Na cearta atá ag lánúineacha comhchónaithe

Réamhrá

Braitheann do chearta dlíthiúla mar pháirtnéir ar cibé acu an bhfuil tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag cónaí le chéile. Go ginearálta, bíonn níos lú ceart agat má chónaíonn sibh le chéile ná má bhíonn má tá sibh pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta.

Cad é comhchónaí?

Tugtar ‘comhchónaí’, amanna, ar chónaí le duine.

Lánúin é lánúin chomhchónaithe a chónaíonn le chéile i gcaidreamh tiomanta agus collaí, nach bhfuil pósta lena chéile agus nach bhfuil i bpáirtnéireacht shibhialta. Is féidir le lánúineacha nach den ghnéas céanna nó den ghnéas céanna iad a bheith i gceist le lánúineacha comhchónaithe. Is féidir le caidreamh comhchónaithe leanúint de bheith ina chaidreamh ‘collaí’ fiú mura caidreamh gnéasach é.

Má chónaíonn sibh le chéile, d’fhéadfaí fear agus bean chéile dlí choitinn a thabhairt oraibh, amanna. Níl a leithéid ann agus fear agus bean chéile dlí choitinn i reachtaíocht na hÉireann. Bíonn cearta áirithe ag lánúineacha a chónaíonn le chéile anois, áfach, má thagann deireadh leis an gcaidreamh (trí bhás nó idirscaradh), cé go mbraitheann seo ar cé chomh fada a chónaigh sibh le chéile agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil leanaí agaibh le chéile (féach Scéim sásaimh do lánúineacha comhchónaithe).

Cén ceart atá ag páirtnéircomhchónaithe?

Cé go mbíonn cearta áirithe ag lánúineacha a chónaíonn le chéile anois i gcás go bhfaigheann ceachtar páirtnéir bás, nó go gcliseann ar do chaidreamh, níl na cearta agus na hoibleagáidí céanna dlíthiúla ag lánúineacha comhchónaithe atá ag lánúineacha pósta nó páirtnéireachtaí sibhialta. Imríonn seo tionchar ar eachtraí tábhachtacha saoil, réadmhaoin a cheannach, leanaí a thabhairt ar an saol agus oidhreacht san áireamh.

Mar shampla, má tá tú ag cónaí le do pháirtnéir agus má fhaigheann tú bás gan uacht, níl aon cheart uathoibríoch ag do pháirtnéir aon sciar de d’eastát (réadmhaoin, airgead agus iarmhais) a fháil, is cuma cé chomh fada a bhí sibh ag cónaí le chéile.

Fiú má rinne do pháirtnéir soláthar duit ina n-uacht, íocann páirtnéirí comhchónaithe Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) ag 33% ar bhronntanais/oidhreacht ar fiú breis agus €16,250 iad. Ach má fhaigheann tú bronntanas nó oidhreacht ó do chéile (d’fhear céile nó do bhean chéile) nó do pháirtnéir sibhialta, níl ort Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) a íoc.

Nuair a chuirtear na difríochtaí dlíthiúla san áireamh idir bheith pósta agus cónaí le chéile, cuirtear roinnt de na saincheisteanna in iúl ar an leathanach seo ar cheart duit breithniú a dhéanamh orthu má tá tú ag cónaí le do pháirtnéir:

  • Cearta réadmhaoine
  • Cearta réadmhaoine tar éis gur chlis ar chaidreamh comhchónaithe
  • Scéim sásaimh do lánúineacha comhchónaithe
  • Caomhnóireacht dhlíthiúil leanaí
  • Coimeád leanaí
  • Cearta rochtana a bhaineann le leanaí
  • Uchtáil
  • Altramú
  • Cearta oidhreachta
  • Cothabháil
  • Comhaontuithe comhchónaithe

Scéim sásaimh do lánúineachacomhchónaithe

Má bhí tú ag cónaí le do pháirtnéir agus má thagann deireadh le bhur gcaidreamh, b’fhéidir go mbeidh tú in ann leas a bhaint as an scéim sásaimh do lánúineacha comhchónaithe. Is í aidhm na scéime sásaimh duine den lánúin atá spleách ó thaobh cúrsaí airgeadais de a chosaint má thagann deireadh leis an gcaidreamh comhchónaithe fadtéarmach (trí bhás nó idirscaradh).

Faoin scéim sásaimh, is féidir le lánúineacha comhchónaithe orduithe a fháil ón gcúirt atá cosúil leo siúd atá ar fáil do lánúineacha pósta nuair a scarann nó a fhaigheann siad colscaradh óna chéile, má bhíonn an chúirt sásta go raibh duine díobh spleách ó thaobh cúrsaí airgeadais ar an duine eile. I measc na saghsanna orduithe ar féidir leat iarratas a dhéanamh orthu faoin scéim sásaimh tá orduithe coigeartaithe réadmhaoine, orduithe cothabhála agus orduithe coigeartaithe pinsin.

