Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Páirtnéireachtaí shibhialta > Ag clárú páirtnéireacht shibhialta

Print Page Send to a Friend

Ag clárú páirtnéireacht shibhialta

Réamhrá

Faoin Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Cearta agus Oibleagáidí ar Leith do Chomhchónaitheoirí 2010, is féidir le lánúineacha comhghnéis a gcaidreamh a chlárú. Tá ar an Ard-Chláraitheoir clár a choinneáil de pháirtnéireachtaí sibhialta, clár d’fhoraitheanta díscaoileadh de pháirtnéireachtaí sibhialta agus clár neamhnithe de pháirtnéireachtaí sibhialta. Tá rialacha agus próisis an chláraithe cosúil go leathan leo siúd do chláru pósadh sibhialta, neamhnithe pósadh agus colscaradh.

Chun do pháirtnéireacht shibhialta a chlárú, caithfidh tú Foirm Chláraithe Pháirtnéireacht Shibhialta (FCPS) a fháil ó Chláraitheoir Sibhialta. Eisíonn an Cláraitheoir an FCPS nuair a thugann tú d’ fhógra 3 mhí chuig an gCláraitheoir. Is féidir leat d’fhógra trí mhí a thabhairt do Cláraitheoir i limistéir difriúil ón limistéir a mbeidh tú ag clárú do pháirtnéireacht shibhialta.

Rialacha

Féadfar páirtnéireachtaí sibhialta a bheith cláraithe amháin. Níl aon ghá le searmanas páirtnéireacht shibhialta a bheith ann, neamhchosúil le pósadh, a bhfuil gá le searmanas pósta. Tá an rogha ag páirtnéirí sibhialta searmanas a bheith acu, agus má bhíonn, tá na ceanglais mar an gcéanna leo siúd a bhaineann le searmanais phósta shibhialta.

Ba cheart dul chuig an gCláraitheoir Sibhialta don limistéir ina bhfuil sé i gceist agat an pháirtnéireacht shibhialta a chlárú d’eolas leis an gcaoi le dul ar aghaidh. Níl aon cheangaltas cónaithe sa limistéir ina bhfuil tú ag iarraidh a bheith cláraithe.

Suíomh

Is féidir searmanas páirtnéireacht shibhialta a reáchtáil in oifig an Chláraitheoir Sibhialta nó suíomh éigin eile a cheadaíonn an Cláraitheoir. Caithfidh an Cláraitheoir a bheith ar fáil freisin chun an pháirtnéireacht shibhialta a chlárú.

Má tá tú ag iarraidh an searmanas a reáchtáil i suíomh seachas oifig an Chláraitheora ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Oifig Chlárú Sibhialta don limistéir ina bhfuil an suíomh suite chun socrú a dhéanamh é a bheith ceadaithe. D’fhéadfaí go mbeadh cigireacht á déanamh ag an gCláraitheoir ar an suíomh i gceist leis seo.

Níl suíomhanna ar nós ollphubaill, áiteanna cónaithe príomhaideacha ná suíomhanna amuigh faoin aer inghlactha. Tá treoirlínte ar shuíomhanna ar fáil ar shuíomh idirlín an Chláraitheoir Ginearálta. Chun a chinntiú go bhfuil an suíomh ceadaithe in am do do shearmanas pháirtnéireacht shibhialta, ba cheart duit ceadú a shocrú i bhad roimh an am d’fógra a thabhairt don Chláraitheoir.

Beidh táille sa bhreis ar shearmanas pháirtnéireacht shibhialta a reáchtáiltear i suíomh seachas oifig an Chláraitheora.

Foirm Chláraithe Pháirtnéireacht Shibhialta

Má chomhlíonann tú na ceanglais fhógra 3 mhí agus nach bhfuil aon chol ort dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta, eiseoidh an Cláraitheoir Foirm Chláraithe Pháirtnéireacht Shibhialta (FCPS), ag tabhairt ceada duit do pháirtnéireacht shibhialta a chlárú. Ba cheart duit an FCPS a thabhairt don Chláraitheoir a bheidh ag clárú an pháirtnéireacht shibhialta roimh an searmanas pháirtnéireacht shibhialta. I gcleachtas, má bhíonn an Cláraitheoir a bheidh ag eisiú an FCSP ag clárú an pháirtnéireacht shibhialta, coinneoidh an Cláraitheoir an fhoirm.

