Más caomhnóir linbh tú, bíonn dualgas ort cúram agus cothabháil cheart a thabhairt do do leanbh agus bíonn an ceart agat chun cinntí a ghlacadh faoi oideachas an linbh – bíodh sé i gcreideamh eaglasta éigin nó go dí-eaglasta – faoina riachtanais sláinte agus faoina leas ginearálta. Is ag caomhnóirí linbh amháin a bhíonn an ceart chun caomhnú agus rochtain ar an leanbh sin.
Is "comhchaomhnóirí" iad tuismitheoirí pósta linbh, agus cearta cothroma acu i ndáil leis an leanbh dá réir. Leagtar síos cearta na dtuismitheoirí chun caomhnóireachta in Alt 6 den Acht um Chaomhnóireacht Naíonán, 1964.
I gcás na leanaí a rugtar lasmuigh den phósadh in Éirinn; is ag an máthair amháin a bhíonn cearta uathoibríocha caomhnóireachta. (Cé go bhféadann ainm athar a bheith cláraithe ar theastas beireatais an linbh, ní thugann sé sin aon chearta caomhnóireachta i ndáil lena leanbh dósan.) Léigh tuilleadh faoin i 'Rialacha’ thíos.
Má shaolaítear leanbh lasmuigh den phósadh in Éirinn, is í an mháthair an t-aon chaomhnóir amháin acu. Níl seasamh athair neamhphósta an linbh chomh cinnte céanna. Má aontaíonn an mháthair, is féidir leis an athair a bheith ina chomhchaomhnóir má shíníonn an bheirt tuismitheoirí "dearbhú reachtúil". Ní foláir go síneofaí an dearbhú reachtúil (I.R. 5 de 1998) a shíniú i láthair Fheidhmeannach Síochána nó i láthair Choimisinéir Mionnaí.
Sloinntear sa dearbhú seo ainmneacha thuismitheoirí an linbh, go bhfuil siad neamhphósta agus go n-aontaíonn siad go mba chóir an t-athair a cheapadh mar chomhchaomhnóir. Maítear sa dearbhú freisin gur aontaigh na tuismitheoirí ar shocruithe maidir le caomhnú agus rochtain ar an leanbh. Má bhíonn níos mó ná leanbh amháin i gceist, ba cheart dearbhú reachtúil ar leithligh a dhéanamh do gach leanbh.
Mura n-aontaíonn an mháthair leis an dearbhú reachtúil a shíniú, ámh nó mura n-aontaíonn sí gur cheart an t-athair a cheapadh mar chomhchaomhnóir, ní mór don athair iarratas a chur faoi bhráid na cúirte lena cheapadh mar chomhchaomhnóir. Ní theastaíonn ionadaíocht dhlíthiúil uait leis an méid sin a dhéanamh, is féidir leat an t-iarratas a dhéanamh ar do shonsa féin. Tabhair iarratas isteach go díreach chuig an gCúirt Chuarda agus déan teagmháil le cléireach na cúirte le himeachtaí a thionscnamh. (Bíonn sé seo indéanta, is cuma an bhfuil d'ainm ar theastas beireatais an linbh nó nach bhfuil). Léiríonn staitisticí ón mbliain 2004 gur bronnadh orduithe i bhfabhar 70% de na 1,237 athair neamhphósta a chuir isteach ar chaomhnóireacht.
Cé go dtugtar aird do thuairimí na máthar, agus mura dtugann sí a comhthoiliú don iarratas caomhnóireachta, ní chiallaíonn sé sin go huathoibríoch go ndiúltóidh an chúirt don ordú a bhíonn á lorg ag an athair. Is amhlaidh go dtiocfaidh an chúirt chun cinneadh ar chun leas an linbh é.
