dtír amháin, tá ort dul trí nós imeachta breithiúnach eile i dtír eile le go gcuirfear i bhfeidhm inti é (tugtar ‘exequatur’ ar an bpróiseas seo).
Tarlaíonn na fadhbanna seo idir na tíortha go léir agus ní hamháin idir ballstáit an AE. Aontaíodh ar roinnt coinbhinsiún idirnáisiúnta a phléann lena leithéid d’easaontacht dlíthe. Leantar leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta seo a chur i bhfeidhm idir ballstáit an AE agus ballstáit neamh-AE. Tá rialacha an AE maidir le cúrsaí dlí teaghlaigh infheidhmithe i ngach ballstát de chuid an AE ach amháin an Danmhairg - ciallaíonn sé sin má bhíonn easaontacht dlíthe idir an Danmhairg agus ballstát eile de chuid an AE, tá an t-ábhar faoi rialú na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta má bhíonn siad ábhartha.
Níl an AE i dteideal dlíthe a dhéanamh ach amháin sna limistéir ina dtugann na conarthaí saininniúlacht dó a leithéid a dhéanamh. Níl aon inniúlacht faoi leith aige dlíthe a dhéanamh maidir le colscaradh, cothabháil nó freagracht tuismitheoirí. Ciallaíonn sé seo nach féidir leo dlíthe a dhéanamh ag leagan amach na dtéarmaí faoinar féidir colscaradh a cheadú nó freagracht céilí as íocaíochtaí cothabhála a dhéanamh nó conas ar chóir cinntí a dhéanamh maidir le rochtain ar leanaí.
Tá an inniúlacht ag an AE comhoibriú breithiúnach a chur chun cinn i
gcúrsaí sibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu áfach. Tá sé tar
éis roinnt rialachán a dhéanamh a phléann le comhoibriú breithiúnach i
gcúrsaí sibhialta. De ghnáth, tá na rialacháin seo bunaithe ar phrionsabal
an aitheantais fhrithpháirtigh – is é sin ná, gur chóir cinntí a
dhéantar go dleathach i mballstát amháin a aithint agus a chur i bhfeidhm
sna ballstáit eile agus gur chóir go mbeadh na nósanna imeachta chun a
leithéid a dhéanamh chomh simplí agus is féidir. Go ginearálta bíonn
rialacha an AE i réimse an dlí teaghlaigh bunaithe ar na coinbhinsiúin
idirnáisiúnta a bhí ann cheana féin ach nár cuireadh i bhfeidhm i gcónaí
nó nach raibh meicníochtaí ag baint leo a chinntigh gur cuireadh i bhfeidhm
iad.
Tá orduithe cothabhála a aithint agus a fhorfheidhmiú i mballstáit an AE faoi rialú Rialachán 44/2001 an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus breithiúnais a aithint agus a chur i bhfeidhm i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála. Tugtar “an Bhruiséil I” ar an rialachán seo agus tá sé i bhfeidhm in Éirinn ó Mhárta 2002 i leith. Tháinig sé in ionad Choinbhinsiún na Bruiséile 1968 i ngach stát de chuid an AE ach amháin an Danmhairg. Tá feidhm ag an gCoinbhinsiún sin fós i leith tíortha eile.
Bíonn feidhm ag an Rialachán i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála agus tugann sé rialacha mionsonracha i roinnt réimsí lena n-áirítear conarthaí tomhaltóirí agus conarthaí fostaíochta ar leith. Ní chlúdaíonn sé raon ábhar lena n-áirítear cánachas, stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine, cúrsaí pósta, uachtanna agus comharbas agus leas sóisialta.
Nílimid ach ag féachaint ar a ról maidir leis an dlí teaghlaigh anseo. Baineann sé le horduithe cothabhála i gcásanna dlí teaghlaigh. Pléann sé le dlínse – cén chúirt ar féidir léi éisteacht leis an gcás – agus orduithe cothabhála a chur i bhfeidhm.