Díreach i ndiaidh an tsearmanais, ba cheart don FSCP a bheith sínithe agat féin agus do pháirtnéir, an 2 fhianaise agus an Cláraitheoir. Cláróidh an Cláraitheoir an pháirtnéireacht shibhialta leis an eolas ar an FSCP a luaithe agus is féidir i ndiaidh an tsearmanais.

Clárú pháirtnéireacht shibhialta

Caithfidh an Cláraitheoir clárú an pháirtnéireacht shibhialta a dhéanamh i láithreacht 2 fhianaise a bhfuil aois 18 nó os a cionn acu. I rith an chláraithe, caithfidh tú féin agus do pháirtnéir 3 dhearbhú a dhéanamh:

  • Nach bhfuil aon eolas agaibh ar aon chol dá bpáirtnéireacht shibhialta,
  • Gurb éard atá i gceist agat ná cónaí agus tacú le do pháirtnéir beartaithe mar pháirtnéir sibhialta
  • Go nglacann tú le do pháirtnéir sibhialta beartaithe mar pháirtnéir sibhialta.

Seirbhísí ateangaireachta

Mura bhfuil dóthain eolais agat féin, do pháirtnéir beartaithe ná ceachtar den dá fhianaise ar an teanga ina ndéantar clárú an pháirtnéireacht shibhialta chun tuiscint céard atá á rá, caithfear seirbhísí ateangaireachta a sholáthar. Is ortsa atá an fhreagracht na seirbhísí sin a chur ar fáil.

Rataí

Ní ghearrtar aon táille do chlárú pháirtnéireacht shibhialta, ná do cheartaithe earráidí ar theastas pháirtnéireacht shibhialta. Gearrtar táillí ar chóipeanna de theastais.

Ta táille ar shearmanas pháirtnéireacht shibhialta reáchtáilte i suíomh seachas oifig an Chláraitheora.

Eisítear teastas do chúiseanna leasa shóisialaigh ar chostas laghdaithe. Teastaíonn cruthúnas gur le n-aghaidh cúiseanna leasa shóisialaigh atá sé, ar nós nóta ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Is iad a táillí a ghearrtar ar theastas ná iad seo a leanas:

  • €10 do lánteastas caighdeánach (€8 do gach cóip bhreise)
  • €1 do lánchóip ghearr (ar chúiseanna leasa shóisialaigh)
  • €6 dó chóip neamhdheimhnithe d’iontráil sa Chlár (€4 do gach cóip bhreise)

Conas iarratas a dhéanamh

Chun dáta a shocrú do chlárú do pháirtnéireacht sibhialta, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gCláraitheoir Sibhialta don limistéir ina bhfuil sé i gceist agat dul isteach i bpáirtnéireacht sibhialta.

Chun cóip de theastas pháirtnéireacht sibhialta a fháil ba cheart duit dul i dteagmháil le haon Oifig Chláraithe Sibhialta, ag sonrú an dáta sonrach agus áit an chlárú pháirtnéireacht sibhialta agus ainmneacha na 2 pháirtnéir sibhialta.

Is féidir leat cur isteach ar-líne ar chóip do theastas.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifig Chláraithe Ghinearálta d’ainm agus seoladh na gCláiritheoir(í) bainteacha.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 May 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Searmanais an phósta sibhialta
    Ag pósadh trí Shearmanas Sibhialta (in Oifig Chláraithe) in Éirinn, ina áirítear fógra a thabhairt don Chláraitheoir.
  • Ceanglais fhógra do pháirtnéireacht shibhialta
    Imlíníonn sé an nós imeachta fógra trí mhí a chaithfidh beirt pháirtí ar pháirtnéireacht shibhialta a chomhlíonadh chun do mbeidís i dteideal go dlíthiúil dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta.
  • Searmanais an phósta reiligiúnacha
    Nós imeachta chun pósadh faoi dheasghnátha agus searmanais roinnt reiligiún éagsúil in Éirinn. (Eolas ar phósadh le ceadúnas, tar éis na bannaí nó le Teastas an Chláraitheora i gceist ann freisin).

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.