Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Páirtnéireachtaí shibhialta > Ceanglais fhógra do pháirtnéireacht shibhialta

Print Page Send to a Friend

Ceanglais fhógra do pháirtnéireacht shibhialta

Réamhrá

Tá na ceanglais fhógra do pháirtnéireacht shibhialta leagtha amach in Roinn 16 den Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Cearta agus Oibleagáidí ar Leith de Chomhchónaitheoirí 2010. Caithfidh sibh coinneadh a dhéanamh le Cláraitheoir chun an fógra a thabhairt. Ní chaithfidh an Cláraitheoir a bheith ar an gCláraitheoir don dúiche ina gcónaíonn sibh, ná san áit a bhfuil sé i gceist agaibh an pháirtnéireacht shibhialta a chlárú.

Chun a chinntiú go bhfuil an fógra tugtha ar a laghad 3 mhí roimh an dáta a bhfuil sé i gceist agaibh an pháirtnéireacht shibhialta a chlárú, tá sé inmholta an coinneadh a shocrú i bhfad roimh an am.

Más Cláraitheoir do dhúiche difriúil a bheidh ag clárú an pháirtnéireacht shibhialta, caithfidh sibh dul i dteagmháil le hoifig an Chláraitheora sin chomh maith chun dáta an chláraithe a aontú agus, más gá, an láthair. Beidh orthu seo a bheith aontaithe sula mbeidh sibh in ann freastal ar an bhfógra 3 mhí.

Rialacha

Caithfidh lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta fógra a thabhairt go pearsanta chuig Cláraitheoir dá rún ar a laghad 3 mhí roimh dháta beartaithe an chláraithe. Is féidir an fógra a thabhairt d’aon chláraitheoir.

Nuair a dhéanann sibh an coinneadh leis an gCláraitheoir cuirfear ar an eolas sibh faoin bhfaisnéis agus faoi na cáipéisí a chaithfidh sibh a thabhairt libh. Go ginearálta, caithfidh tú agus do pháirtnéir sibhialta beartaithe an méid a leanas a thabhairt libh:

  • Pasanna mar aitheantas
  • Cruthúnas seolta
  • Uimhreacha UPSP
  • Táille fhógra
  • Bunteastais bhreithe
  • Bunforaithne colscartha do gach colscaradh roimhe seo má tá ceachtar agaibh colscartha. Teastóidh níos mó eolais más colscaradh eachtrannach a bhí ann agus beidh aistriúchán Béarla ceadaithe ag teastáil uaibh don fhoraithne colscartha.
  • Bunfhoraithne díscaoileadh do gach díscaoileadh roimhe seo má bhí ceachtar agaibh i bpáirtnéireacht shibhialta ar cuireadh críoch leis trí dhíscaoileadh.
  • Teastas báis chéile bhásaithe agus teastas pósta sibhialta roimhe seo más baintreach ceachtar agaibh.
  • Teastas báis pháirtnéir shibhialta básaithe agus teastas cláraithe pháirtnéireacht shibhialta roimhe seo más páirtnéir sibhialta marthanaigh ceachtar agaibh.
  • Bunfhoraithne neamhnaithe agus litir ón gcúirt ábhartha ag deimhniú nár cuireadh isteach aon achomharc má bhí ceachtar agaibh i bpósadh nó páirtnéireacht shibhialta a chuir cúirt Éireannach ar neamhní.

Beidh oraibh eolas a chur ar fáil faoin bpáirtnéireacht shibhialta bheartaithe ar nós:

  • An dáta agus suíomh atá beartaithe don chlárú
  • Ainmneacha agus dátaí breithe don bheirt fhianaise bheartaithe.

Beidh oraibh táille fhógra de €150 a íoc chomh maith.

Forógra gan chol

Nuair a chasfaidh sibh leis an gCláraitheoir beidh oraibh forógra a shíniú, i láithreacht an Chláraitheora, a luann go bhfuil a fhios agaibh nach bhfuil aon chol dlíthiúil ar bhur bpáirtnéireacht shibhialta bheartaithe.

Foirm Chláraithe Phairtnéireacht Shibhialta

Eiseoidh an Cláraitheoir admháil chuig an mbeirt agaibh ag deimhniú dáta admhála an fhógra. Ní thugann sí seo faomhadh do pháirtnéireacht shibhialta daoibh.

Nuair atá an t-eolas ar fad atá riachtanach curtha ar fáil, agus nach bhfuil aon chol ar an bpósadh, eiseoidh an Cláraitheoir Foirm Chláraithe Pháirtnéireacht Shibhialta (FCPS) chugaibh.