Sna cásanna inar ceapadh an t-athair mar chomhchaomhnóir linbh, teastaíonn a chomhthoiliú siúd do nithe áirithe i ndáil le leas ginearálta an linbh agus míreanna eile nach é. (Cuir i gcás d’iarratais ar phas a fháil don leanbh). Léigh tuilleadh faoi phasanna do leanaí le tuismitheoirí neamhphósta anseo. Teastaíonn comhthoiliú an athar freisin um uchtú linbh ag lánúin eile (nó ag an máthair agus a fear céile). Léigh tuilleadh faoin uchtú anseo.
Na haithreacha a ceapadh ina gcomhchaomhnóirí ag cúirt nó le dearbhú reachtúil; is féidir iad a bhaint dá seasamh má bhíonn an chúirt sásta gur chun leasa an linbh é. Is é an t-aon bhealach gur féidir le máthair a cearta caomhnóireachta a thabhairt suas in Éirinn ná tríd an leanbh a thabhairt lena uchtú.
Má phósann tuismitheoirí linbh a chéile tar éis na breithe, is amhlaidh a éiríonn an t-athair ina chomhchaomhnóir den leanbh go huathoibríoch. Ní bhíonn aon ghá dá réir chun cur isteach ar chearta caomhnóireachta ná ní bhíonn aon ghá don athair an leanbh a uchtú.
Sa chás go mbíonn an t-athair ina chomhchaomhnóir agus go bpósann an mháthair fear éigin eile, fanfaidh an t-athair ina chomhchaomhnóir dá leanbh. Más mian leis an máthair agus a fear céile an leanbh a uchtú, ní mór dóibh comhthoiliú a fháil ó athair an linbh. Má thugann athair an linbh a chomhthoiliú don uchtú, is amhlaidh a thugann sé suas a cheart chun caomhnóireacht a linbhsean.
Is fíor-thábhachtach má tá tusa i do chaomhnóir linbh (go háirithe más máthair agus an t-aon chaomhnóir amháin tú) go ndéanann tú uacht, lena gceaptar caomhnóir chun feidhmiú ar do shonsa i gcás do bháis. Moltar go láidir go bpléann tú é seo le duine éigin a d'fhéadfadh feidhmiú mar chaomhnóir agus go dtugann siad a comhthoiliú lena bheith ainmnithe i d'uacht mar chaomhnóir tiomnach.
Feidhmeoidh pé caomhnóir an linbh a mhaireann (más ann dóibh) i gcomhar leis an gcaomhnóir úr ansin. Léigh tuilleadh faoi uacht a dhéanamh agus faoin méid is gá a bheith ar eolas agat air anseo.
Ní theastaíonn ionadaíocht dhlíthiúil uait chun cur isteach ar chaomhnóireacht do linbh. Soláthróidh an fhoireann i do chúirt dúiche áitiúil comhairle agus cúnamh duit chun tú a threorú tríd an bpróiseas.
Beidh ort táillí aturnae a íoc má théann tú chuig aturnaesa dlí teaghlaigh. Ba cheart go mb’fheasach duit nach bhfuil táillí aturnaetha in Éirinn socraithe, agus gur féidir leo a bheith an-éagsúil le chéile. Faigh tairiscintí agus luachanna éagsúla sula dtagann tú ar chinneadh um chuideachta dlí. Bí ar an airdeall, ámh, go gcaitheann d'aturnae gach costas a mhíniú duit roimhré.
Má tá tú incháilithe um chabhair dhlíthiúil, chaithfidh tú ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais. Is í an íostáille ná:
Téigh i dteagmháil leis an bhfoireann i do chúirt dúiche áitiúil le haghaidh eolais um an bpróiseas chun cur isteach ar chaomhnóireacht.
Dá mb’fhearr leat comhairle dlí a lorg, téigh i dteagmháil le haturnae.
Déan teagmháil leis an ionad dlí is gaire duiti gcomhair eolais um Chabhair Dhlíthiúil. Bíonn eolas ar fáil ón mBord um Chabhair Dhlíthiúil freisin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.