Cearta oidhreachta agus lánúineacha comhchónaithe

Réamhrá

Má tá tú ar a laghad 18 mbliana d’aois agus slánmheabhrach, is féidir leat uacht a dhéanamh. Má phósann tú nó má iontrálann tú páirtnéireacht shibhialta níos déanaí, cealófar an uacht sin go huathoibríoch. Mura bpósann tú nó mura n-iontrálann tú páirtnéireacht shibhialta, agus má iontrálann tú caidreamh comhchónaithe (i.e. bogann tú isteach le páirtnéir), ní bheidh aon tionchar aige ar an uacht atá ann cheana féin.

Rialacha

Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, tugtar san Acht Comharbais, 1965 ceart dlíthiúil do do chéile/pháirtnéir sibhialta marthanach chun sciar de d’eastát a fháil nuair a fhaigheann tú bás, gan aird ar a ndeirtear nó a shonraítear i d’uacht. Ní bhaineann é seo le lánúineacha comhchónaithe. I bhfriotal eile, má tá tú i gcaidreamh comhchónaithe, níl cosc ar bith ort cuid de do mhaoin nó do mhaoin go léir a fhágáil le do pháirtnéir i d’uacht.

Má tá tú i gcaidreamh comhchínaitheach agus má fhaigheann tú bás gan uacht déanta agaty, níl aon cheart uathoibríoch ag do pháirtí ar aon sciar der d’eastát is cuma cá fhad a bhí tú le chéile. Rachaidh earraí a bhí faoi chomhúinéireacht ag comhchónaitheoirí go huathoibríoch chuig an gcomhchónaitheoir a mhaireann agus ní bheidh siad mar chuid d’eastát an duine nach maireann. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh Cáin Gnóthachtan Caipitiúil iníoctha.

Má tá tú nó má bhí tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, áfach, b'fhéidir go bhfuil do chéile/pháirtnéir sibhialta go dlíthiúil i dteideal sciar de d’eastát a fháil cé go bhfuil tú scartha uaidh/uaithi anois.

Ta go leor daoine nach bhfuil eolach ar na saincheisteanna seo. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh do chearta ar eolas agat má tá tú ag comhchónaí.

Comhchónaitheoirí agus cáinoidhreachta

Fiú má rinne do pháirtí cúram duit ina (h)uacht, déileálfar leat mar strainséirí chun críocha Cánach Gnóthachtan Caipitiúil i dtéarmaí d’oidhreachta. Íocann comhpháirtithe comhchónaitheacha cáin ag 33% ar bhronntanais/oidhreacht os cionn €16,250.

I gcás lánúin chomhchónaithe, ina bhfaigheann an páirtnéir marthanach teach an teaghlaigh le hoidhreacht, b’fhéidir go mbeidh an páirtnéir marthanach faoi dhliteanas íoc as cáin oidhreachta, mura gcáilítear an páirtnéir marthanach le haghaidh díolúine chánach teach cónaithe.

Mura bhfuil uacht déanta ag dopháirtí nó mura ndearnadh cúram duit

Faoin scéim um shásamh le haghaidh lánúineacha comhchónaithe, féadfaidh comhchónaitheoir cáilithe iarratas a dhéanamh go ndéanfar soláthar dóibh ó eastát comhchónaitheora mhairbh. Má fhaigheann sásamh sa chúirt faoin scéim seo, d’fhéadfá a bheith díolmhaithe ó Cháin Gnóthachan Caipitil a íoc.

Comhchónaitheoir cáilithe

D’fhonn iarratas a dhéanamh ar chúiteamh ní mór duit a bheith i do chomhchónaitheoir cáilithe, is é sin, ní foláir duit a bheith:

  • Ag maireachtáil leis an duine ar feadh 5 bliana ar a laghad i gcaidreamh dlúth agus tiomanta nó
  • Ag maireachtáil leis an duine ar feadh 2 bhliain i gcaidreamh dlúthagus tiomanta má bhí leanbh cleithiúnach agat le do pháirtí

Má cháilíonn tú chun iarratas a dhéanamh faoin scéim sásaimh, d’fhéadfadh fós nach mbeidh tú i dteideal aon chúram nó scair d’eastát do pháirtí má fhaigheann siad bás. Braithfidh cuid mhaith ar an gcaidreamh airgeadais idir tú féin agus do pháirtí, ar chúinsí airgeadais gach comhpháirtí, ar cibé an raibh do pháirtí fós pósta nó an raibh leanaí aige agus ar mhéid an eastáit a fhágann do pháirtí.

Comhaontú comhchónaitheoirí

Féadfaidh comhchónaitheoirí “comhaontú comhchónaitheoirí” a dhéanamh a rialóidh do fhreagrachtaí airgeadais dá chéile. Le bheith bailí, caithfidh an comhaontú comhchónaitheoirí a bheith i scríbhinn agus sínithe ag an mbeirt chomhchónaitheoirí. Caithfidh go bhfuair an bheirt agaibh comhairle dlí sula ndearna sibh an comhaontú. B’fhearr go mbeidh comhairle dlí ar leithligh faighte ag gach comhchónaitheoir.

Féadann comhaontú comhchónaitheoirí a lua nach féidir le ceachtar páirtí iarratas a dhéanamh faoin scéim sásaimh. Mar sin féin, is féidir le cúirt é seo a shárú in imthosca eisceachtúla ina gcruthódh an comhaontú éagóir thromchúiseach.

Tá sé an-tábhachtach ábhar na hoidhreachta a phlé le linn do chaidrimh le do pháirtí agus comhairle dlí a lorg.

Uacht a dhéanamh

Trí uacht a dhéanamh is féidir a chinntiú go ndéanfar socruithe cearta do do pháirtí agus do do chleithiúnaithe agus go ndéantar do mhaoin a dháileadh ar an mbealach is mian leat tar éis duit bás a fháil, faoi réir cearta áirithe céilí/comhpháirtithe sibhialta agus leanaí. Is féidir le comhairle maidir le pleanáil cánach cuidiú leis an méid cánach a chaithfidh do thairbhithe a laghdú nó a íoslaghdú. Is féidir le haturnae cabhrú leat uacht a dhréachtú nó is féidir leat ceann a dhréachtú tú féin.

Cearta oidhreachta leanaí

Tá na cearta oidhreachta céanna ag leanaí maidir le heastát a dtuismitheoirí, cibé ar rugadh iad laistigh nó lasmuigh de phósadh nó an raibh siad uchtaithe. Tá tuilleadh faisnéise faoi chearta oidhreachta sa doiciméad maidir le cad a tharlaíonn d’eastát an duine nach maireann.

Teagmháil

Tá fáil ar Shonraí teagmhála le haghaidh gnólachtaí aturnaetha ar fud na hÉireann ar láithreán gréasáin Dhlí-Chumann na hÉireann.

Eagraíocht neamhspleách, dheonach iad ICDSanna (Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce) ag a bhfuil líonra clinicí comhairle á oibriú ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus oscailte do chách. Déan teagmháil le d'Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh is gaire duit chun teacht ar fhaisnéis ar sheirbhísí ICDS i do cheantar. Tá líne ghutháin faisnéise agus atreoraithe á reáchtáil ag ICDS le linn uaireanta oifige le haghaidh faisnéis bhunúsach dlí.

Chuir ICDS sraith bileoga bunúsacha i dtoll a chéile ar limistéir éagsúla an dlí a d'fhéadfadh bheith áisiúil. Tá fáil orthu seo ó d’Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus ICDS nó féadtar iad a íoslódáil ó ICDS.

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Meitheamh 2021