Tarlaíonn máithreacht ionaid nuair a ghlacann bean le bheith inseamhnaithe go saorga nó le suth a aistriú go dtí a broinn chun go n-éireodh sí torrach. Iompraíonn sí an leanbh ansin go téarma agus é ar intinn aici caomhnadh an linbh a thabhairt don duine/lánúin lena ndearna sí an socrú.
Faoin reachtaíocht reatha, is í an mháthair ionaid máthair nádúrtha an linbh go dlíthiúil agus is í caomhnóir an linbh í. Ní cheadaítear uchtáil phríobháideach in Éirinn, agus tá cosc ar thuismitheoir linbh glacadh le íocaíocht ar leanbh a thabhairt suas le n-uchtú. Caithfear uchtú an linbh a dhéanamh tríd an mBord Uchtála agus níl aon ráthaíocht ann go dtabharfar an leanbh a rugadh do mháthair ionaid, ar láimh don athair.
Go teoiriciúil, is féidir le fear hómaighnéasach speirm a dheonadh chun go bhféadfadh an mháthair ionaid an leanbh a ghabhadh (chomh fada agus nár íoc sé í). D'fhéadfadh sé ansin iarratas a dhéanamh chun a leanbh a uchtú agus bhreithneodh an Bord Uchtála leas an linbh. Nuair a bhíonn sé ag déanamh an chinneadh, d'fhéadfadh sé go dtógfadh an Bord Uchtála san áireamh go bhfuil an fear ina chónaí le páirtnéir hómaighnéasach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.