Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Lánúineacha comhchónaithe > Uchtáil i gcás lánúineacha neamhphósta

Print Page Send to a Friend

Uchtáil i gcás lánúineacha neamhphósta

Eolas

Níl aon aitheantas tugtha don teaghlach eisphósta faoi dhlí na hÉireann agus níl na cearta agus oibligeáidí dlíthiúla céanna aige agus atá ag teaghlach atá bunaithe ar phósadh.

Faoin reachtaíocht uchtála in Éirinn, is féidir le lánúineacha phósta, athair nó máthair an linbh, gaol leis an leanbh, baintreach fir nó baintreach mná, leanbh a uchtú. I gcásanna sonracha d'fhéadfadh an Bord Uchtálá cinneadh a dhéanamh go mbeadh sé inmhianaithe go bhféadfadh duine éigin eile an leanbh a uchtú.

Rialacha

Ní féidir le lánúineacha nach bhfuil pósta páiste a chomhuchtú. Ní féidir leo an páiste a chomhuchtú ach amháin nuair atá siad pósta agus ina gcónaí le chéile. Cuireann an riail seo cosc ar lánúineacha nach bhfuil pósta páiste a chomhuchtú fiú amháin más tuismitheoir bitheolaíoch nó dlíthiúil an pháiste duine acu. Níl moltaí ar bith in Éirinn go n-athrófar an dlí uchtála le cead a thabhairt do lánúineacha nach bhfuil pósta páiste a uchtú.

De réir an reachtaíocht uchtála, is féidir le duine singil uchtú a dhéanamh má mheasann an Bord Uchtála go bhfuil sé inmhianaithe agus ní foláir dó leas an pháiste a ghlacadh mar an chéad ní agus an ní is tábhachtaí. Ciallaíonn sé seo, má bhíonn tú i do chónaí le compánach, go bhféadfá iarratas a chur isteach chuig an bord le páiste a uchtú as do stuaim féin agus tú ag dréim an páiste a thógáil le do chompánach. Bíodh sin mar atá, ní bheadh cearta dlíthiúla ar bith ag do chompánach maidir leis an pháiste.

I Meán Fómhair 2005, thug an tArd-Aighne tuairim dlíthiúil ar chás lánúin heitrighnéasach nach raibh pósta agus a raibh rún acu páiste a uchtú. Dheimhnigh an tuairim dlíthiúil go ndéantar measúnú ar thuismitheoir amháin mar iarrthóir aonair i gcás mar seo. Ní dhéantar suntas de go bhfuil siad i gcaidreamh lena chéile ach amháin nuair a dhéantar meastachán ar chúinsí a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar leas an pháiste. I rith an tréimhse 1991-2004 bhí suas le 66 uchtú ina iomláine ag iarrthóirí singile. De ghnáth bhí gaol aitheanta ag na daoine sin leis an bpáiste cheana féin. Mar shampla, iad siúd a bhíodh ag obair in ionaid altranais thar lear san áit ar fágadh an páiste de thairbhe a thréigean. Chun go dtabharfar aitheantas do uchtú eachtrach in Éirinn, caithfidh sé cloí leis an sainmhíniú atá i ndlí na hÉireann ar uchtáil. Ciallaíonn sé seo go mbeidh feidhm ag an riail nach féidir ach le lánúineacha pósta amháin chomhuchtáil a dhéanamh.

Athruithe a mholtar don Dlí

Ar an 16 Meitheamh, 2003, chuir an Roinn Sláinte tús le próiseas comhairliúcháin leis an bpobal faoi reachtaíocht uchtála in Éirinn.

Is é an aidhm a bhí leis an bpróiseas comhairliúcháin sin ná creatlach níos nua-aimseartha agus níos oiriúnaí a spreagadh in Éirinn. Chuir an Roinn plépháipéar le chéile a rinne imscrúdú ar shaincheisteanna éagsúla. Tugadh cuireadh don phobal aighneacht a dhéanamh ar na hathruithe a moladh.

Mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin seo dréachtaíodh reachtaíocht i 2004 chun:

  • Coinbhinsiún na Háige ar Chosaint Leanaí a dhaingniú,
  • foráil a dhéanamh chun an tÚdarás Uchtála a chruthú mar an tÚdarás Lárnach a éileofar faoi théarmaí an Choinbhinsiúin
  • feidhmiú éifeacht a chur le huchtuithe idir-tíre a fhorbhreathnú
  • déileáil le saincheisteanna ilghnéitheacha maidir le huchtú intíre agus foirm speisialta nua Caomhnóireachta a chruthú
  • Táthar ag súil go ndéanfar achtú ar an reachtaíocht seo, ar a dtabharfar an Bille Uchtála (Coinbhinsiún na Háige, Údarás Uchtála agus Ilghnéitheach) i dtreo dheireadh 2005.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil le do bhord sláinte áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Bord Uchtaithe

Teach Shelbourne
Bóthar Shelbourne
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:(01) 230 9300
Láithreán Gréasáin: http://www.aai.gov.ie
R-phost: info@aai.gov.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.