Forálann sé, más creidiúnaí cothabhála tú (tá airgead dlite duit faoi ordú cothabhála), d’fhéadfá agra a dhéanamh i leith an fhéichiúnaí cothabhála (an duine a bhfuil an t-airgead dlite uaidh/uaithi) sa bhallstát ina bhfuil tú i do chónaí nó i do ghnáthchónaí má tá an féichiúnaí cothabhála ina chónaí i mballstát eile. D’fhéadfadh an chúirt atá ag plé le himeachtaí colscartha nó scartha cinneadh a dhéanamh faoi chúrsaí cothabhála, chomh fada is nach bhfuil a dlínse chun a leithéid a dhéanamh bunaithe ach ar náisiúntacht páirtí amháin.
Tá breithiúnas faoi chothabháil a thugtar i mballstát amháin infheidhmithe sna ballstáit eile – is féidir le páirtí a iarraidh go gcuirfear i bhfeidhm é agus dearbhú a fháil a dheir go bhfuil sé infheidhmithe. Ní mór don chúirt a dhearbhú go bhfuil sé infheidhmithe ach amháin:
Go fírinneach, tá an breithiúnas eachtrach infheidhmithe geall le go huathoibríoch ach bíonn gá le nós imeachta cúirte ina leith.
Tháinig Rialachán 805/2004 an 21 Aibreán 2004 a chruthaigh Ordú Forfheidhmithe Eorpach maidir le héilimh neamhchonspóidithe i bhfeidhm in Éirinn ar an 21 Deireadh Fómhair 2005. Tá feidhm ag an rialachán seo mura dtugann an féichiúnaí atá ina chosantóir cosaint ar bith ar an éileamh a dhéanann an creidiúnaí agus ní bhaineann sé ach le breithiúnais a rinneadh i ndiaidh dó teacht i bhfeidhm. Forálann sé gur féidir orduithe neamhchonspóidithe – orduithe cothabhála san áireamh – a fhorfheidhmiú go díreach i mballstát eile gan dul trí phróiseas breithiúnach eile sa stát sin. Caithfear breithiúnas a dheimhnigh an chúirt i mballstát amháin mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach a fhorfheidhmiú amhail is go dtugadh sa bhallstát ina bhfuil an forfheidhmiú á iarraidh é.
Tugadh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hÍocaíochtaí Cothabhála a Aisghabháil Thar Lear (Coinbhinsiún Nua-Eabhrac) i bhfeidhm in Éirinn i Samhain 1995 leis an Acht Cothabhála 1994. Tá an Coinbhinsiún deartha chun aisghabháil cothabhála a éascú do dhuine atá ina chónaí i ndlínse amháin i gcoinne duine atá ina chónaí i ndlínse eile. Má theastaíonn uait ordú cothabhála a chur i bhfeidhm i dtír nach bhfuil clúdaithe faoi Rialachán an AE ná faoi Choinbhinsiún na Bruiséile, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Údarás Lárnach um Ghnóthú Cothabhála Eachtraí sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun cabhair a iarraidh. Tá an Roinn freagrach as éilimh ar chothabháil a tharchur agus a fháil faoin gCoinbhinsiún.
Tá tuilleadh faisnéise faoi chothabháil le fáil inár ndoiciméad ar orduithe
agus comhaontuithe cothabhála.
Tháinig Rialachán 1347/2000 an 29 Bealtaine 2000 (ar a dtugtar “Rialachán na Bruiséile II”) i bhfeidhm i Márta 2001. Leag sé amach na rialacha maidir le dlínse agus le breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí a bhaineann le freagracht tuismitheoirí i leith leanaí an bheirt chéilí. (Cuimsíonn cúrsaí pósta colscaradh, neamhniú agus scaradh dlíthiúil ach ní chuimsíonn sé, mar shampla, iarmhairtí maoine an phósta agus an chúis leis an gcolscaradh.)
Tháinig Rialachán 2201/2003 (“Rialachán nua na Bruiséile II” nó “an Bhruiséil II bis”) in ionad an rialacháin sin do chásanna a tháinig chun cinn ar nó dá éis 1 Márta 2005 ach a rialacha maidir le cúrsaí pósta beagnach gan athrú. Tá Treoir Chleachtaidh maidir le cur i bhfeidhm Rialachán nua na Bruiséile II (pdf) ar fáil.
