Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Lánúineacha comhchónaithe > Pinsin, árachas saoil agus stádas pósta

Print Page Send to a Friend

Pinsin, árachas saoil agus stádas pósta

Eolas

D'fhéadfadh sé go bhfuil cnapshuim, nó pinsean le n-íoc le duine faoi leith nuair a fhaigheann tú bás nó nuair a éiríonn tú as an obair de réir an pholasaí árachas saoil nó pinsin atá agat. Sa chás seo, is féidir an té ina bhfuil tú i do chónaí leis/léi mar fhear agus bean a ainmniú mar thairbhí. Ach, tá go leor polasaithe ann a leagann síos mar choinníoll gurb é/í do c(h)éile amháin a bheidh ina t(h)airbhí. Sa chás seo, ní bheidh do phairtí nach bhfuil pósta leat i dteideal tada.

Mar a chéile, d'fhéadfadh sé go mbeadh liúntas breise le fáil i do phinsean do chéile, ach ní gá go mbeadh i gcás duine a chónaíonn leat. Déan cinnte leis an gcomhlacht árachais nó le hiontaobhaithe an phinsin faoi na coinníollacha a bhaineann le do pholasaí féin. Muna bhfuil tú pósta, ba cheart duit fiosrú an féidir tada a athrú a thabharfadh cead do do pháirtí aon sochair a fháil nach mbeadh ag dul dó/dí gan na hathruithe sin a chur i gcrích.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Polasaithe árachais saoil nár héilíodh
    Faoin Acht um Pholasaithe Árachais Saoil nár hÉilíodh, 2003 ní mór polasaithe árachais saoil in Éirinn atá díomhaoin a aistriú isteach i gCiste na gCuntas Díomhaoin.
  • Cineálacha árachais in Éirinn
    Forbhreathnú ar na cineálacha árachais atá ar fáil in Éirinn agus cá háit a gheobhaidh tú tuilleadh eolais.
  • Pinsin Phearsanta
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar na rialacha a bhaineann le pinsin phearsanta a eagraíonn daoine atá féin-fhostaithe nó fostaithe nach bhfuil aon scéim phinsin saothair acu.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.