Tugann an FCPS údarú do lánúineacha páirtnéireacht shibhialta a chlárú agus teastaíonn ceann uaibh chun bheith in bhur bpáirtnéirí sibhialta in Éirinn. Má thugann sibh an cháipéisíocht agus an t-eolas a theastaíonn chuig an gcruinniú leis an gCláraitheoir, d’fhéafaí go mbeidh an Cláraitheoir in ann an FCPS a eisiú ar an bpointe.

Mura dtarlaíonn clárú an pháirtnéireacht shibhialta laistigh de 6 mhí ó dháta eisithe an FCPS, teastóidh FCPS nua má tá sé ar intinn agaibh fós a bheith mar pháirtneirí sibhialta. Beidh oraibh próiseas an fhógra a athdhéanamh.

Fogra poist

Ma tá ceachtar agaibh in bhur gcónaí thar lear, nó nach bhfuil sibh in ann freastal ar Oifig Chláraithe mar gheall ar thromthinneas, ba cheart daoibh dul i dteagmháil le Cláraitheoir chun cead a fháil bhur bhfógra 3 mhí a dhéanamh ar an bpost. Ma thugtar cead, seolfaidh an Cláraitheoir foirm chugaibh a chaithfidh sibh a chomhlánú agus a sheoladh ar ais.

Caithfidh sibh fós socraithe a dhéanamh chun casadh leis an gCláraitheoir ar a laghad 5 lá roimh dháta cláraithe an pháirtnéireacht shibhialta chun an forógra a dhéanamh. Teastaíonn sé seo sula bhféadfaidh an Cláraitheoir Foirm Chláraithe Pháirtnéireacht Shibhialta a eisiú.

Ordú diolúine cúirte

I gcúinsí speisialta ar leith, mar shampla, i gcás an-tromthinneas, d’fhéadfaí go mbeadh sibh in ann ordú díolúine cúirte a fháil ag ceadú do chlárú an pháirtnéireacht shibhialta dul ar aghaidh gan an fógra 3 mhí. Ba cheart dul i dteagmháil leis an An Chúirt Teaghlaigh ChuardaAn Chúirt Uachtarach sa limistéir ina gcónaíonn ceachtar agaibh do shonraí ar an gcaoi le dul ar aghaidh.

Is nós imeachta neamhfhoirmiúil é seo. Is féidir libh cur isteach air go pearsanta (gan abhcóide a fhostú). Níl aon táille cúirte ar iarratas d’ordú díolúine cúirte. Ma fhostaíonn sibh abhcóide, áfach, beidh oraibh é/í a íoc. Éileoidh an chúirt oraibh a thaispeáint:

  • Go bhfuil fáthanna maithe le bhur n-iarratas
  • Go bhfuil bronnadh a leithéid d’ordaithe diolúine chun leasa na bpáirtithe sa pháirtnéireacht shibhialta bheartaithe.

Má bhronntar ordú díolúine cúirte oraibh, beidh oraibh fós socruithe a dhéanamh leis an gCláraitheoir ar a laghad 5 lá sula bpósann sibh chun an forógra a dhéanamh. Teastaíonn sé seo sular féidir Foirm Chláraithe Phairtnéireacht Shibhialta a eisiú.

Rataí

Caithfidh sibh táille fhógra de €150 a íoc.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir fógra trí mhí a thabhairt d’aon Chlaraitheoir ach caithfear é a dhéanamh go pearsanta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín an Chláraitheora.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Is féidir libh liosta a fháil d’Oifigí Cláraithe Sibhialta anseo. Tá sonraí teagmhála do bhur gCláraitheoir áitiúil ar fáil ó d’Oifig Sláinte Áitiúil i bhFeidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 May 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Riachtanais fógartha don phósadh
    Tá cur síos sa chuid seo ar an bhfógra trí mhí nach mór don dá pháirtí i bpósadh a thabhairt ionas go mbeidh siad i dteideal pósadh go dlíthiúil.
  • Ag clárú páirtnéireacht shibhialta
    An chaoi a gcláraítear páirtnéireachtaí sibhialta in Éirinn. Treoracha freisin ar an áit agus an chaoi le teastas pháirtnéireacht shibhialta a fháil agus na costais leis seo.
  • Páirtnéireacht shibhialta agus lánúineacha comhghnéis
    Cuireadh ar bun scéim chlárúcháin pháirtnéireacht shibhialta reachtúil do lanúineacha comhghnéis in Eanair 2011 faoin Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Cearta agus Oiblieagáidí ar Leith do Chomhchónaitheoirí 2010.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.