Má tá ceart rochtana agat ar leanbh tá ceart agat am a chaitheamh leis an leanbh agus an leanbh a thógáil amach ar feadh tréimhsí ama a luaifear. D'fhéadfadh an ceart a bheith agat freisin go bhfanfadh an leanbh leat agus go rachadh an leanbh ar laethanta saoire leat ar feadh cuid de laethanta saoire na scoile agus go mbeadh an leanbh in ann fanacht thar oíche i do theach gach ré deireadh seachtaine.
Nuair a scarann tuismitheoirí an linbh agus muna féidir leo aontú faoi chearta rochtana, déanfaidh an chúirt cinneadh. Is é leas an linbh an ghné is tábhachtaí. Go ginearálta bíonn na cúirteanna den bharúil go bhfuil sé an-tábhachtach do leas an linbh go mbeadh gaol aige/aici leis an mbeirt thuismitheoir agus tá siad mall chun cearta rochtana a dhiúltú do thuismitheoir nádúrtha linbh.
De réir dlí is í an mháthair neamhphósta an caomhnóir aonair do leanbh a rugadh taobh amuigh de phósadh. Muna n-aontaíonn an mháthair an dearbhú reachtúil, a shíniú, caithfidh an t-athair neamhphósta iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun a bheith ina chaomhnóir dlíthiúil dá leanbh. Chomh luath agus atá sé ina chaomhnóir dá leanbh is féidir leis iarratas a dhéanamh ar chaomhnadh, nó rochtain.
Muna bhfuil cúinsí neamhghnáthacha ann, tugtar caomhnadh an linbh don máthair neamhphósta agus tugtar cearta rochtana don athair neamhphósta.
Is féidir le duine atá lorg ordú rochtana a dhul go dtí a C(h)úirt Dhúiche agus iarradh ar Chléireach na Cúirte iarratas i gcomhair rochtana a eisiúint, a dhéanfar a sheirbheáil ar an gcéile eile. Comhairlítear ionadaíocht agus comhairle dhlíthiúil i gcónaí. Eolas teagmhála le haghaidh aturnaithe ar fud na hÉireann atá liostáilte anseo.
Chun fiosrú an bhfuil tú incháilithe le haghaidh Cúnamh Dlí, déan teagmháil le do Bhord um Chúnamh Dlí a chuirfidh chugat liosta d'ionaid dlí ar fud na tíre agus ansin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an ionad i do cheantar.
Is eagraíocht dheonach é FLAC (Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce) a fheidhmíonn gréasáin de chlinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí seo rúnda, saor in aisce agus oscailte do gach duine. Déan teagmháil le do Ionad Eolais do Shaoránaigh is gaire - Cáipéis Oscailte - le haghaidh eolas ar sheirbhísí FLAC i do cheantar.
Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire
Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie
13 Sráid Dorset Íochtarach
Dublin 1
Ireland
Teil:+353 (0)1 8745690
Facs:+353 (0)1 8745320
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie
St. Stephen's Green House
Earlsfort Terrace
Dublin 2
Teil:+353 1 611 4100
Facs:+353 1 676 0824
Láithreán Gréasáin: http://www.fsa.ie
R-phost: info@fsa.ie
14 Teach Gandon
Sráid an Mhéara Íochtarach,
IFSC
Dublin 1
Ireland
Teil:+353 (0)1 6700120
Lóghlao:1890 252084
Facs:+353 (0)1 6700199
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
R-phost: info@treoir.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.