Chun iarratas a dhéanamh ar orduithe cúirte faoin scéim sásaimh, caithfidh tú a bheith i do chomháitritheoir cáilithe. Ciallaíonn seo gur gá duit na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Bhí sibh ag cónaí le chéile i gcaidreamh tiomanta agus collaí ar feadh ar a laghad 5 bliana, nó
  • Bhí sibh ag cónaí le chéile i gcaidreamh tiomanta agus collaí ar feadh ar a laghad 2 bhliain má bhí leanbh agat le do pháirtnéir

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar na horduithe seo laistigh de dhá bhliain ó tháinig deireadh le do chaidreamh, mura bhfuil imthosca eisceachtúla ann.

Leagtar rialacha na scéime maidir le Comháitritheoirí amach san Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010.

Oidhreacht

Faoi chúinsí áirithe, má fhaigheann do pháirtnéir bás agus sibh fós i gcaidreamh le chéile, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar sciar dá n-eastát, ach ní gá a chruthú go raibh tú ag brath orthu i dtaobh cúrsaí airgeadais de. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh go ndeonaítear an phrobháid nó an riaradh i dtosach.

Má tháinig deireadh le do chaidreamh 2 bhliain nó níos mó roimh an mbás nó le do iar-pháirtí, ní fhéadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ach ar chuid dá eastát má bhí tú i gcleithiúnas airgeadais orthu, mar shampla, go raibh íocaíocht chothabhála á fáil agat uathu, nó go raibh iarratas déanta aige ar an gcúirt ar ordú cothabhála, maoine nó pinsin.

Tá bronntanas nó oidhreacht a fhaightear de bhun ordú cúirte faoi Chuid 15 den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC).

I measc na samplaí lena mbaineann an díolúine, tá:

  • Aistriú réadmhaoine
  • Íocaíochtaí cothabhála
  • Orduithe coigeartaithe réadmhaoine nó pinsin
  • Sochar ó ghlaneastát comháitritheora nach maireann

Díolúine d’Áit Chónaithe

Má cháilítear thú don Díolúine d’Áit Chónaithe, b’fhéidir go mbeidh tú in ann teach an teaghlaigh a fháil le hoidhreacht ó do pháirtnéir nach maireann gan Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) a íoc sna cásanna seo a leanas:

  • Is í/ba í an réadmhaoin d’áit chónaithe phríobháideach phríomha ar feadh 3 bliana sular bronnadh an bronntanas nó an oidhreacht ort
  • Níl aon leas tairbhiúil eile agat in aon réadmhaoin chónaithe eile ag dáta na hoidhreachta
  • Leanann tú ag cónaí sa réadmhaoin ar feadh 6 bliana tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a fháil. Ní bhaineann seo má tá tú níos sine ná 65 bliain d’aois.

Mura mbaineann an Díolúine d’Áit Chónaithe, b’fhéidir go mbeidh ort CFC 33% a íoc ar luach aon oidhreachta sin ar fiú breis agus €16,250 í.

Ullmhú don todhchaí le comhaontúcomhchónaithe

Má chónaíonn tú le do pháirtnéir agus mura mbeartaíonn tú pósadh, is féidir leat do leasanna airgeadais a chosaint trí iontráil isteach in ‘comhaontú comhchónaithe’ (ar a dtugtar a comhaontú comháitritheora freisin). Comhaontú deonach sínithe é seo a cheadaíonn duit comhshocruithe laethúla airgeadais do chaidrimh a shonrú.

Is féidir leat a shonrú freisin conas a bheartaíonn tú do shócmhainní a scaradh, cosúil le réadmhaoin chomhroinnte, sa chás go dtiocfadh deireadh leis an gcaidreamh. Caithfidh an bheirt agaibh comhairle dlí neamhspleách a fháil chun go mbeidh an comhaontú bailí. Is é an buntáiste a bhaineann le comhaontú comhchónaithe go ndéanann tú ullmhú d’imeachtaí amach anseo fad a bhíonn bhur gcaidreamh cairdiúil go fóill. Ciallaíonn seo gur cheart go mbeadh na pleananna a dhéanann sibh cothrom agus réasúnta don bheirt agaibh.

Eolas breise

Ceisteanna casta iad seo ag a bhfuil impleachtaí tromchúiseacha i leith do shláine airgeadais agus is tábhachtach, dá bharr, comhairle a fháil ó ghairmí cáilithe cosúil le haturnae nó comhairleoir airgeadais ar do chúinsí ar leith. Tá comhairle ar fáil ó:

Treoir

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
V23 RD36
Éire

Teil: 066 947 1000
Lóghlao: 0818 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Samhain 2023