Réamhrá
Is tiomantas tromchúiseach é a bheith mar pháirtnéir sibhialta. Is
conradh ceangailteach dlíthiúil é páirtnéireacht shibhialta a rachaidh i
bhfeidhm ar an mbeirt pháirtí an chuid eile dá saol. Tá roinnt dianrialacha
agus rialacháin a rialaíonn páirtnéireacht shibhialta. Sonraíonn an chéad
sraith rialacha cé ar féidir agus nach féidir leo a bheith ina
bpáirtnéirí sibhialta agus cé na cúinsí a bhaineann leis.
Nuair atá na conníollacha seo comhlíonta agaibh agus go bhfuil sibh
cinnte go bhfuil sibh i dteideal clárú mar pháirtnéirí sibhialta, ba
cheart daoibh macnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar mhaith leat do pháirtnéireacht shibhialta
a chlarú.
Rialacha
Chun páirtnéireacht shibhialta bailí go dlíthiúil a chonrú in Éirinn,
caithfidh na páirtithe sa phairtnéireacht shibhialta:
- Cumas a bheith acu a bheith ina bpáirtnéireachtaí sibhialta
- Toiliú go neamhshrianta a bheith ina bpáirtnéireachtaí sibhialta.
D’fhéadfadh toiliú neamhshrianta a bheith in easnamh má, ag am dul
isteach sa pháirtnéireacht shibhialta tá duine ag fulaingt ó mheisce,
ó lot inchinne, ó mhíchumas meabhrach, ó éagobhsaíocht nó gealltacht
mheabhrach, sa mhéid is nach bhfuil sé/sí in ann impleachtaí
pháirtnéireacht shibhialta a thuiscint. Maille leis sin, má aontaíonn
duine a bheith ina pháirtnéir sibhialta mar gheall ar bhagairtí nó
imeaglú, d’fhéadfaí go mbeadh a t(h)oiliú samhaltach neamhbhailí
agus go mbeadh a pháirtnéireacht shibhialta curtha ar neamhní.
- Na foirmiúlachtaí riachtanacha a chomhlíonadh.
Cumas chun a bheith mar pháirtnéir sibhialta
Chun a bheith i dteideal go dlíthiúil a bheith mar pháirtnéir sibhialta,
caithfidh an bheirt agaibh na ceanglais a leanas ag an am nuair a chláraítear
an pháirtnéireacht shibhialta a chomhlíonadh. Caithfidh an bheirt
pháirtí:
- A bheith ar aois 18 nó os a cionn
- fógra
3 mhí a bheith tugtha don Chláraitheoir den aidhm dul isteach i
bpáirtnéireacht shibhialta (nó ordú díolúine cúirt murab é seo an
cás) agus a bheith eisithe le Foirm Chláraithe Pháirtnéireacht
Shibhialta
- A bheith singil, ina mbaintreacha, colscartha, ina n-iar-pháirtnéirí
sibhialta de pháirtnéireacht shibhialta ar cuireadh deireadh leis trí
bhás nó trí dhíscaoileadh, nó a raibh neamhniú sibhialta ar phósadh
nó ar pháirtnéireacht shibhialta acu nó colscaradh nó díscaoileadh
eachtrannach bailí.
- A bheith ar chomhghnéas – do chúiseanna dlíthiúla, meastar an
inscne a bhí ag duine nuair a rugadh iad, fiú má bhí gnáthaimh
mhíochaine aige/aici go hiarshníoch chun a (h)inscne a athrú.
- An cumas intinne a bheith acu chun nádúr pháirtnéireacht sibhialta a
thuiscint
- Gan a bheith gaolta trí fhuil le bhur bpáirtnéir beartaithe ar chéim
a chuireann cosc oraibh sa dlí a bheith mar pháirtnéirí sibhialta. Má
tá gaol fola idir sibh féin agus bhur bpáirtnéir, ba cheart daoibh dul
i dteagmháil le habhcóide chun a chinntiú nach dtiteann sibh laistigh
den chéim chosctha de chaidreamh. (Féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos ar
chéimeanna cosctha).
Mura gcomhlíonann ceachtar páirtí fiú ceann de na ceanglais thuas, tá
aon pháirtnéireacht shibhialta iarshníoch curtha ar neamhní go
dlíthiúil.
Tuilleadh eolais
Céimeanna cosctha de chaidreamh
Téann cosc i bhfeidhm ar phairtnéireachtaí sibhialta idir dhaoine ar
leith a bhfuil gaol fola eatarthu ina áirítear gaol leathfhola (ciallaíonn
gaol leathfhola go bhfuil tuismitheoir amháin comónta ann, mar shampla,
leathdheartháir). Tugtar gaol fola air seo. Ní féidir le haon lanúin a
thiteann laistigh de na céimeanna cosctha de chaidreamh a bheith ina
bpáirtnéirí sibhialta.
Téann na céimeanna cosctha i bhfeidhm ar réimse leathan caidrimh
theaghlaigh. Áiríonn sé seo caidrimh agus iarchaidrimh trí uchtú.
Níl aon srian dlíthiúil ar pháirtnéireacht shibhialta idir chol
ceathracha.
Gaol fola – caidrimh fhola
Ní féidir le fear dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta:
- Lena sheanathair
- Le deartháir a sheanathar
- Lena athair
- Le deartháir a athar (uncail)
- Le deartháir a mháthar (uncail)
- Lena dheartháir
- Le mac a athar (leathdheartháir)
- Le mac a mháthar (leathdheartháir)
- Lena mhac
- Lena gharmhac (mac a mhic/iníne)
- Lena nia (mac a dhearthár/deirféar)
- Lena gharnia (mac a nia)
Ní féidir le bean dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta:
- Lena seanmháthair
- Le deirfiúr a seanmháthar
- Lena máthair
- Le deirfiúr a hathar (aintín)
- Le deirfiúr a máthar (aintín)
- Lena deirfiúr
- Le hiníon a hathar (leathdheirfiúr)
- Le hiníon a máthar (leathdheirfiúr)
- Lena hiníon
- Lena gariníon (iníon a mic/hiníne)
- Lena neacht (Iníon a dearthar/deirféar)
- Lena garneacht (Iníon a neachta)