Ní leagann an Rialachán amach riail ghinearálta amháin faoi dhlínse i gcúrsaí pósta. Forálann sé gur féidir leat caingean pósta a ghlacadh i gcúirteanna an bhallstáit ina bhfuil nó ina raibh duine díobh nó an bheirt agaibh i bhur ngnáthchónaí, nó i gcúirteanna an bhallstát óna dtagann an bheirt agaibh ó dhúchais nó ina bhfuil sibh i bhur sainchónaí. Ciallaíonn sé sin, dar ndóigh, go bhféadfaí caingean a ghlacadh i roinnt stát. Forálann an Rialachán, chomh luath is atá imeachtaí tosaithe i mballstát amháin gur gá do na stáit eile dlínse a dhiúltú ansin. Ní phléann an Rialachán leis ceist maidir le cén dlí atá infheidhmithe. Is ábhar é seo don bhallstát a bhfuil dlínse aige. Mar shampla, cuireann an chuid is mó de na tíortha, seachas Éire agus an Ríocht Aontaithe, dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar na páirtithe i bhfeidhm, ach cuireann Éire agus an RA dlí na tíre ina bhfuil sainchónaí orthu i bhfeidhm.
Forálann an Rialachán go gcaithfear cinneadh a dhéantar maidir le cúrsa pósta i mballstát amháin a aithint agus a chur i bhfeidhm sna stáit eile gan aon nósanna imeachta speisialta. Ní gá duit dul chuig an gcúirt le go n-aithneofaí é. D’fhéadfadh páirtí ar bith gur suim leo an scéal iarraidh ar an gcúirt sa bhallstát eile gan an cinneadh a aithint áfach. D’fhéadfadh an chúirt diúltú don chinneadh a aithint:
Níl an chúirt i dteideal éisteacht le hachomharc i gcoinne an chinnidh.
Mar a míníodh thuas, ní dhearbhaíonn dlí reatha an AE cén dlí atá infheidhmithe nuair atá iarratas ar cholscaradh á bhreithniú. Mar shampla, má theastaíonn ó dhuine Éireannach sa Ríocht Aontaithe colscaradh a fháil ó chéile Gearmánach atá ina chónaí sa Fhrainc, cén dlí náisiúnta atá infheidhmithe? Faoi láthair, tá rialacha éagsúla ag na ballstáit éagsúla ina leith seo.
I ndiaidh athbhreithnithe poiblí i bhfoirm Páipéir Uaine ar an dlínse
agus an dlí atá infheidhmithe i gcúrsaí colscartha, in Iúil 2006 mhol an
Coimisiún dréachtrialachán
ar a dtugtar “An Róimh III” (pdf). Bhí sé beartaithe go ndéanfadh
an dréachtrialachán seo an nós imeachta colscartha níos simplí do
náisiúnaigh an AE atá ina gcónaí i mballstáit eile trí phlé le rogha an
dlí infheidhmithe agus trí rialacha soiléire a leagan amach ina leith.
Roghnaigh Éire agus an RA gan a bheith páirteach sa Rialachán seo.
D’éiríodh as an Rialachán molta a thabhairt isteach i Meitheamh 2008 toisc
nach rabhthas in ann comhaontú d’aon toil a bhaint amach idir na ballstáit
eile.
Mar a luadh thuas, tháinig Rialachán Uimh. 2201/2003 maidir le dlínse agus breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú i gcúrsaí pósta agus cúrsaí a bhaineann le freagracht tuismitheoirí i bhfeidhm i Márta 2005. Tháinig an rialachán seo in ionad Rialachán 1347/2000 a bhí i bhfeidhm ó Mhárta 2001. Níor bhain an rialachán roimhe sin ach le breithiúnais maidir le freagracht tuismitheoirí a eisíodh le linn imeachtaí pósta agus níor bhain sé ach le breithiúnais maidir le leanaí na gcéilí. Baineann Rialachán 2003 leis na cinntí go léir a dhéanann cúirteanna na mballstát i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí.
Ní gá go mbeadh na tuismitheoirí pósta lena chéile. Ní gá gur tuismitheoirí bitheolaíocha an linbh iad. Ní le breithiúnais chúirte amháin a bhaineann sé. Baineann sé le comhaontuithe idir tuismitheoirí freisin má tá na comhaontuithe sin infheidhmithe sa tír ina ndearnadh iad. De ghnáth, is féidir comhaontuithe dá leithéid a aistriú go rialuithe cúirte agus iad a bheith infheidhmithe dá bharr.
