Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Lánúineacha comhchónaithe > Caomhnadh leanaí i gcás lánúineacha neamhphósta

Print Page Send to a Friend

Caomhnadh leanaí i gcás lánúineacha neamhphósta

Eolas

Is ceart atá i gceist le caomhnadh ná cúram fisiciúil agus smacht an linbh. Nuair a scarann tuismitheoirí linbh gan iad a bheith in ann aontú ar cé ba chóir caomhnú an linbh a bheith aige/aici, déanfaidh an chúirt an cinneadh.

Nuair atá an chúirt ag déanamh an chinnidh faoi cé ba chóir caomhnadh an linbh a bheith aige/aici, is é an ghné is tábhachtaí dó ná leas an linbh. Áiritear i leas an linbh, leas creideamh, leas morálta, leas intleachtúil, leas fisiciúil agus leas sóisialach.

Rialacha

De réir dlí is í an mháthair neamhphósta caomhnóir aonair an linbh a rugadh taobh amuigh de phósadh. Muna n-aontaíonn an mháthair an dearbhú reachtúil a shíniú, caithfidh an t-athair neamhphósta iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun a bheith ina chaomhnóir dlíthiúil dá leanbh. Chomh luath agus a bhíonn sé ina chaomhnóir dá leanbh d'fhéadfadh sé iarratas a dhéanamh ar chaomhnadh nó rochtain.

Go ginearálta, bíonn claonadh ag an gcúirt breithniú a dhéanamh sa chás nach bhfuil tuismitheoirí an linbh pósta, gurbh é leas an linbh a bheith ina chónaí lena mháthair. Tá seasamh dlíthiúil níos fearr ag an máthair seachas mar atá ag an athair neamhphósta agus go hiondúil tugtar caomhnadh an linbh di.

Go hiondúil tugann an chúirt áfach, ceart rochtana, don athair neamhphósta ionas go mbeidh deis aige teagmháil rialta a bheith aige leis an leanbh.

Muna dteastaíonn caomhnadh an linbh ón máthair neamhphósta agus go bhfuil sé ar intinn aici ligean don leanbh a uchtú, is féidir leis an athair neamhphósta iarratas a dhéanamh fós ar chaomhnadh an linbh. Is é leas an linbh an cheist is tábhachtaí don chúirt agus socrú á déanamh aici faoin gcaomhnadh a bheith ag an athair. Beidh an t-achar ama a chaith an leanbh leis na tuismitheoirí altramais ina phríomh ghné den scéal.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir le duine atá lorg ordú rochtana a dhul go dtí a C(h)úirt Dhúiche agus iarradh ar Chléireach na Cúirte iarratas i gcomhair rochtana a eisiúint, a bheidh dá sheirbheáil ar an gcéile eile. Comhairlítear ionadaíocht agus comhairle dhlíthiúil i gcónaí. Eolas teagmhála le haghaidh aturnaithe ar fud na hÉireann atá liostáilte anseo.

Chun fiosrú an bhfuil tú incháilithe le haghaidh Cúnamh Dlí, déan teagmháil le do Bhord um Chúnamh Dlíthiúil a chuirfidh chugat liosta ionaid dlí ar fud na tíre agus ansin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an ionad i do cheantar.

Is eagraíocht dheonach é FLAC (Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce) a fheidhmíonn gréasáin de chlinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus oscailte do gach duine. Déan teagmháil le do Ionad Eolais do Shaoránaigh is gaire - Cáipéis Oscailte – le haghaidh eolas ar sheirbhísí FLAC i do cheantar.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire

Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie

Ionaid Saorchomhairle Dhleathach

13 Sráid Dorset Íochtarach
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 (0)1 8745690
Facs:+353 (0)1 8745320
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie

Family Support Agency

St. Stephen's Green House
Earlsfort Terrace
Dublin 2

Teil:+353 1 611 4100
Facs:+353 1 676 0824
Láithreán Gréasáin: http://www.fsa.ie
R-phost: info@fsa.ie

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

14 Teach Gandon
Sráid an Mhéara Íochtarach,
IFSC
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 (0)1 6700120
Lóghlao:1890 252084
Facs:+353 (0)1 6700199
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
R-phost: info@treoir.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.