In go leor tíortha Eorpacha, tá aitheantas dlíthiúil tugtha do pháirtnéireachtaí comhghnéis ag gráid éagsúla. Sa Bheilg, san Ísiltír agus sa Spáinn, mar shampla, áirítear i sainmhíniú pósta caidrimh chomhghnéis, mar sin tá na cearta páirtnéireachta céanna ag leispiacha, lucht aerach agus déghnéasach agus atá ag lánúineacha pósta heitrighnéasacha. Sa Fhrainc agus sa Ghearmáin, ní féidir le lánúineacha comhghnéis pósadh, ach tá siad in ann a ‘bpáirtnéireacht saoil’ a chlárú chun stádas dlíthiúil a thabhairt di. Sa Danmhairg, san Iorua, sa tSualainn, san Íoslainn agus san Fhionlainn, tá beagnach na cearta agus na freagrachtaí céanna ag páirtnéirí comhghnéis agus atá ag lánúineacha pósta.
In Éirinn, ní áiríonn sainmhíniú ar phósadh lánúineacha comhghnéis, mar sin ní féidir leo pósadh go dlíthiúil. Faoin Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Cearta agus Oibleagáidí ar Leith do Chomhchónaitheoirí 2010, áfach, tugadh isteach scéim chláraithe pháirtnéireacht shibhialta reachtúil ar 1 Eanair 2011. Faoin scéim, tá na cearta agus oibleagáidí céanna go leathan ag páirtnéirí sibhialta cláraithe dá chéile agus atá ag lánúineacha pósta dá chéile. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár gcáipéis: Páirtnéireacht shibhialta agus lánúineacha comhghnéis.
Faoin Acht, sainmhínítear comhchónaitheoirí mar dhá aosach comhghnéis nó ar ghnéis dhifriúla iad:
Leasaigh an tAcht roinnt dlíthe a raibh cearta ar fáil cheana do chomhchónaitheoirí ar ghnéis dhifriúla iad chun na cearta céanna a bheith ar fáil do chomhchónaitheoirí comhghnéis. Áirítear iontu seo:
Thug an tAcht isteach scéim chúitimh do lánúineacha comhchónaithe chomh maith, ina n-áirítear lánúineacha comhghnéis. Chun a bheith i do chomhchónaitheoir cáilithe don scéim, caithfidh go raibh tú i do chomhchónaitheoir do ar a laghad 5 bliana nó do 2 bhliain má tá leanbh agat le do pháirtnéir. Má tá duine agaibh pósta fós, d’fhéadfaí nach bhfuil ceachtar agaibh ina gcomhchónaitheoir cáilithe go dtí go bhfuil an duine pósta ag cónaí óna chéile óna chéile do ar a laghad 4 bliana as na 5 bliana roimhe seo.
Ní chaitear le lánúineacha comhchónaithe (comhghnéis nó ar ghnéis dhifriúla) ar an gcaoi chéanna le lánúineacha pósta nó páirtneirí sibhialta do chuspóirí cánacha.
Caitheadh le lánúineacha comhchónaithe ar ghnéis dhifriúla ar an gcaoi chéanna le lánúineacha phósta sa chóras leasa shóisialaigh. Ó 1 Eanair 2011, caitear le lánúineacha comhchónaithe comhghnéis ar an gcaoi chéanna le lánúineacha comhchónaithe ar ghnéis dhifriúla. Leanann sé seo athruithe ar thug an tAcht um Leasa Shóisialaigh agus Pinsin 2010 isteach. Ciallaíonn sé seo go gcaithfear le duine de na comhchónaitheoirí mar chleithiúnach aosach nuair a dhéanann an comhchónaitheoir eile éileamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh.
Trasdulann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 Treoir AE 2004/38/EC (pdf) isteach i ndlí na hÉireann. Soláthraíonn na Rialacháin d’éascú iontrála agus cónaithe do shaoránaigh AE agus a mbaill teaghlaigh. Soláthraíonn na Rialacháin freisin do shainmhíniú níos leithne ar “bhall teaghlaigh” chun páirtnéir a bhfuil caidreamh buan ag an saoránach AE leis a áireamh, arna dhearbhú go cuí, agus tuismitheoirí cleithiúnacha, leanaí faoi 21 agus leanaí cleithiúnacha eile an pháirtnéara. Ní áiríonn sé seo aitheantas dá leithéid de pháirtnéireachtaí do chuspóirí eile. Léigh tuilleadh faoi chearta cónaithe do bhaill teaghlaigh anseo.
Do thuilleadh eolais ar chearta lánúineacha comhghnéis comhchónaithe féach ar ár gcáipéis Cearta lánúineacha comhchónaithe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.