Tá forálacha mionsonracha sa rialachán chun plé le cásanna a tosaíodh roimh 1 Márta 2005 ach nach ndearnadh cinneadh fúthu go dtí i ndiaidh an dáta sin agus le cásanna a ndearnadh cinneadh fúthu roimh an dáta sin ach go bhfuil meicníochtaí forfheidhmithe éagsúla ann anois ina leith. Mar shampla, má bhí ordú agat roimh 1 Márta 2005, faoin seanrialachán, a thugann rochtain ar do leanaí duit, is féidir leat leas a bhaint as na nósanna imeachta forfheidhmithe nua anois chun an t-ordú sin a chur i bhfeidhm.
Clúdaíonn an rialachán na gnéithe seo a leanas d’fhreagracht tuismitheoirí:
Cuimsíonn freagracht tuismitheoirí cearta caomhnóireachta agus cearta rochtana, caomhnóireacht, lonnú an linbh i dteaghlach altrama nó i gcúram institiúide. Ní bhaineann an rialachán le nósanna imeachta ina mbíonn na nithe seo a leanas i gceist:
Baineann an rialachán freisin le bearta áirithe maidir le maoin an linbh má bhaineann siad leis an leanbh a chosaint. Clúdaítear bearta a bhaineann le maoin an linbh, ach nach mbaineann le cosaint an linbh, i Rialachán na Bruiséile I. Is faoin mbreitheamh atá sé measúnú a dhéanamh i ngach cás ar leith cibé an mbaineann beart i leith maoin an linbh le cosaint an linbh nó nach mbaineann.
Is í an riail ghinearálta ná gurb í cúirt na tíre ina bhfuil an leanbh ina ghnáthchónaí an chúirt a bhfuil an dlínse aici i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí. Coinníonn an chúirt sa bhallstát ina raibh gnáthchónaí ar an leanbh roimh an bhfuadach dlínse chun déileáil leis an gcás ach amháin i gcúinsí teoranta áirithe, mar shampla, sa chás gur ghéill gach duine lena mbaineann san fhuadach.
Arís, de ghnáth, chomh luath is a thugtar an t-ábhar os comhair na gcúirteanna i dtír amháin, leanann an dlínse sa tír sin fiú má tá an leanbh tar éis a thír chónaithe a athrú de réir an dlí. Is féidir an cás a aistriú chuig an tír chónaithe nua má chomhlíontar coinníollacha áirithe agus dá mbeadh sé ar son barr leasa an linbh.
D’fhéadfadh na tuismitheoirí aontú go ndéanfar cinneadh ar an gceist d’fhreagracht tuismitheoirí sa chúirt a bhfuil dlínse aici ar an gcúrsa pósta nó d’fhéadfadh siad aontú go n-éistfí leis an gcás i gcúirt na tíre a bhfuil dlúthbhaint ag an leanbh léi (mar shampla, náisiúntacht).
Mura féidir gnáthchónaí an linbh a dheimhniú, ansin bíonn dlínse ag an mballstát ina bhfuil an leanbh faoi láthair.
In imthosca áirithe, d’fhéadfadh an chúirt a bhfuil dlínse aici an cás a chur ar aghaidh chuig cúirt eile má tá an chúirt eile sin i staid níos fearr chun éisteacht leis an gcás agus má tá sé ar son barr leasa an linbh. D’fhéadfadh sé seo tarlú, mar shampla, má tá an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh tar éis athrú. Tá roinnt teorainneacha ama ar an nós imeachta seo. Má athraíonn an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh toisc gur bogadh nó gur coinníodh iad go héagórach, ní féidir dlínse a athrú ach faoi choinníollacha fíorghéire amháin.
Cuimsíonn an rialachán rialacha freisin ar an méid a tharlóidh má thosaítear imeachtaí i níos mó ná ballstát amháin.
I gcásanna práinneacha, d'fhéadfadh an chúirt bearta cosanta sealadacha a ghlacadh fiú má tá dlínse ag ballstát eile ar an gceist sin.
Cruthaíonn an Rialachán córas comhoibrithe idir lárúdaráis na mballstát. Tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis seo cumarsáid a éascú idir cúirteanna na dtíortha ábhartha agus caithfidh siad comhaontuithe a éascú idir na tuismitheoirí trí idirghabháil nó trí bhealaí eile.
