Tá roinnt cinéalácha difríúla seirbhísí torthúlachta ar fáil in Éirinn, ina measc inseamhnú saorga agus toirchiú in-vitreach. Níl aon reachtaíocht Éireannach ag déileáil le cúnamh atáirgeadh agus go sonrach ní choscann treoirlínte eiticiúil Chomhairle Míocháine na hÉireann ar pháirtnéirí neamhphósta fáil a bheith acu ar chóireáil torthúlachta.
Tá seirbhísí torthúlachta ar fáil go ginearálta do iarrathóirí atá i "ngaol seasmhach". Glactar go gciallaíonn sé seo lánúineacha heitrighnéasacha atá pósta agus nach bhfuil pósta.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.