Tugadh isteach scéim chlárúcháin pháirtnéireacht shibhialta reachtúil do lanúineacha chomhghnéis in Eanair 2011 faoin Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Cearta agus Oibleagáidí ar Leith do Chomhchónaitheoirí 2010. Leagann an tAcht amach na cearta agus na hoibleagáidí atá ag páirtnéirí sibhialta dá chéile. Tá siad seo go leathan mar an gcéanna leis na cearta agus oibleagáidí atá ag lanúineacha phósta dá chéile. Ní athraíonn an tAcht an dlí ar shaincheisteanna i ndáil le leanaí, mar shampla, caomhnóireacht, uchtú, cúram, rochtain ná cothabháil.
Ar chlárú pháirtnéireacht shibhialta, caitear le páirtnéirí sibhialta ar an mbealach céanna le céilí faoi chóid chánach agus leasa shóisialaigh. Rinneadh athruithe riachtanacha ar na cóid leasa shóisialaigh tríd an Acht um Leasa Shóisialaigh agus Pinsin 2010. Rinneadh athruithe cánachas tríd an Acht Airgeadais (Uimh. 3) 2011 (pdf). Féach ar na gCoimisinéirí Ioncaim Ceisteanna Coitianta ar Pháirtnéireacht Shibhialta (pdf).
Tá ordú ag aithint cineáil pháirtnéireachtaí sibhialta mar chaidrimh dhlíthiúla déanta ag an Aire Dlí agus Cirt agus Athchóiriú Dlí atá cláraithe i dtíortha eile agus a chomhlíonann critéir ar leith.
Faoin scéim is féidir le lanúineacha comhghnéis a gcaidreamh a chlárú mar pháirtnéireacht shibhialta. Tá ar an Ard-Chláraitheoir clár de pháirtnéireachtaí sibhialta, clár de pháirtnéireachtaí sibhialta a dhíscaoileadh agus clár de neamhniú pháirtnéireachtaí sibhialta a choinneáil. Tá na rialacha agus próisis chláraithe go leathan mar an gcéanna dóibh siúd do chlárú phósadh sibhialta, neamhniú pósta agus colscaradh.
Tá fáthanna éagsúla leis an bhfáth nach bhféadfaí cead a thabhairt daoibh a bheith in bhur bpáirtnéireachtaí sibhialta – go dlíthiúil, tugtar constaicí orthu seo. Is iad na príomhchinn ná aois, caidreamh gaol fola agus pósadh nó páirtnéireacht shibhialta bhailí atá ann cheana.
Chomh maith le rudaí eile, ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú fógra trí mhí do do rún dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta a thabhairt. Caithfear searmanas pháirtnéireacht shibhialta a reáchtáil ag ionad cheadaithe.
Is féidir leis na cúirteanna foraithne neamhnithe ar pháirtnéireacht shibhialta a bhronnadh go leathan ar an mbealach céanna a bhronntar foraitheanta neamhnithe ar phósadh. Tá na cúirteanna in ann freisin páirtnéireachtaí sibhialta a dhíscaoileadh ar bhealach cosúil le bronnadh colscartha. Tá na rialacha ag rialú páirtnéireachtaí shibhialta a dhíscaoileadh difriúil, áfach.
Féadfar orduithe ar nós orduithe cosanta, orduithe cothábhála agus orduithe coigeartaithe pinsin a dhéanamh i gcúrsa imeachtaí cúirte do pháirtnéireachtaí sibhialta a dhíscaoileadh ar an mbealach céanna gur féidir a leithéid d’orduithe a dhéanamh in imeachtaí idirscaradh breithiúnach agus colscartha.
Neamhchosúil le himeachtaí colscartha, ní chaithfidh comhairleoirí dlí na bpáirtnéirí sibhialta féidearthacht réitigh, idirghabhála nó comhroghanna eile do dhíscaoileadh a phlé. Féadfaidh an chúirt imeachtaí a chur ar atráth, áfach, chun a leithéid do chomhroghanna a éascú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.