Nuair a theastaíonn cúnamh nó cosaint ó leanbh, d'fhéadfadh an bord sláinte é nó í a thógáil isteach faoi chúram. Déanfadh an bord sláinte cinneadh ansin ar an gcinéal cúraim a ba chóir don leanbh a fháil maidir leis an "leas is fearr" don leanbh.
Ceann de na roghanna atá ar fáil ag an mbord sláinte ná an leanbh a thabhairt do altramaí. Is é atá san altramaí ná duine seachas gaol den leanbh atá ag tabhairt cúraim don leanbh thar cheann an bhoird shláinte.
Níl tada ag cur cosc ar lánúin neamhphósta iarratas a dhéanamh chun leanbh a altramú. Níl aon chúis a cheapadh go mbreathnofaí go difriúil ar iarratas ó lánúin nach bhfuil pósta seachas iarratas ó lánúin phósta.
Má tá suim agat in altramú agus gur mhaith leat teaghlach a thairiscint do leanbh, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do bhord sláinte áitiúil.
Is eagraíocht dheonach iad Cumann Cúram Altramais na hÉireann atá ag obair leis na boird shláinte ar fud na hÉireann chun altramú a chur chun cinn mar an rogha is fearr do leanaí nach féidir leo cónaí lena gclann féin. Tairgíonn an cumann tríd a ngréasán de 27 brainse áitiúil mórthimpeall na tíre, comhairle, eolas agus tacaíocht do chúramóirí altramais. Ina theannta sin tá pacáiste eolais curtha ar fáil ag an gCumann dóibh siúd a bhfuil suim acu in altramú. Chun tuilleadh eolais agus cóip den phacáiste eolais, déan teagmháil le do thoil chuig:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.