Caithfear breithiúnais a thugtar i mballstát amháin a aithint agus a fhorfheidhmiú i mballstát eile. Is féidir leis an gcúirt sa bhallstát eile diúltú aitheantas a thabhairt don ordú ach ní féidir é sin a dhéanamh ach ar na forais seo amháin:
Má tá iarratas á chur chuig cúirt i mballstát eile agat le haghaidh aitheantais agus forfheidhmithe, tá tú i dteideal cabhrach dlí ann más rud é go raibh tú i dteideal cabhrach dlí i do stát féin. D’fhéadfá cabhair a fháil ón lárúdarás sa tír ina bhfuil aitheantas agus forfheidhmiú á lorg agat.
I gcásanna ina bhfuadaítear leanbh, ní gá dul trí imeacht cúirte chun aitheantas a fháil.
Is é atá i gceist le fuadach leanaí ná leanaí a thógáil nó a choinneáil go neamhdhleathach. Má tá caomhnóireacht agat ar leanbh agus má fhuadaítear do leanbh chuig ballstát eile, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an stát sin chun an leanbh a fháil ar ais. Ní féidir le cúirteanna an bhallstáit chuig a bhfuadaítear an leanbh diúltú don leanbh a thabhairt ar ais ach i gcúinsí teoranta - mar shampla, mura bhfuil cosaintí imleora ann lena chinntiú nach bhfuil aon riosca tromchúiseach ann go ndéanfar dochar don leanbh sa chás go bhfillfeadh sé/sí.
Go ginearálta, caithfidh an chúirt ordú a thabhairt go dtabharfaí an leanbh ar ais láithreach. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár ndoiciméad ar fhuadach idirnáisiúnta leanaí.
Tá cearta rochtana infheidhmithe go díreach i mballstáit eile. Ciallaíonn sé seo nach gá dul chun cúirte le dearbhú go bhfuil siad infheidhmithe má eisíonn an chúirt a d’eisigh na horduithe an deimhniú riachtanach chomh maith. (Ráthaíonn an deimhniú seo gur tugadh aird ar chosaintí nós imeachta - mar shampla, gur tugadh deis do na páirtithe uile labhairt, agus gur tugadh deis don leanbh labhairt freisin más cuí.) Ní dhéanann sé aon difríocht cén duine a bhfuil na cearta rochtana acu – tuismitheoir a bhíonn i gceist de ghnáth ach d’fhéadfadh seantuismitheoir nó duine eile den teaghlach a bheith i gceist chomh maith ag brath ar na rialacha náisiúnta lena mbaineann.
Ciallaíonn an deimhniú go gcaitear leis an breithiúnas sa bhallstát nua amhail is gur breithiúnas ón stát sin é.
Tá feidhm i gcónaí le Coinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir leis na gnéithe sibhialta d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí (Coinbhinsiún na Háige 1980) agus le Coinbhinsiún na Háige (1996) maidir le dlínse, dlí infheidhmithe, aitheantas, forfheidhmiú agus comhoibriú i ndáil le freagracht tuismitheoirí agus bearta chun leanaí a chosaint i gcásanna nach bhfuil feidhm leis an rialachán.
Tá feidhm ag Coinbhinsiún na hEorpa um Aitheantas agus Fhorfheidhmiú ar Chinntí Maidir le Caomhnóireacht Leanaí agus Athchóiriú Caomhnóireachta Leanaí (Coinbhinsiún Lucsamburg) i 1980 i roinnt tíortha san Eoraip. Is beag aitheantais atá aige anois de bhrí go gclúdaíonn rialachán an AE nó Coinbhinsiún na Háige na tíortha ábhartha.
Síníodh an dá choinbhinsiún i 1980. Tugadh i bhfeidhm in Éirinn iad in
1991 leis an Acht um
Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta 1991.
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Cearnóg an Easpaig
Cnoc Réamainn
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 (0)1 479 0290/287
Lóghlao:1890 555 509
Facs:+353 (0)1 479 0201
R-phost: mainrecov@justice.ie
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Cearnóg an Easpaig
Cnoc Réamoinn
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 479 0200
Lóghlao:1890 555 509
Facs:+353 1 479 0201
Láithreán Gréasáin: http://www.justice.ie/en/JELR/Pages/International_child_abduction
R-phost: child_abduct_inbox@justice.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.