Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Páirtnéireachtaí shibhialta > An chaoi a n-athraíonn páirtnéireacht shibhialta do stádas dlíthiúil

Print Page Send to a Friend

An chaoi a n-athraíonn páirtnéireacht shibhialta do stádas dlíthiúil

Eolas

Is conradh ceangailteach dlíthiúil sibhialta atá i bpáirtnéireacht shibhialta. Ardaíonn dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta go leor cúinsí dlíthiúla fadiarmhartacha atá cosúil go ginearálta leis na cúinsí dlíthiúla i bpósadh. Athraíonn sé do staid dhlíthiúil, fiú i ndiaidh báis.

Athraíonn páirtnéireacht shibhialta do theidlíochtaí agus d’oibleagáidí i ndáil le:

Cúinsí eile de pháirtnéireacht shibhialta

Dliteanas sibhialta: d’fhéadfaí go bhfuil páirtnéir sibhialta in ann agair mar gheall ar bhás éagórach a p(h)áirtnéir sibhialta, áit ar chúis a b(h)áis neamart nó éagóir dhuine eile agus a raibh gortú nó anbhuain meabhrach ar an marthanóir mar thoradh air.

Meabhairshláinte: is féidir le páirtnéir sibhialta cur isteach ar iontráil ainneonach chuig institiúid shiciatrach do pháirtnéir sibhialta a bhfuil galar intinne air (ar choinníoll nach bhfuil na páirtithe scartha agus ar choinníoll nach bhfuil sé ina ábhár d’iarratas faoi na hAchtanna um Fhoréigin Baile).

Cumhacht aturnae: caithfear páirtnéir sibhialta a bheith curtha ar an eolas faoi chlárú cumhacht aturnae seasmhach. Ar an gcaoi chéanna, scoirtear bailíocht chumhacht aturnae seasmach i bhfábhar pháirtnéir sibhialta má dhíscaoiltear an pháirtnéireacht nó tá ordú sábháilteachta nó urchoisc in aghaidh an pháirtnéir sibhialta.

Aighnis réadmhaoine: féadfaidh páirtnéir sibhialta cur isteach chuig na cúirteanna do chinneadh i ndáil le haighnis faoi réadmhaoin idir é agus a p(h)áirtnéir.

Tionóntachtaí: Faoin Acht Tionóntachtaí Cónaitheacha 2004 féadfaidh páirtnéir sibhialta teacht i gcomharbacht ar thionóntacht ar bhás a p(h)áirtnéara.

Iarcheilí a théann isteach i bpáirtnéireachtaí sibhialta

Go héifeachtúil, cailleann iarchéilí a théann isteach i bpáirtnéireachtaí sibhialta a stádas mar iarchéilí. Faoin reachtaíocht cholscartha, leantar leis an gceart atá ag iarchéilí cur isteach chuig na cúirteanna ar orduithe cothábhála agus réadmhaoine. Nuair a théann siad isteach i bpáirtnéireachtaí sibhialta, áfach, athraíonn sé seo. Téann orduithe cothabhála agus orduithe coigeartaithe pinsin i bhfábhar iarchéile i léig má théann an chéile sin isteach i bpáirtnéireacht shibhialta. Ní fhéadfaidh go ndéanfaí ordú coigeartaithe réadmhaoine ar leas an iarchéile má tá an chéile sin cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 May 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.