Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Páirtnéireachtaí shibhialta > Páirtnéireacht shibhialta agus teidlíochtaí leasa shóisialaigh

Print Page Send to a Friend

Páirtnéireacht shibhialta agus teidlíochtaí leasa shóisialaigh

Eolas

Do chuspóirí an chuid is mó d’éilimh leasa shóisialaigh (mar shampla, éilimh Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta and Liúntas Leasa Forlíontach) caitear le lánúineacha comhchónaitheacha, daoine i bpáirtnéireachtaí sibhialta agus lanúineacha pósta mar an gcéanna. Rachaidh do stádas sibhialta i bhfeidhm ar do Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) nó do Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach), áfach.

Ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar Phinsean Baintrí/Baintrí Fir/Páirtnéir Sibhialta Marthanaigh ach amháin má bhásaíonn do pháirtnéir sibhialta. Ní bheidh tú i dteideal an phinsin seo má théann tú isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nua nó má phósann tú.

An áit le cur isteach air

Má tá amhras ort faoin gcaoi a chuirfidh do stádas sibhialta isteach ar d’éileamh, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil. I gcás liúntas leasa forlíontach, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Leasa Pobail i d’Ionad Leighis áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 May 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.